English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Ceathrú Tuarascáil Bhliantúil ar Fhógraí de réir an Achta Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Eanáir 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an ceathrú Tuarascáil Bhliantúil ar an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018, leagtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais mar a cheanglaítear faoi alt 20 den Acht. Clúdaíonn an tuarascáil an tréimhse ón 1ú Eanáir 2022 go dtí an 31ú Nollaig 2022.

Tríd an tAcht Sláinte (Foirceannadh Toirchis a Rialáil) 2018 a thabhairt isteach, ghníomhaigh an rialtas thar ceann mhuintir na hÉireann. Bhí sé - agus tá - mar thosaíocht ag an Rialtas seirbhís a bheith seachadta go míochaine, sábháilte agus rialaithe chun toircheas a fhoirceannadh.

Tá ábhar a fhoilsítear ar fhaisnéis atá i bhfógraí teoranta chun an riosca aitheantais a theorannú in ábhar atá príobháideach, rúnda idir othair agus a ndochtúirí.

Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil gur tugadh faoi 8156 gnáthamh leighis san iomlán faoin Acht i 2022.

In 2022, rinneadh 22 nós imeachta mar gheall ar bhaol don bheatha nó don tsláinte faoi na forais a leagtar amach in alt 9 den Acht; 4 de bharr riosca don bheatha nó don tsláinte i gcás éigeandála faoi alt 10; 88 mar gheall ar aimhrialtacht mharfach féatais faoi alt 11; agus 8042 le linn toirchis go luath faoi na forais atá leagtha amach in alt 12 den Acht.

Ceanglaítear le hAlt 20 d’Acht 2018 go dtabharfar fógra don Aire Sláinte faoin dáta ar cuireadh deireadh leis an toirchis. Léiríonn na sonraí don bhliain 2022 gurb iad na míonna a raibh an líon is airde foirceann déanta ná Eanáir (783 fógra), Márta (751) agus Nollaig (752). Ba é Iúil (487) an mhí leis an méid is lú fógraí.

Ar deireadh, faoi alt 20 d’Acht 2018, bailíonn foirmeacha fógra faisnéis freisin ar chontae nó áit chónaithe na mná torracha. Ba iad na contaetha leis an líon foirceann is airde a taifeadadh ná Baile Átha Cliath (3005), Corcaigh (734) agus Luimneach (377). Ba é Liatroim an contae leis an líon is lú tuairiscí, a bhí liostaithe mar áit chónaithe na mná torracha i 48 cás. Léirigh na sonraí gurbh é Tuaisceart Éireann an áit chónaithe a fógraíodh i 12 chás, agus thaifead 5 fhógra an áit chónaithe mar shuíomh eile lasmuigh d’Éirinn.

Tá tuarascáil curtha isteach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freisin, mar a cheanglaítear faoi alt 18 den Acht, ar Athbhreithnithe a rinneadh i 2022. Tá an tuarascáil seo curtha faoi bhráid Thithe an Oireachtais freisin. Léirítear i dtuarascáil FSS go bhfuarthas 4 iarratas ar athbhreithniú (tarraingíodh siar 2 iarratas ina dhiaidh sin) agus dá bhrí sin rinneadh dhá athbhreithniú chuig an Fheidhmeannacht i 2022. Fuarthas gur chomhlíon ceann de na hiarratais na ceanglais maidir le foirceannadh dleathach toirchis agus níor chomhlíon ceann amháin na ceanglais.