English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An t-eolas is déanaí faoi sheachadtaí Vacsaíní COVID-19 - Dé Céadaoin an 28 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Is é straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh chomh tapa agus is féidir ó thaobh oibríochta de, ag tabhairt tosaíochta dóibh siúd is leochailí ó COVID-19.

Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtúlachta agus na cothroime, agus é mar aidhm aige drochthinneas, líon na ndaoine san ospidéal agus básanna ó ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.

Seo a leanas nuashonrú ar líon iomlán na vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, suas go dtí Dé Domhnaigh an 25 Aibreán 2021 agus an lá sin san áireamh.

Tréimhse Pfizer Moderna AstraZeneca Janssen Iomlán
Go dtí deireadh Mhí an Mhárta 2021 737,100 109,200 340,800 1,187,100
Aib-21
Seachtain 14 2021 135,720 135,720
Seachtain 15 2021 136,890 34,800 14,400 14,400 200,490
Seachtain 16 2021 136,890 19,200 36,000 192,090
Iomlán 1,146,600 163,200 391,200 14,400 1,715,400

Amhail Dé Luain an 26 Aibreán, bhí 1,417,942 dáileog den vacsaín tugtha in Éirinn.

D'iarr Moderna Inc go gcoinneofaí 50% dá vacsaín siar don dara dáileog.Ar an gcaoi chéanna, déantar méid maolánach iomchuí a thiomsú agus a choinneáil siar i gcás gach vacsaín lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil an tseachtain dar gcionn. Faoi láthair, déantar thart ar 95% de na vacsaíní atá ar fáil a riar laistigh de sheacht lá tar éis dóibh teacht go hÉirinn.

CRÍOCH