English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

An tSláinte agus Brexit

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Lúnasa 2019
  • An t-eolas is déanaí: 9 Iúil 2024


Forléargas

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020 tar éis don dá thaobh Comhaontú Aistarraingthe a thabhairt i gcrích chun imeacht ordúil a éascú.

Leis an gComhaontú Aistarraingthe foráiltear d’idirdréimhse a chríochnaigh an 31 Nollaig 2020.

An 24 Nollaig, 2020 tháinig foirne idirbheartaíochta an AE agus na RA ar chomhaontú i bprionsabal maidir le Comhaontú Trádála agus Comhair. Déantar foráil sa Chomhaontú maidir le trádáil saor ó tharaifí, saor ó chuótaí agus do chomhar earnála i roinnt réimsí tábhachtacha.

Soláthraíonn an Coimisiún Eorpach tuilleadh faisnéise faoin gComhaontú ar a láithreán gréasáin.

I bhfianaise chomh déanach is a tugadh na idirbheartaíochtaí chun críche, mhol an Coimisiún Eorpach go gcuirfí an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach ar feadh tréimhse ón 1 Eanáir go dtí go mbeidh nósanna imeachta an AE agus na RA chun é a shocrú curtha i gcrích.

Beidh roinnt athruithe mar thoradh ar imeacht na RA as an AE, anseo in Éirinn agus dár gcomhpháirtithe AE. Tá an Roinn Sláinte, FSS agus gníomhaireachtaí ábhartha ag obair chun ullmhú do thionchar na Breatimeachta ar ár seirbhísí sláinte.

Tá sé tábhachtach go mbeadh tú ar an eolas faoi na rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis an mBreatimeacht do do shaol laethúil agus na bealaí éagsúla a bhféadfadh imeacht na RA as an AE dul i bhfeidhm ort.


Cúram Sláinte

Tá Rialtais na hÉireann agus na Breataine araon tiomanta do na socruithe cúraim sláinte atá ann faoi láthair a chothabháil, a mhéid is féidir, faoin gComhlimistéar Taistil (CTA). Faoin CTA, tá sé de cheart ag saoránaigh Éireannacha agus saoránaigh na Breataine a chónaíonn, a oibríonn sa stát eile nó a thugann cuairt air, rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte atá maoinithe go poiblí ansin. Leanfar le socruithe comhair eile Thuaidh Theas ar oileán na hÉireann.

Soláthraíonn an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA creat nua chun leanúint le rochtain ar chúram sláinte do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ag obair, ag tabhairt cuairte nó ina gcónaí sa RA ón 1 Eanáir 2021. Cuimsíonn raon feidhme na socruithe seo cóireáil phleanáilte agus cúram sláinte riachtanach.

Cógais

Leanann díol agus soláthar cógais chuig an Ríocht Aontaithe agus uaithi mar is gnách. Tá déantúsóirí cógais, mórdhíoltóirí agus cógaiseoirí ag obair go dlúth leis an Rialtas sa réimse seo agus, dá bharr sin, níl aon fhianaise ann a thabharfadh le tuiscint gur dóigh go mbeidh Éire ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna ginearálta maidir le soláthar cógais, anois nó taobh istigh d'achar gearr.

Leanfaidh na páirtithe leasmhara go léir ag déanamh dlúthmhonatóireachta ar sholáthairtí agus cuirfidh siad aon socruithe breise i bhfeidhm de réir mar is gá. Áirítear leis sin cógais atá íogair ó thaobh ama agus teocht de. Tagann cuid dár gcógas ón Ríocht Aontaithe nó tríd an Ríocht Aontaithe chun teacht go hÉirinn. Is féidir leanúint de chógais a mhonaraítear sa RA a sholáthar don AE, áfach, fad a leanann siad ag comhlíonadh chaighdeáin an AE.

Maidir le cógais a thagann tríd an RA, tá Éire i riocht maith chun soláthar ginearálta cógais a choinneáil. Tarlaíonn sé seo toisc nach mbíonn cógais de ghnáth faoi réir Comhaontuithe Saorthrádála nó seiceálacha ag teorainneacha. Tá stoic bhreise cógais ann cheana féin a chuirtear isteach i slabhra soláthair leigheas na hÉireann go tráthrialta chun aghaidh a thabhairt ar mhoilleanna tosaigh ag calafoirt, má tharlaíonn siad.

Ní gá duit cainníochtaí breise cógais nó oideas breise a ordú. Má dhéanann tú sin, d’fhéadfá cur isteach ar na leibhéil stoic atá ann cheana agus cur isteach ar sholáthar cógais d’othair eile. Ba chóir d’aon duine a bhfuil gá leanúnach aige le cógais a oideas a líonadh mar is gnáth.

Rochtain ar sheirbhísí sláinte

Soláthraíonn an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA creat nua chun leanúint le rochtain ar chúram sláinte do dhaoine a chónaíonn in Éirinn atá ag obair, ag tabhairt cuairte nó ina gcónaí sa RA ón 1 Eanáir 2021. Cuimsíonn raon feidhme na socruithe seo cóireáil phleanáilte agus cúram sláinte riachtanach.

Rochtain trasteorann ar sheirbhísí sláinte

Déantar seirbhísí sláinte trasteorann (amhail na cóireálacha cairdeolaíochta agus ailse in Allt Mhic Dhuibhleacháin, Doire agus cairdeolaíocht péidiatraice agus seirbhísí máithreachais gaolmhara i mBaile Átha Cliath) a bhainistiú trí chomhaontuithe ar leibhéal na seirbhíse. Tá socruithe comhchosúla i bhfeidhm idir na Seirbhísí Náisiúnta Otharcharranna agus Seirbhís Otharcharranna Thuaisceart Éireann chun seirbhísí otharcharranna trasteorann a sholáthar. I ngach cás, is féidir a bheith ag súil go leanfaidh seirbhísí mar seo ar aghaidh.

