Óstálann an tAire Harris Imeacht Tábhachtach do Gheallsealbhóirí Sláinte - An tEolas is Deireanaí maidir le hUllmhacht don Bhreatimeacht
- Foilsithe: 3 Deireadh Fómhair 2019
- An t-eolas is déanaí: 3 Deireadh Fómhair 2019
Rinne Simon Harris TD, an tAire Sláinte, óstáil inniu (Déardaoin) ar an gceathrú himeacht tábhachtach do gheallsealbhóirí Breatimeachta sa Roinn Sláinte i mbliana. Chuir sé ionadaithe ó na gairmeacha cúram sláinte ar an eolas faoi phleanáil Breatimeachta ag leibhéal an Rialtais.
Thug an tAire Sláinte, Leas-Rúnaí na Rannóige um Chúram Príomhúil sa Roinn Sláinte, an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an t-eolas mionsonraithe is deireanaí maidir leis an ngníomhaíocht a rinneadh chun leanúnachas an tsoláthair cógas a chinntiú i gcás Breatimeacht gan mhargadh.
Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tAire Harris: “Saincheist lena mbaineann ríthábhacht dár saoránaigh agus don Rialtas is ea an Breatimeacht agus is maith is eol dom é.
“Tá tús áite á thabhairt d’othair na hÉireann inár n-ullmhúcháin agus tá sé mar phríomhaidhm againn a chinntiú go leanfaidh siad le rochtain a bheith acu ar chóireálacha atá éifeachtach agus cuí.
“Aithnítear an tacaíocht agus an cúnamh leantach atá á dtabhairt ag gairmithe cúram sláinte agus iad ag tabhairt faisnéis shoiléir chruinn don phobal chun a chinntiú nach gcuirfear isteach ar an soláthar cógas agus is mór againn an méid sin.”
“Ar an drochuair, tá ganntanais chógas ina ngné den mhargadh domhanda agus de mhargadh na hÉireann, beag beann ar an mBreatimeacht. Ón mbliain 2018 i leith, áfach, tá próiseas comhpháirteach idir an Rialtas agus an Tionscal i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar aon ghanntanais de réir mar a thagann siad chun cinn. Ní ann d’aon ghanntanais chógas atá bainteach leis an mBreatimeacht i margadh na hÉireann faoi láthair.
“Ba cheart d’othair leanúint lena n-oidis a líonadh mar is gnáth. Ní gá d’ospidéil, do chógaiseoirí ná d’othair méideanna breise cógas a ordú agus ní gá do dhochtúirí oidis bhreise a thabhairt ach oiread. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar na leibhéil reatha stoic agus go gcuirfí bac ar an soláthar cógas d’othair eile.
“Ba cheart do dhaoine a bhfuil údair imní acu labhairt lena ndochtúir nó lena gcógaiseoir.”
Ghabh Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine araon orthu féin socruithe an Chomhlimistéir Thaistil a chothabháil, ar faoina mbun atá sé de cheart ag saoránaigh na hÉireann agus ag saoránaigh na Breataine a chónaíonn nó a oibríonn sa stát eile nó a thugann cuairt ar an stát eile cúram sláinte a rochtain sa stát sin. Rinneadh soláthar chun a chinntiú go bhfuil i bhfeidhm againn na socruithe is gá chun comhar seirbhíse sláinte a chothabháil tar éis Breatimeacht gan mhargadh.
Is é atá i gceist leis sin leanúint leis na socruithe reatha trína bhféadfaidh saoránaigh na Ríochta Aontaithe/na hÉireann rochtain a fháil ar ghnáthsheirbhísí sláinte, ar sheirbhísí sláinte pleanáilte agus ar sheirbhísí sláinte éigeandála sa dlínse eile. Is é atá i gceist leis freisin dul i mbun comhar sláinte chun rochtain a thabhairt ar shainseirbhísí sláinte sa dlínse eile, lena n-áirítear rochtain leanúnach ar shainseirbhísí cairdeolaíochta péidiatracha ar bhonn uile-oileáin agus rochtain ar shainseirbhísí ailse.
