Ceapachán chuig Bord um Chlárlann Náisiúnta Ailse
- Foilsithe: 13 Meitheamh 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis feachtais ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS), tá Ellen Farrell ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar chomhalta den Bhord um Chlárlann Náisiúnta Ailse ón 4ú Bealtaine 2022 go dtí an 3ú Bealtaine 2026.
Ellen Farrell
Tá céim ag Ellen sa Chuntasaíocht & Airgeadas, céim Mháistreachta (MBA), Dioplóma i dTreoir Cuideachta le hInstitiúid na Stiúrthóirí agus Dioplóma iarchéime i Straitéis & Nuálaíocht. Tá ballraíocht Cheadúnach ag Ellen le Cumann na nOifigeach Comhlíonta in Éirinn (LCOI). Tá os cionn 20 bliain de thaithí idirnáisiúnta aici ar Sheirbhísí Airgeadais, agus tá dea-theist uirthi maidir le claochlú eagraíochtúil agus athrú rialála a sheachadadh. Roimhe seo bhí ceapachán aici i gComhlacht Stáit Éireannach (ReBo) a sholáthraíonn comhairle straitéiseach, bainistíochta riosca agus rialachais do chuideachtaí airgeadais in Éirinn. Faoi láthair, tá Ellen ina Stiúrthóir Comhlach ar rannán Comhlíonta Infheistíochta Domhanda de chuid Fidelity International.