Ceapachán don Údarás Árachais Sláinte
- Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tar éis feachtas de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, cheap an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., Michael Harnett ar Bhord an Údaráis Árachais Sláinte le héifeacht ón 14ú Meán Fómhair 2023 go dtí an 4ú Iúil 2027.
Michael Harnett
Is Cuntasóir Cáilithe é Michael a bhfuil breis agus 20 bliain taithí tráchtála aige agus tá MBA bainte amach aige i Scoil Smurfit UCD. D'oibrigh sé le cuideachtaí rialáilte in Éirinn agus go hIdirnáisiúnta chun a chinntiú go gcomhlíonann siad gach dualgas reachtaíochta agus ceadúnaithe. Ina ról reatha mar Stiúrthóir Airgeadais, is é an príomhtheagmhálaí Acmhainní Daonna é do Ticketmaster in Éirinn.
Tá sé ar Bhord Ticketmaster sa Phoblacht agus i dTuaisceart Éireann agus feidhmíonn sé mar Rúnaí Cuideachta lena chinntiú go gcomhlíonann sé a chuid dualgas reachtúil.
Tá an ceapachán seo le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí Seachadadh agus Athchóiriú an PFN