Mar chuid den fhreagairt uile-Rialtais don Bhreatimeacht, lena n-áirítear an obair atá á déanamh againn i gcomhar leis an Aontas Eorpach, tá an Roinn Sláinte ag obair chun tacar ullmhúchán atá cuimsitheach agus comhordaithe a áirithiú ar mhaithe le leanúnachas seirbhísí sláinte a chinntiú tar éis an Bhreatimeachta.
Pléitear le cúram sláinte i gcuid ar leith (Cuid 2 – Socruithe i dtaca le seirbhísí sláinte) den Acht um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019. Foráiltear leis an gcuid sin do shásraí reachtacha lena gcumasófar socruithe riachtanacha cúram sláinte faoin gComhlimistéar Taistil a chothabháil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe. Más rud é go mbeidh siad ag teastáil, cumasófar leis na sásraí sin don Aire Sláinte Orduithe agus Rialacháin a dhéanamh chun gur féidir socruithe riachtanacha cúram sláinte a chothabháil idir Éire agus an Ríocht Aontaithe i gcás Breatimeacht gan mhargadh.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Rinne an Roinn Sláinte, FSS, an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte agus an tionscal cógaisíochta obair shuntasach chun leochaileachtaí féideartha i soláthairtí cógas tar éis an Bhreatimeachta a réamh-mheas a mhéid is féidir agus chun pleananna teagmhais a cheapadh ar mhaithe le haon rioscaí do leanúnachas an tsoláthair a íoslaghdú.
I gCaibidil 24 de Phlean Gníomhaíochta Teagmhais an Rialtais don Bhreatimeacht, tugtar mionsonraí faoin obair atá ar bun sa réimse.
Tá sé tábhachtach na nithe seo a leanas a thabhairt faoi deara:
· coinnítear stoic bhreise chógas i slabhra soláthair cógas na hÉireann mar ghnáthamh cheana féin
· ní hionann samhail soláthair cógas na hÉireann agus an tsamhail atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe
· Thug an tionscal cógaisíochta agus mórdhíoltóirí dearbhú go bhfuil siad muiníneach go mbeidh stoic leordhóthanacha acu chun aon fhadhbanna tosaigh a thiocfadh aníos ag calafoirt a mhaolú
· ní gá d’ospidéil, do chógaiseoirí ná d’othair méideanna breise cógas a ordú agus ní gá do dhochtúirí oidis bhreise a thabhairt ach oiread. Dá ndéanfaí amhlaidh, d’fhéadfadh go gcuirfí isteach ar na leibhéil reatha stoic agus go gcuirfí bac ar an soláthar cógas d’othair eile
Mar choimirce bhreise, táthar ag breithniú na gcatagóirí cógas sin a mheastar a bheith bunriachtanach don tsláinte phoiblí. Tá FSS agus an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte ag leanúint le cleachtadh breise measúnachta criticiúlachta a dhéanamh chun dearbhuithe breise a fháil ó gheallsealbhóirí, lena n-áirítear monaróirí cógaisíochta, mórdhíoltóirí agus gairmithe cúram sláinte chun an phleanáil teagmhais a rinneadh go dtí seo a fhíorú agus, nuair is gá, sainaithint a dhéanamh ar roghanna malartacha atá oiriúnach go cliniciúil ar na táirgí sin atá ríthábhachtach don tsláinte phoiblí agus a d’fhéadfadh a bheith leochaileach i leith fadhbanna soláthair. Má shainaithnítear aon fhadhb fhéideartha, déileálfar léi tríd an gcreat reatha maidir le ganntanais chógas.
Leanfar leis an obair sin go dtí an Breatimeacht agus sna míonna ina dhiaidh. Áireofar leis sin teagmháil leanúnach a dhéanamh leis an tionscal chun slabhraí soláthair a oiriúnú, nuair is gá, chun aon chur isteach féideartha a laghdú agus faireachán leanúnach a dhéanamh chun a chinntiú go gcoinneofar stoic leordhóthanacha chógas i slabhra soláthair cógas na hÉireann mar ghnáthamh.