English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceapachán chuig Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann:

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Samhain 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tar éis feachtais ar Poistphoiblí, cheap an tAire Sláinte Stephen Donnelly T.D., Noel Beecher ar Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann le héifeacht ón 8 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2027.

Noel Beecher

Is Cuntasóir Cairte é Noel agus ball d’Institiúid na Stiúrthóirí. Bhí róil shinsearacha aige san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach agus laistigh de ghairm na cuntasaíochta. Faoi láthair oibríonn sé leis an Údarás Náisiúnta Iompair mar Cheann Rialachais, tar éis dó róil a bheith aige roimhe seo mar Cheann Infheistíochta Iompair agus mar Bhainisteoir ar an gClár Iompair Tuaithe.

D’oibrigh Noel ar feadh roinnt blianta le Bonneagar Iompair Éireann ag forbairt agus ag bainistiú mórthionscadail bhonneagair. Mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, rinne Noel bainistiú ar Cuideachta Árachais ECCU Teoranta, cuideachta árachais saoil ghluaiseacht na gcomhar creidmheasa in Éirinn. Bhí ról aige mar Stiúrthóir agus Príomhoifigeach Airgeadais do Mercer in Éirinn agus na cuideachtaí gaolmhara agus chaith sé roinnt blianta le PricewaterhouseCoopers.

Tá taithí ag Noel san earnáil dheonach agus é ina Chathaoirleach, ina Stiúrthóir agus ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca i roinnt eagraíochtaí a bhfuil baint acu le réimsí lena n-áirítear cúram sláinte, tithíocht, oideachas agus oiliúint. Faoi láthair tá sé ina bhall de Bhord na Seirbhíse Cúirteanna, ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta agus Riosca agus ina chomhalta den Choiste Airgeadais.