Cáilíochtaí a aithint

Níl an Ríocht Aontaithe (an RA) faoi cheangal ag rialacha an AE a thuilleadh i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse. Ar an ábhar sin, níl baint a thuilleadh ag Treoir an AE maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint, a cheadaigh gairmiúla saoránach Éireannacha agus an RA a chomhaithint (go leor cáilíochtaí sláinte san áireamh).

Is tábhachtach a thuiscint nach ndéanann an t-athrú seo aon difear do dhaoine ar aithníodh a gcáilíochtaí gairmiúla in Éirinn a bhain siad amach sa RA roimh dheireadh na hidirthréimhse, agus a mhalairt, (nuair a aithníodh cáilíochtaí gairmiúla Éireannacha sa RA). Áirítear leis seo iarratais a bhí á n-aithint nuair a tháinig deireadh leis an idirthréimhse.

Ó thús Eanáir 2021, próiseálfar gach iarratas ar cháilíochtaí sláinte agus cúraim shóisialta a baineadh amach sa RA a aithint in Éirinn mar iarratais ‘tríú tír’, cosúil leis an mbealach a phróiseáiltear gach iarratas a dhéantar lasmuigh den LEE. Níor cheart go n-imreodh seo aon tionchar in-aitheanta ar an bpróiseas iarratais i dtromlach na gcásanna. I roinnt bheag gcásanna, áfach, b’fhéidir go nglacfaidh an próiseas níos faide ná mar a ghlac sé faoin Treoir.

Is féidir teacht ar eolas breise ar na gairmeacha sláinte aonair ar láithreán gréasáin an rialálaí ábhartha.

Oidis a Aithint

Leanfar ag aithint oideas leighis arna scríobh ag lia-chleachtóirí cláraithe, fiaclóirí cláraithe agus altraí oideas cláraithe sa Ríocht Aontaithe in Éirinn. Tá sé seo ar an bhforas go leanfaidh cleachtóirí sa RA atá coibhéiseach leo siúd in Éirinn a bhfuil údarás saintreorach acu lean n-oideas a aithint lena ndáileadh in Éirinn.

Mar sin is féidir le saoránaigh na Ríochta Aontaithe rochtain a fháil ar chógais ar oideas amháin agus iad in Éirinn, ag baint úsáide as oideas arna eisiúint ag lia-chleachtóir, fiaclóir agus nó altra oideas atá cláraithe sa RA.

Ní bheidh oideas ar líne ó oideasóirí na RA, nó oideas arna scríobh ag oideasóirí atá lonnaithe sa RA chun soláthar ordú poist a chumasú, a eisítear do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn bailí go dlíthiúil tar éis dheireadh na hidirthréimhse áfach.

Tá socruithe comhchosúla déanta ag an RA, agus ligfidh sé seo do shaoránaigh na hÉireann leanúint dá gcógas ar oideas a rochtain sa RA, ar choinníoll go n-áiríonn a n-oideas faisnéis bhreise áirithe fúthu féin, faoina ndochtúir agus faoin gcógas. Ní athrú ar an gcleachtas reatha é seo agus tá an fhaisnéis a chaithfear a áireamh ar an oideas mar an gcéanna leis an méid a bhí riachtanach roimhe seo chun go bhféadfar oideas a d’eisigh cleachtóirí atá bunaithe in Éirinn a dháileadh sa RA roimh dheireadh na hidirthréimhse.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar an mBreatimeacht téigh chuig www.gov.ie/Brexit


Cearta maidir leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte i ndiaidh na Breatimeachta d’áitritheoirí Thuaisceart Éireann

Déanann an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an RA foráil maidir le leanúint de chearta cúram sláinte nuair atá seal á chaitheamh i Stát a chumhdaítear leis an gComhaontú.

Faoin gComhaontú, is féidir le háitritheoirí Thuaisceart Éireann leanúint ar aghaidh ag úsáid a gcuid EHIC RA reatha chun rochtain a fháil ar chúram riachtanach agus iad ag fanacht go sealadach i mBallstát (MS) eile de chuid an AE, go dtí go sroichfidh an cárta a dháta éaga. Ag an bpointe sin, féadfaidh áitritheoirí Thuaisceart Éireann ‘Cárta Domhanda um Árachas Sláinte’ (GHIC) nua a fháil, arna eisiúint ag Rialtas na RA.

Leanann an Rialtas ag aithint an tábhacht a chuirtear ar rochtain leanúnach ar chearta EHIC do mhuintir Thuaisceart Éireann. Tá áthas orainn, dá bhrí sin, go leanfar de chearta cúram sláinte faoin gComhaontú do dhaoine a chónaíonn sa RA, lena n-áirítear Tuaisceart Éireann, agus iad ag fanacht go sealadach i mBallstát eile den AE.

Cé go raibh na hullmhúcháin riachtanacha i bhfeidhm faoi dheireadh na hidirthréimhse, níl gá anois do scéim aisíocaíochta teagmhasach bheartaithe an Rialtais maidir le costais mhíochaine riachtanacha arna dtabhú ag áitritheoirí incháilithe i dTuaisceart Éireann le linn fanacht sealadach i mBallstát eile de chuid an AE. Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar an Láithreán Gréasáin an NHS, ar an gcaoi ar féidir le háitritheoirí Thuaisceart Éireann iarratas a dhéanamh ar GHIC nua.