English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad ghlao poiblí ar aighneachtaí maidir le hathruithe ar chláir scagthástála seolta inniu #screeningcall

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Samhain 2021
  • An t-eolas is déanaí: 29 Samhain 2021

Fáiltíonn an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh sheoladh chéad Ghlao Bliantúil an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála (NSAC) maidir le hathruithe ar chláir scagthástála in Éirinn.

Is coiste comhairleach neamhspleách é an NSAC, a bunaíodh in 2019, a thugann comhairle don Aire Sláinte faoi chláir nua scagthástála bunaithe ar dhaonra, nó faoi athruithe ar chláir atá ann cheana.

Tá an NSAC ag lorg tograí ón bpobal maidir le cláir scagthástála nua a d’fhéadfaí a ghlacadh in Éirinn, chomh maith le moltaí maidir le hathruithe ar chúig chlár atá ann cheana:

  • BreastCheck
  • CervicalCheck
  • BowelScreen
  • Clár Náisiúnta Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh
  • Clár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD;

“Is seirbhís sláinte thábhachtach í an scagthástáil a chuideoidh le daoine galar a aithint go luath. Tá lúcháir orm gur fhógair an NSAC a chéad ghlao maidir le hathruithe ar scagthástáil in Éirinn, rud a thugann seans don phobal a bheith páirteach, ar leibhéal náisiúnta, maidir le scagthástáil daonra-bhunaithe.

“Soláthraíonn Éire scagthástáil inrochtana saor in aisce faoi láthair maidir le galair éagsúla agus ó bunaíodh í tá laghdú tagtha ar ghalracht agus ar bhásmhaireacht sa daonra. Ba mhaith linn an clár seo a leathnú chun níos mó réimsí braite agus cóireála luath a chuimsiú agus a chinntiú go dtiocfaidh forbairt ar ár gcláir scagthástála le fianaise agus forbairtí nua.

“Mholfainn d’éinne a bhfuil togra acu le haghaidh clár scagthástála nua nó athruithe ar cheann de na cláir atá againn cheana an deis seo a thapú chun aighneacht a dhéanamh. Tá sé thar a bheith tábhachtach go gcloiseann an NSAC ón bpobal agus ó othair agus muid ag iarraidh beartas a fhorbairt maidir le scagthástáil ar bhealach trédhearcach agus uilechuimsitheach."

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Scagthástála (NSAC), an tOllamh Niall O'Higgins:

“Tugann fianaise áititheach ó gach cearn den domhan le fios gur féidir le scagthástáil galair a chosc, rátaí leigheas a fheabhsú, breoiteacht thromchúiseach a laghdú agus bás anaibí, agus caighdeán maireachtála níos fearr a chothú. Bainfear an luach is mó as an scagthástáil nuair a bheidh an pobal gafa go hiomlán agus go gníomhach lena fhorbairt agus lena chur i bhfeidhm.

"Tá an Coiste tar éis bogadh go céim nua dá chuid oibre tríd an gcéad ghlao bliantúil ar thograí maidir le scagthástáil sláinte daonra-bhunaithe in Éirinn a sheoladh.

"Soláthraíonn an glao seo an deis seo do rannpháirtíocht an phobail trí chláir nua, nó trí mhodhanna atá ann cheana a mhodhnú.

"Tá próiseas dian forbartha ag an NSAC chun tograí a mheas. Déanfar iarratais a mheas trí fhianaise eolaíoch bhailíochtaithe a úsáid. Beidh moltaí don Aire bunaithe ar an anailís seo.

"Tá an Coiste ar an eolas freisin faoin ngá le hathbhreithniú a dhéanamh ar chinntí go tréimhsiúil de réir mar a bhíonn faisnéis nua leighis agus eolaíochta ar fáil."

Tá an Glao Bliantúil oscailte ón lá inniu go dtí an 23 Nollaig 2021. Tá tuilleadh faisnéise maidir le conas togra a dhéanamh agus na foirmeacha iarratais a fháil ar láithreán gréasáin an NSAC ag gov.ie/screeningcall.

CRÍOCH


Nótaí don Eagarthóir:

Le haghaidh ceisteanna ó na meáin, nó iarratais ar urlabhraithe, téigh i dteagmháil le do thoil le preasoifig na Roinne Sláinte: press_office@health.gov.ie

An tOllamh Niall O'Higgins, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Scagtha Náisiúnta (NSAC) agus Jillian van Turnhout, ball de NSAC ar fáil le haghaidh deiseanna agallaimh.


screeningcall

Cad é NSAC:

Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a thugann comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte ar gach togra nua do chláir agus athbhreithnithe scagthástála daonra-bhunaithe ar chláir atá ann cheana.Tá dhá mholadh déanta ag an NSAC don Aire Sláinte ó bunaíodh é:

  • In 2020, mhol an NSAC ADA -SCID (Easnamh Dí-aimíonáise Adanóisín - Comheaspa Imdhíonachta Throm) a chur le liosta na bhfadhbanna sláinte arna scagthástáil mar chuid den Chlár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe. Tá sé seo á chur i bhfeidhm i FSS.
  • Mhol an NSAC freisin go ndéanfaí modhnú ar an gClár Náisiúnta Scagthástála Reitiní do Dhiaibéitigh in 2020, chun an t-eatramh idir thástálacha a leathnú ó bhliain go dhá bhliain do dhaoine le diaibéiteas atá i mbaol íseal reitineapaite. Laghdóidh an t-athrú seo cuairteanna agus scrúduithe clinice gan ghá d’othair a mbaineann riosca níos ísle leo.

Cad is Glao Bliantúil ann?

Tabharfaidh an Glao bliantúil seo deis don phobal a gcuid tograí a chur isteach maidir le hathruithe ar chláir scagthástála atá ann cheana agus molfaidh sé clár scagthástála nua daonra-bhunaithe lena bhreithniú ag an NSAC.

Cláir Scagthástála atá in Éirinn cheana:

Cád is scagthástáil ann?

Is éard atá i gceist le scagthástáil dhaonra-bhunaithe ná grúpaí móra daoine a scagthástáil seachas daoine aonair amháin le haghaidh galar nó riocht ar leith.

Ní tástáil dhiagnóiseach í scagthástáil.

  • Tá an scagthástáil deartha do dhaonraí daoine nach bhfuil aon siomptóm galair acu. Tá sé mar aidhm aige iad siúd a bhfuil marcóir riosca acu ar ghalar a aithint agus cóireáil luath a chinntiú.
  • Tá tástáil dhiagnóiseach deartha do dhaoine aonair a bhfuil siomptóim galair acu nó dóibh siúd a shainaithnítear le marcóir riosca lena mheas cibé an bhfuil an galar acu nó chun a dhul chun cinn a leanúint.

Tá sé mar aidhm ag cláir scagthástála daonra-bhunaithe galair agus bás sa daonra a laghdú trí ghalar a bhrath go luath agus cóireáil a thabhairt, rud a fheabhsaíonn na torthaí sláinte go mór.