English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2025

Cheap an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, ar ainmniú an Údaráis um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA), Martin O’Halloran chuig Comhairle na nDochtúirí Leighis le héifeacht ón 12 Feabhra 2025 go dtí an 31ú Bealtaine 2028.


Martin O’Halloran

Bhí Martin O’Halloran ina phríomhfheidhmeannach ar an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta ar feadh 11 bhliain go dtí gur éirigh sé as in 2018. D’oibrigh sé i dtionscal na teileachumarsáide in Éirinn agus in RA ar feadh níos mó ná 20 bliain. Is stiúrthóir é a bhfuil taithí mhaith aige, tar éis dó a bheith ina chathaoirleach ar Bhord na hInstitiúide um Riarachán Poiblí ar feadh ceithre bliana agus ina chathaoirleach ar Chumann na bPríomhfheidhmeannach ar feadh trí bliana. Bhí sé ar roinnt bord eile san earnáil phríobháideach, chomh maith le roinnt coistí Eorpacha um shábháilteacht agus sláinte cheirde.

Tá sé ina Stiúrthóir Cairte, ina Chomhalta Cairte den Institiúid um Shábháilteacht agus Sláinte Cheirde agus ina chóitseálaí feidhmiúcháin.

Tá sé ina chomhalta freisin den Bhinse Araíonachta Aturnaetha (SDT) agus den Bhinse Araíonachta Dlí-Chleachtóirí (LPDT) agus ina chomhalta den Chomhairle náisiúnta um Shábháilteacht Othar.

Tá céimeanna aige ón Ollscoileanna Londain, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Surrey agus Ollscoil Strathclyde.