Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Ceaptar an tUasal Fiona Ross mar Chathaoirleach ar Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh (NPHDB)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2021

Tar éis feachtas de chuid an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, tá an tUasal Fiona Ross ceaptha ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., mar Chathaoirleach ar Bhord Forbartha an Ospidéil Náisiúnta Phéidiatraicigh (NPHDB). Mairfidh an ceapachán ó 16 Mheán Fómhair 2021 go dtí 30 Iúil 2023:

An tUasal Fiona Ross

Is Cathaoirleach agus Stiúthóir Neamhfheidhmiúcháin í Fiona Ross agus tá taithí mhór aici san earnáil phoiblí agus phríobháideach araon. Shuigh sí ar 17 Bord in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe le deich mbliana anuas. Sa bhliain 2018, cheap an Rialtas í mar chathaoirleach ar Chóras Iompair Éireann (CIÉ) agus athcheapadh í don dara téarma i Meitheamh 2021. Tá Fiona freisin ina comhalta ar Bhord FSS sa choiste iniúchóireachta agus riosca. Sa Ríocht Aontaithe is Stiúthóir Neamhfheidhmiúcháin í Fiona i Rialtas na hAlban agus i mBealtaine 2020 cheap Rialtas na Ríochta Aontaite í ar Bhord Network Rail. Ina theannta sin, tá údarú ó Bhanc Ceannais na hÉireann ag Fiona tá sí ina Stiúthóir Neamhfheidhmiúcháin i JK Funds, Tilney Smith agus Williamson Europe, áit a bhfuil sí ina cathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Riosca, agus SphereInvest.

Chuir Fiona tús lena gairm bheatha mar stocbhróicéir i Londain agus chaith sí 25 bliain ag obair i ngach réimse laistigh de Mhargaí Caipitil i mBaile Átha Cliath, i Londain, in Oirthear na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe.

Sa bhliain 2010, cheap an tAire Ealaíona Fiona chun bheith i gceannas ar Leabharlann Náisíúnta na hÉireann. Ina dhiaidh sin, lean Fiona le spéis a chur sna hEalaíona agus í ag obair don teaghlach Heaney mar Stiúthóir Neamhfheidhmiúcháin d’eastáit leabharlainne an teaghlaigh Heaney.

Bhain Fiona céim amach i gColáiste na Trionóide Baile Átha Cliath, sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus an Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta. Sa bhliain 2012 bronnadh comhaltacht sa Rialachas ar Fiona in Ollscoil George Washington sna Stáit Aontaithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat