English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is déanaí faoi sheachadtaí vacsaíní COVID-19 - Dé Céadaoin an 10 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Márta 2021

Is é straitéis Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh chomh tapa agus is féidir ó thaobh oibríochta de, ag tabhairt tosaíochta dóibh siúd is leochailí ó COVID-19.

Seo a leanas an t-eolas is déanaí maidir le líon iomlán na vacsaíní a seachadadh go hÉirinn:

Dáta Pfizer Moderna AstraZeneca Iomlán
Go deireadh mhí Feabhra 393,120 40,800 86,400 520,530
Seachtain 09 (w/c 01 Márta) 57,330 - 36,000 93,330
Iomlán 450,450 40,800 122,400 613,650

Amhail an 7 Márta, bhí 525,768 dáileog tugtha d’áitritheoirí agus d’fhoireann ag saoráidí cúraim chónaithe fadtéarmacha, d’oibrithe cúram sláinte túslíne agus do dhaoine os cionn 70 bliain d’aois.

Tá clár na hÉireann teoranta ag soláthar, agus caithfidh na pleananna leathadh amach a bheith solúbtha chun freastal ar imeachtaí gan choinne, mar shampla athruithe ar sholáthairtí ó dhéantúsóirí. Threoraigh déantúsóirí áirithe maolán vacsaíní a chothabháil d’fhonn a chinntiú go mbeadh an dara dáileog ar fáil.

Faoi láthair, tá 95% de na vacsaíní atá ar fáil á riaradh laistigh de sheacht lá ó thagann siad isteach sa tír.

Tá Éire tiomanta do phróiseas Chomhaontú Réamhcheannaigh an Choimisiúin Eorpaigh agus tá sí i gcónaí ag ordú a leithdháileadh iomlán pro-rata de na vacsaíní atá ar fáil. Tá vacsaíní ceannaithe ag Éirinn freisin trí gach rogha breise i bpróiseas an AE. Tá conarthaí i bhfeidhm ag Éirinn le haghaidh níos mó ná 18 milliún dáileog den vacsaín, ar leor iad chun 10 milliún duine a vacsaíniú go hiomlán, faoi réir ceaduithe rialála agus gealltanais seachadta déantúsóirí a bhaint amach. Tá an Roinn Sláinte i mbun idirchaidrimh iomláin leis an AE agus lenár gcomhpháirtithe chun soláthar cothrom agus tráthúil na vacsaíní atá ar fáil don AE a chinntiú.

Cuireadh an Tascfhórsa agus an Roinn ar an eolas faoi thairiscintí éagsúla maidir le vacsaíní a sholáthar lasmuigh de na Comhaontuithe Réamhcheannaigh, ó sholáthraithe neamhrialtasacha. Baineann siad seo go príomha le Astra Zeneca, agus dheimhnigh an chuideachta go bhfuil sí dírithe ar ghealltanais dhomhanda do rialtais agus d’eagraíochtaí sláinte idirnáisiúnta. Chuir sí in iúl don Roinn Sláinte nach bhfuil aon soláthar, díol ná dáileadh chuig an earnáil phríobháideach i bhfeidhm faoi láthair. Tá rabhadh tugtha aici má thairgeann duine vacsaíní príobháideacha, gur dóigh go bhfuil siad góchumtha.