Ceapachán le Bord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga:
- Foilsithe: 20 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh / athcheapadh mar chomhaltaí de Bhord Clárúcháin na dTeiripeoirí Urlabhra agus Teanga.
Avril Sheridan
Aturnae cáilithe is í Avril, agus tá 22 bliain de thaithí aici sa dlíthíocht leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil. Rinne sí ionadaíocht thar ceann Cliant i ngach réimse den Dlí Sibhialta, ag gach leibhéal Cúirte. I rith an ama sin, d'fhóin sí ar go leor Coistí agus Grúpaí Oibre sa Bhord um Chúnamh Dlíthiúil, mar Chathaoirleach agus mar Chomhalta Ginearálta araon. Tá 10 mbliana de thaithí ar Bhord ag Avril, ag fónamh mar stiúrthóir ar fhochuideachta de chuid Lloyds Banking Group, áit a raibh ról ghníomhach aici le leagan síos an chláir Rialachais Chorparáidigh agus leis an riosca a íoslaghdú.
Roimhe seo, d’fheidhmigh Avril mar Fheidhmeannach Sinsearach sa Bhaincéireacht agus bhí sí ina Príomh-Bhainisteoir Tionscadail ar roinnt tionscadal casta ar thug sí chun críche iad go rathúil. Faoi láthair, tá sí ag cleachtadh mar Idirghabhálaí agus Éascaitheoir Le Teastas.
Tá Dioplóma Iarchéime i Scileanna Breithiúnacha ag Avril ón Dlí-Chumann agus Dioplóma Iarchéime i gCinnteoireacht Leathbhreithiúnach ó Óstaí an Rí. Tá sí ag fónamh ar roinnt Coistí i gcomhlachtaí rialála agus tá sí ceaptha ar Choiste Clárúcháin agus Cleachtais Leanúnach, agus ar an gCoiste Monatóireachta, i gComhairle na nDochtúirí Leighis. Tá sí ceaptha ar an gCoiste Réamhimeachtaí agus ar Choiste an Bhoird Achomhairc in CORU. Tá sí ceaptha ar an mBord Athbhreithnithe um Dhearbhú Cáilíochta do Chuntasóirí agus Cleachtóirí Dócmhainneachta in Institiúid na gCuntasóirí Cairte freisin.
Déantar Sheridan a athcheapadh le héifeacht ón 14 Feabhra 2024 go dtí an 13 Feabhra 2028.
Colette Tully
Tá ról na Stiúrthóra Feidhmiúcháin ag Collette Tully san Oifig Náisiúnta um Iniúchadh Cliniciúil (NOCA) ó 2016 i leith. Roimhe sin, bhí Collette ina Bainisteoir Oibríochtaí do Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI), ag obair ar chlár oibre sa Mheánoirthear. D’oibrigh Collette ar feadh breis agus 20 bliain mar chuntasóir agus comhairleoir bainistíochta, ról ina raibh sí freagrach as cláir athraithe thar earnálacha éagsúla lena n-áirítear baincéireacht, árachas sláinte agus an earnáil phoiblí in Éirinn, san Astráil agus sa RA.
Déantar Tully a athcheapadh, i ndiaidh próiseas PAS, le héifeacht ón 14 Feabhra 2024 go dtí an 13 Feabhra 2028. Ceapachán le toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta is ea é.