Ceapachán chuig an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh
- Foilsithe: 27 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Ar ainmniúchán Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga, tá an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., tar éis Emma Gonoud a athcheapadh ar an gComhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh ón 23ú Meán Fómhair 2022, go dtí an 4ú Lúnasa 2026.
Emma Gonoud
Is í Emma Gonoud an Bainisteoir na Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i réigiún Laoise/Uíbh Fhailí. Tá sí teiripeoir urlabhra agus teanga ar bun aici ón mbliain 1995 i leith. Tá Baitsiléir Eolaíochta bainte amach aici sa Staidéar Cliniciúil Urlabhra agus Teanga ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (CTBÁC) chomh maith le Máistreacht Eolaíochta i mBainistíocht Seirbhísí Sláinte.
Is í Emma ionadaí na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga ar ghrúpa teicniúil náisiúnta an FSS um thuairisciú náisiúnta na méadrachta agus an staidrimh agus d'fhreastail sí mar ionadaí na dteiripeoirí urlabhra agus teanga idir na blianta 2016 agus 2017 ar Athbhreithniú Náisiúnta FSS ar Sheirbhísí Teiripe Urlabhra agus Teanga. Bhí sí ina ball gníomhach de Chumann na hÉireann um Theiripeoirí Urlabhra agus Teanga (CÉTUT) ar feadh a gairme agus d’fhóin sí ar Chomhairle CÉTUT idir na blianta 2000 agus 2008.