Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Bhord Clárúcháin na nGairmithe Radharceolaíochta ón 8 Márta 2021 go dtí an 7 Márta 2025:
Iníon Fionnuala McGee
Is abhcóide cáilithe í Iníon McGee a bhfuil cúlra aici sa dlí rialála. Tá a ról reatha leis an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach áit ina bhfuil sé ina bainisteoir náisiúnta ar imscrúduithe speisialta. Is éard atá i gceist leis an ról, inter alia, bainistíocht imscrúduithe agus imscrúduithe san ionad oibre a dhéanamh, agus beartais náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt i gcomhairle le páirtithe leasmhara ar fud na hearnála.
D’oibrigh sí roimhe seo mar chomhairle dlí leis an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) áit ar thug sí comhairle ar shaincheisteanna dlíthiúla, rialachais agus rialála agus bhí sí freagrach as oiliúint dlí agus ionduchtú cigirí nua, lena n-áirítear oiliúint sa dlí riaracháin agus sna prionsabail a bhaineann le rialachán maith.
Tá neart taithí ag Fionnuala ón tionscal príobháideach, tar éis di a bheith ag obair i roinnt ról teicneolaíochta agus comhairleoireachta go hidirnáisiúnta.
Chomh maith lena cáilíocht Abhcóide sa Dlí, cháiligh Fionnuala freisin le BSc (Onóracha)(1:1) i Sláinte Comhshaoil (Ollscoil Uladh), MSc in Eolaíocht Ríomhaireachta agus Feidhmchláir (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) agus thug sí faoi chúrsaí bainistíochta leis an IPA, IMI agus Scoil Chéimithe Gnó Michael Smurfit ag UCD.