Cuardaigh ar fad gov.ie

Nuacht

Léirithe Spéise ar Comhlacht Saineolaithe Éireann um Fhluairídí agus Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 25 Meán Fómhair 2020

Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh léirithe spéise ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí chun dhá fholúntas a líonadh ar Chomhlacht Saineolaithe Éireann um Fhluairídí agus Sláinte.

Saineolas sonrach ag teastáil i gceachtar de na réimsí seo a leanas:

  • Éiceathocsaineacht / Éiceathocsaineolaíocht
  • Eipidéimeolaíocht Fheidhmeach

Riachtanach

Cáilíochtaí acadúla láidre agus/nó cúlra taighde agus/nó saineolas i bhfeidhmiú taighde i réimsí na hÉiceathocsaineachta agus/nó na hEipidéimeolaíochta Feidhmí.

Inmhianaithe

Dearadh agus léirmhíniú staidéir taighde le saineolas/léargas ar leith ar dhearadh le haghaidh idirghabhálacha casta. Áireofar leis seo saineolas/léargas in athbhreithnithe córasacha agus i meit-anailís.

Tuilleadh Eolais

Tá téarma oifige an Chomhlachta Saineolaithe le dul in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022.

Féach an Leabhrán Faisnéise le haghaidh sonraí iomlána.

Leabhrán Faisnéise - Meán Fómhair 2020
Amharc amharc

Dáta Deiridh: 17:00 an 15 Deireadh Fómhair 2020

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat