Ceapachán chuig Bord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta
- Foilsithe: 26 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Ar ainmniú an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Núalaíochta agus Eolaíochta, tá Stephen Donnelly T.D., tar éis an duine seo a leanas a athcheapadh mar bhall de Bhord Clárúcháin na nOibrithe Sóisialta ón 23 Feabhra 2021 go dtí an 4 Lúnasa 2024:
An Dochtúir Perry Share
Is é an Dochtúir Share Ceann Rath na Mac Léinn ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Sa ról sin tá sé freagrach as comhordú agus comhtháthú seirbhísí agus tionscnamh ag an Institiúid a sholáthraíonn timpeallacht fhoghlama, teagaisc agus shóisialta atá tacúil agus éascaitheach.
Tá taithí os cionn daichead bliain ag an Dochtúir Share san earnáil ardoideachais in Éirinn agus san Astráil, le breis agus 25 bliain ag leibhéal bainistíochta sinsearaí. Ó 2017-2020 bhí sé ina Bhainisteoir Tionscadail ar Chomhaontas Chonnacht-Uladh, comhaontas de na hInstitiúidí Teicneolaíochta i nGaillimh-Maigh Eo, Leitir Ceanainn agus Sligeach a bhfuil léirithe acu gur mian leo Ollscoil Teicneolaíochta a fhorbairt don Iarthar/Iarthuaisceart. Roimhe sin bhí sé ina Cheann de Scoil Ghnó agus Eolaíochtaí Sóisialta (2014-2017) agus ina Cheann ar Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta (1997-2014) ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Tar éis dó cáiliú le céim céad onóracha sa Socheolaíocht ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, chaith sé 13 bliana (1984-1997) mar thaighdeoir dochtúireachta agus mar léachtóir ag ollscoileanna san Astráil.
Tá sé freagrach ag Institiúid Teicneolaíochta Shligigh as forbairt agus bainistíocht clár staidéir ó leibhéil NFQ 4-9 i roinnt réimsí, lena n-áirítear, cleachtas cúraim shóisialta, cúram agus oideachas luath-óige, infhostaitheacht, staidéir abhcóideachta, cúram caomhnóireachta agus ceannaireacht sna luathbhlianta. Tosnaíodh agus forbraíodh na cláir seo i gcomhpháirtíocht le roinnt eagraíochtaí seachtracha, lena n-áirítear Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Titimeas Éireann, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), An tÚdarás Comhionannais, Coistí Cúraim Leanaí an Chontae agus An Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Rinne sé maoirseacht freisin ar ochtar mac léinn dochtúireachta ó thús go deireadh.
Is taighdeoir sóisialta, scríbhneoir agus eagarthóir sna heolaíochtaí sóisialta é an Dochtúir Share. Tá a chuid spéiseanna taighde i réimse na róbataic shóisialta agus na dteicneolaíochtaí cúraim; teagasc agus foghlaim san ardoideachas; gairmiúlacht agus na gairmeacha sóisialta; agus socheolaíocht bia agus ithe. D’fhoilsigh sé i leabhair agus in irisí piarmheasúnaithe agus tá se ina chomhúdar de mhór-théacsleabhar amháin in Éirinn (‘A Sociology of Ireland’, 4 eagrán) agus ina chomh-eagarthóir ar cheann eile (‘Applied Social Care’, 3 eagrán) chomh maith le roinnt leabhar eile.
Bhí an Dochtúir Share ina chathaoirleach agus ina bhall de go leor painéal creidiúnaithe do Chomhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC)/ Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) agus institiúidí aonair agus bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Próisis Acadúla Institiúid Teicneolaíochta Shligigh. Taobh amuigh den saol acadúil, tá tréimhse curtha i gcrích aige le déanaí mar Chathaoirleach Ionad Dealbhóireachta Liatroma, eagraíocht ealaíon ildisciplíneach arna mhaoiniú ag An Comhairle Ealaíon atá lonnaithe i mBaile Hamaltúin, Co. Liatroma agus roimhe seo bhí sé ina bhall Comhairle de Chumann Yeats, Sligeach.
Tá saineolas an Dochtúir Share i réimse an ardoideachais, an teagaisc agus na foghlama, forbairt na ngairmeacha sóisialta agus cuir chuige nuálacha i leith an teagaisc agus na foghlama. Is buaiteoir é de Ghradam an Leas-Seansailéara um Theagasc ag Ollscoil Charles Sturt, New South Wales, agus bhuaigh an fhoireann Cúram Caomhnóireachta a raibh sé i gceannas air gradam teagaisc NAIRTL.