English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Seirbhísí um Dhrugaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Meán Fómhair 2024


Tús Eolais

Tá beartas an Rialtais maidir le húsáid drugaí agus alcóil leagtha amach sa straitéis náisiúnta drugaí, An Dochar a Laghdú, Tacaíocht leis an Aisghabháil 2017 - 2025. Is éard is bonn na straitéise ná Creat Éire Sláintiúil.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis stíleanna maireachtála níos sláintiúla a chur chun cinn sa tsochaí agus daoine a spreagadh chun roghanna níos sláintiúla a dhéanamh maidir leis an úsáid drugaí agus alcóil.


Beartas Maidir Le Drugaí

Tá cúig sprioc straitéiseacha aitheanta faoin straitéis:

  • an sláinte agus an fholláine a chur chun cinn agus a chosaint
  • an díobháil a dhéantar mar gheall ar úsáid agus mí-úsáid substaintí a íoslaghdú agus an t-athshlánú agus an aisghabháil a chur chun cinn
  • aghaidh a thabhairt ar an díobháil a bhaineann le margaí drugaí agus an rochtain ar dhrugaí le haghaidh na húsáide díobhálaí a laghdú
  • tacú le daoine aonair, teaghlaigh agus pobail páirt a ghlacadh agus a bheith rannpháirteach
  • beartais agus gníomhartha fónta agus cuimsitheacha a fhorbairt atá fianaisebhunaithe

Tá Plean Gníomhaíochta 50 pointe sa straitéis ó 2017 go 2020. Tá foráil déanta ann don raon feidhme atá de dhíth chun tuilleadh gníomhaíochtaí a fhorbairt idir 2021 agus 2025.

Tagann Coiste Náisiúnta Maoirseachta, atá faoi chathaoirleacht an Aire le freagracht as an straitéis náisiúnta frithdhrugaí, le chéile uair sa ráithe chun tacú le cur i bhfeidhm na straitéise.

Is é Buan-fhochoiste an Choiste Náisiúnta Maoirseachta a spreagann cur i bhfeidhm na straitéise agus a dhéanann an comhordú idir na leibhéil náisiúnta, áitiúla agus réigiúnacha a chur chun cinn.

Tá ról lárnach ag tascfhórsaí áitiúla agus réigiúnacha drugaí agus alcóil maidir le méid agus cineál na faidhbe ina gceantair féin faoi seach a mheas agus bearta a chomhordú ar an leibhéal áitiúil.

Léigh tuilleadh faoi seribhísí andúile.


Tascfhórsaí Drugaí agus Alcóil Réigiúnacha agus Áitiúla

Cuireann tascfhórsaí áitiúla agus réigiúnacha drugaí agus alcóil an straitéis náisiúnta frithdhrugaí i bhfeidhm i gcomhthéacs na riachtanais atá sa cheantar áitiúil.

Cuirtear an straitéis i bhfeidhm trí phleananna gníomhaíochta lena ndéantar bearnaí atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn a shainaithint maidir leis:

  • an laghdú soláthair
  • an gcosc
  • an gcóireáil
  • an athshlánúchán
  • an taighde

Cuimsíonn tascfhórsaí drugaí agus alcóil ionadaithe ó raon gníomhaireachtaí ábhartha, mar FSS, na Gardaí, boird oideachais agus oiliúna, agus údaráis áitiúla, chomh maith le hionadaithe poiblí tofa agus ionadaithe ón earnáil dheonach agus phobail.


Treoir do ghrúpaí tacaíochta drugaí agus alcóil agus cláir chóireála

Cruthaíodh na treoirlínte seo a leanas chun tacú le hatosú sábháilte seirbhísí drugaí agus alcóil do dhaoine leochaileacha agus i mbaol ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh go mbeadh drochshláinte fhisiciúil agus córais imdhíonachta lagaithe ag daoine a bhfuil andúil i ndrugaí agus in alcóil acu - rud a fhágann go bhfuil siad go mór i mbaol COVID-19.

Soláthraíonn na treoirlínte seo leideanna praiticiúla maidir le conas grúpaí tacaíochta agus téarnaimh, tionscadail phobail agus cláir chóireála a oibriú ar bhealach sábháilte - go háirithe le linn Leibhéal 5 an rialtais An Plean maidir le Maireachtáil le COVID-19.


Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn “Díobháil a Laghdú, Cabhrú le Téarnamh”, 2019

Reducing Harm, Supporting Recovery Progress Report 2019
Amharc amharc