English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Cúigiú Tuarascáil Bhliantúil ar Fhógraí de réir an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil), 2018

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 1 Iúil 2024

Tá an Cúigiú Tuarascáil Bhliantúil ar an Acht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar a cheanglaítear faoi alt 20 den Acht. Clúdaíonn an tuarascáil an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Agus an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 á thabhairt isteach, ghníomhaigh an Rialtas ar threoir mhuintir na hÉireann. Bhí sé - agus tá sé - mar thosaíocht ag an Rialtas seirbhís leighis rialaithe a bheith seachadta go sábháilte agus deireadh á chur le toircheas.

Tá ábhar a fhoilsítear ar fhaisnéis atá i bhfógraí teoranta chun an riosca go n-aithneofar daoine a theorannú, go háirithe maidir le hábhar atá príobháideach agus rúnda idir othair agus a ndochtúirí.

Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil gur rinneadh 10,033 gnáthamh leighis faoin Acht in 2023.

In 2023, rinneadh 21 gnáthamh mar gheall ar bhaol don bheatha nó don tsláinte faoi na forais a leagtar amach in alt 9 den Acht; seacht de bharr riosca don bheatha nó don tsláinte i gcás éigeandála faoi alt 10; 129 mar gheall ar aimhrialtacht mharfach féatais faoi alt 11; agus 9,876 le linn toirchis go luath faoi na forais atá leagtha amach in alt 12 den Acht.

Ceanglaítear le hAlt 20 d’Acht 2018 go dtabharfar fógra don Aire Sláinte faoin dáta ar cuireadh deireadh leis an toirchis. Léiríonn na sonraí don bhliain 2023 gurb iad na míonna a raibh an líon is airde foirceann déanta ná Bealtaine (902 fógra), Eanáir (878) agus Márta (874). Ba é Feabhra (683) an mhí leis an méid is lú fógraí.

Tá tuarascáil curtha isteach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freisin, mar a cheanglaítear faoi alt 18 den Acht, ar Athbhreithnithe a rinneadh i 2023. Tá an tuarascáil seo curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais freisin. Léirítear i dtuarascáil FSS go bhfuair agus go ndearna an Fheidhmeannacht dhá iarratas ar athbhreithniú in 2023. Fuarthas amach gur chomhlíon an dá iarratas na ceanglais maidir le foirceannadh dleathach toirchis.