Ceapachán chuig an mBord Taighde Sláinte
- Foilsithe: 18 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis feachtais ar Poistphoiblí, tá Martina Ní Chúlain ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly mar chomhalta ar an mBord Taighde Sláinte le héifeacht ón 15 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2029.
Martina Ní Chúlain
Tá Martina Ní Chúlain ina Stiúrthóir ar Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis i gColáiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe. Sa phost ceannaireachta sinsearach seo, oibríonn sí ar leibhéal straitéiseach, ag déanamh naisc idir earnáil an oideachais agus cúram sláinte, gníomhaireachtaí rialtais, carthanais agus lucht tionscail. Tá Martina freagrach as pleanáil straitéiseach gnó agus as maoirseacht a dhéanamh ar phunann éagsúil de ghníomhaíochtaí creidiúnaithe oideachais cliniciúla agus taighde, lena n-áirítear trialacha cliniciúla rialaithe agus neamhrialaithe agus bainistíocht ar chláir oideachais cúram sláinte creidiúnaithe i réimsí amhail Leigheas, Altranas agus Cnáimhseachas, Teiripe urlabhra agus theanga, Teiripe Shaothair, Míochaine Phéidiatrach agus Cúram Sóisialta.
Céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe í Martina, agus tá B.Sc. (Onóracha) sa Bhiteicneolaíocht agus PhD i Micribhitheolaíocht Leighis aici. Thosaigh sí leis an Ollscoil in 2009 tar éis di a bheith ag obair roimhe seo sna hearnálacha feistí leighis agus cógaisíochta, agus ó 2015 i leith tá ról an Stiúrthóra um Fhorbairt Straitéiseach agus Feabhsú Próisis aici. Bhí roinnt príomhróil cheannaireachta ag Martina freisin, lena n-áirítear Ceann Iontrála agus Oifigeach le freagracht as Pleanáil Acadúil agus Acmhainní, agus bhí sí i gceannas ar chláir acadúla nua agus ar thionscadail forbartha caipitil. Tá taithí fhairsing aici ar cheannaireacht ardoideachais, rialachas, airgeadas, tairiscint a dhéanamh maidir le píosaí móra taighde, bainistíocht athruithe agus forbairt ar thaighde sláinte. Tá Martina ina ball freisin de bhord CORU, an Rialtóir Gairmeacha Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, ó 2022 i leith.