Aibhsíonn Airí Sláinte dul chun cinn suntasach maidir le seirbhísí sláinte na mban
- Foilsithe: 27 Feabhra 2024
- An t-eolas is déanaí: 5 Márta 2024
Tá an dul chun cinn suntasach maidir le forbairt ar sheirbhísí sláinte na mban aibhsithe inniu ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly, an tAire Stáit um Shláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí Hildegarde Naughton agus ag an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta Mary Butler.
Ag teacht le tiomantas Chláir an Rialtais, tá infheistíocht de €140 milliún ó 2020 tar éis roinnt forbairtí atá ina gclocha míle a chumasú mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Shláinte na mBan 2022-2023.
San áireamh iontu tá:
• Scéim Frithghiniúint Saor in Aisce do mhná ar aois 17 - 31
• Cóireáil ADC maoinithe go poiblí aimsithe trí 6 Mhol Torthúlachta Réigiúnacha
• 16 as 20 Clinic Gínéiceolaíochta Siúlach “Féách agus Cóireáil” pleanáilte i seirbhís
• 6 Chlinic Sos Míostraithe Speisialtóra i seirbhís
• 2 Ionad Inmheatróis Speisialtóra bunaithe le haghaidh cúram casta, le 5 mhol réigiúnacha ag soláthar leibhéal tosaigh de sheirbhís
• Sainseirbhísí meabhair-shláinte imbhreithe soláthartha i ngach ceann de na 19 seirbhís mháithreachais
Dúirt an tAire Donnelly:
"Gheall mé réabhlóid maidir le cúram sláinte na mban agus tá an-áthas orm a rá go bhfuilimid ag féachaint ar thírdhreach an-difriúil anois do shláinte na mban. Dhá bhliain ar aghaidh ó Phlean Gníomhaíochta Shláinte na mBan a sheoladh, tá moil agus clinicí le haghaidh inmheatróis, torthúlacht agus meanapás bunaithe againn; tá seirbhísí scagthástála leathnaithe againn, bhunaíomar líonra de Chlinicí Gínéiceolaíochta Siúlach agus tá réimse tacaíochtaí tugtha isteach againn chun freastal ar riachtanais sláinte na mban in Éirinn thar gach tréimhse den saol.
"Tá an gá leis na seirbhísí seo soiléir agus feicimid leibhéal ard éilimh, ach go háirithe ar na Clinicí Sos Míostraithe Speisialtóra agus ar na Clinicí Gínéiceolaíochta Siúlach.
Tá an rath den Scéim Frithghiniúint Saor in Aisce soiléir chomh maith, le rochtain ag beagnach 200,000 bean ar an seirbhís seo sa chéad 10 mí de 2023.
"Agus muid ag machnamh ar na héachtanna suntasacha le blianta beaga anuas, ba mhaith liom an deis seo a thapú mo bhuíochas a ghabháil le Tascfhórsa Sláinte na mBan as a gcuid oibre go dtí seo ag éisteacht le mná agus as an ról atá acu an taithí atá ag mná maidir le seirbhísí sláinte a fheabhsú."
Dúirt an tAire Naughton:
"Tá feabhsaithe bunathraitheacha feicthe againn le blianta beaga anuas maidir leis an soláthar de sheirbhísí cúraim sláinte na mban in Éirinn againn cuireann sé an-áthas orm go bhfuil ár roinn ag díriú ar ábhair a bhí coiscthe go traidisiúnta, ar nós meanapás.
"Tá ár gcéad Fheachtas Feasachta i leith Meanapás agus an suíomh gréasáin gov – Menopause (www.gov.ie) tar éis an tuiscint i measc mná agus fir a fheabhsú, maidir leis an ngnáth ghnéith seo d'aosú.
"Anuraidh, sheol mé an Creat Meanapáis san Ionad Oibre na Státseirbhís, le mo chomhghleacaí, an tAire Donohoe. Aithníonn an Creat seo an gá atá ann d'fhostóirí slite a aithint chun tacaíocht a thabhairt do mhná a bhraitheann na siomptóim de pheirea-mheanapás agus de mheanapás."
Dúirt an tAire Butler:
"San áireamh san infheistíocht i seirbhísí meabhairshláinte na mban tá maoiniú do shainphostanna ag baint le neamhord itheacháin le 11 foireann ildisciplíneach i seirbhís, an cur i bhfeidhm de sheirbhísí meabhairshláinte imbhreithe do mhná atá ag iompar clainne chomh maith le máithreacha nua, i ngach ceann de na 19 seirbhísí máithreachais.
"Cinnteoidh obair ar an gcéad Chairt do Mheabhairshláinte na mBan an soláthar de sheirbhísí sláinte saincheaptha, ag cur san áireamh go mbíonn taithí difriúl ag mná uaireanta ó inscní eile.
