Ceapachán chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis- 25 Eanáir 2024
- Foilsithe: 7 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis ainmniúcháin ó Acadamh Ríoga na hÉireann (ARÉ), Tá an tOllamh Orla Muldoon ceaptha ag an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D. ar Bhord Chomhairle na nDochtúirí Leighis le héifeacht ón 6ú Eanáir 2024 go 31ú Bealtaine 2026.
An tOllamh Orla Muldoon
Is scoláire chun tosaigh ar leibhéal domhanda í an tOllamh Muldoon atá aitheanta go hidirnáisiúnta i réimse na Síceolaíochta Polaitiúla. Is taighdeoir gníomhach í agus í an chéad bhean atá bunaithe in Éirinn chun gradam mór le rá ón gComhairle Eorpach um Thaighde ó phainéal na nEolaíochtaí Sóisialta (2020) a shealbhú. Tá an tOllamh Muldoon ina Ollamh Bunaidh le Síceolaíocht in Ollscoil Luimnigh ó 2007. Bhí baint aici le forbairt na Roinne Síceolaíochta ina raibh forbairt clár, earcaíocht foirne, éiteas taighde, cultúr agus infreastruchtúr. Roimhe sin, bhí sí ina Léachtóir le Síceolaíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus Ollscoil Uladh.