"Leanann an claochlú ar chúram sláinte na mban ar aghaidh, de réir mar a éiríonn linn rochtain ar sheirbhísí meabhairshláinte digiteacha a mhéadú agus ag díriú ar na riachtanais de ghrúpaí imeallaithe a shárú chun rochtain chothrom ar chúram sláinte a chinntiú do chách."
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
Leagann Plean Gníomhaíochta Shláinte na mBan 2022-2023 tosaíochtaí na mban amach do shláinte na mban, le rochtain níos tapúla ar shainsheirbhísí, foinsí eolais sláinte creidiúnacha agus eispéiris chúraim sláinte feabhsaithe. D'fhorbair an Roinn Sláinte é i gcomhpháirt leis an FSS, Clár Náisiúnta um Shláinte na mBan agus na Naíonán, an Institiúid Eorpach um Shláinte na mBan, Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann, agus Comhairle Náisiúnta na mBan na hÉireann trí obair Thascfhórsa Sláinte na mBan.
Buaicphointí maidir le Sláinte na mBan:
• Soláthraíonn An Scéim Frithghiniúint Saor in Aisce frithghiniúint saor in aisce do mhná ar aois 17 - 31.
• Tugadh seirbhísí Atáirgeadh Daonna Cuidithe (ADC) maoinithe go poiblí isteach i Meán Fómhair 2023. Tá seirbhísí seo tacaithe ag sé Mhol Torthúlachta Réigiúnacha.
• Tá 16 Clinic Gínéiceolaíochta Siúlach “Féách agus Cóireáil” pleanáilte as 20 i seirbhís iomlán, le ceithre chinn eile le hoscailt sa bhliain 2024. Chonacthas thart ar 16,000 othar sna clinicí seo sa bhliain 2023, agus meastar go soláthróidh an líonra iomlán cúram do 25,000 bean in aghaidh na bliana.
• Tá sé Chlinic Sos Míostraithe Speisialtóra i seirbhís anois, san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, an Rotunda, An Com, An tAonach, Gailleamh agus Corcaigh. D'fhreastail thart ar 1,150 bean ar na sé chlinic sa bhliain 2023.
• Sheol an Roinn Sláinte suíomh gréasáin maidir le Feasacht ar an Meanapás chomh maith le Feachtas Náisiúnta Feasachta ilmheánach ar an Meanapás.
• Tá cúig mhol réigiúnacha le haghaidh inmheatróis i seirbhís san Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, an Rotunda, An Com, Luimneach agus Gailleamh, le hearcú le haghaidh foirne iomlána idir láimhe. Tá dhá Ionad Inmheatróis Speisialtóra bunaithe le haghaidh cúram casta i dTamhlacht agus i gCorcaigh.
• Ó 2020, rinneadh €16 milliún de mhaoiniú d'fhorbairtí nua a chionroinnt ar an Straitéis Náisiúnta Máithreachais 2016 - 2026, le 180 duine nua fostaithe ar an bhfoireann. San áireamh sna forbairtí, tá svuít bhreithe Baile-ón-mBaile i 14 aonad máithreachais, sanfhoirne maidir le méala a bhunú i ngach ceann de 19 ospidéal máithreachais, 23.5 sainchomhairleoir nua maidir le lachtadh agus an oscailt de chúig mhol nua iarbhreithe.
• Tá 17 as 19 ospidéal máithreachais ag soláthar seirbhísí maidir le foirceannadh toirchis iomlán mar a ordaíodh san Acht 2018. Tosóidh seirbhísí san dá ospidéal deiridh sa bhliain 2024.
• Rinneadh fógra go mbeidh 2040 mar spriocdháta in Éirinn chun ailse ceirbheacs a dhíbirt, le hinfheistíocht suntasach sa Stráitéis um Dhíbirt na hAilse Ceirbheacs.
• Rinneadh infheistíocht de €600,000 sa Chonair Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh Náisiúnta do mhná le diaibéiteas atá ag súil.
• San áireamh san infheistíocht i seirbhís scagthástála sláinte na mban, tá €1.6m d'fhostú le haghaidh aonaid soghluaiste BreastCheck, €3.6m do sheirbhísí colpascópachta agus €1.6 milliún do chonair fhaireachas digiteach don chlár Diabetic RetinaScreen.
• Soláthraíodh €20m don fhorbairt den Saotharlann Náisiúnta Scagthástála Ceirbheacs, a bheidh ina phríomhsholáthróir de scagthástáil ceirbheacs don Seirbhís Náisiúnta Scagthástála.
• Rinneadh €8m a chionroinnt le haghaidh sainphostanna ag baint le neamhord itheacháin, le 11 foireann ildisciplíneach ag feidhmiú trasna Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail FSS.
• Tá seirbhísí meabhairshláinte imbhreithe bunaithe i ngach ceann de na 19 seirbhís máithreachais, ag leanúint múnla moil agus spóca, le 6 mhol faoi stiúir sainchomhairleoirí agus 13 suíomh spóca le bean chabhrach meabhairshláinte imbhreithe agus síciatracht-idirchaidrimh i seirbhís.