An t-eolas is déanaí faoi sheachadtaí vacsaíní COVID-19 - Déardaoin an 25 Márta 2021
- Foilsithe: 25 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Is é straitéis chlár vacsaínithe COVID-19 na hÉireann gach vacsaín atá ar fáil a dháileadh chomh tapa agus is féidir ó thaobh oibríochta de, ag tabhairt tosaíochta dóibh siúd is leochailí ó COVID-19.
Tá an clár bunaithe ar phrionsabail na sábháilteachta, na héifeachtúlachta agus na cothroime, agus é mar aidhm aige drochthinneas, líon na ndaoine san ospidéal agus básanna ó ionfhabhtú COVID-19 a laghdú.
Seo a leanas nuashonrú ar líon iomlán na vacsaíní a seachadadh go hÉirinn, suas go dtí Dé hAoine an 19 Márta 2021 agus an lá sin san áireamh.
Tréimhse | Pfizer | Moderna | AstraZeneca | Iomlán |
Go deireadh mhí Feabhra | 393,120 | 40,800 | 86,400 | 520,530 |
Márta 2021 | ||||
Seachtain 9 2021 | 57,330 | 36,000 | 93,330 | |
Seachtain 10 2021 | 60,840 | 84,000 | 144,840 | |
Seachtain 11 2021 | 59,670 | 27,600 | 9,600 | 96,870 |
Iomlán | 570,960 | 68,400 | 216,000 | 855,360 |
Amhail Dé Domhnaigh an 21 Márta, bhí 680,015 dáileog den vacsaín tugtha in Éirinn.
Cuireadh vacsaíniú le Item was unpublished or removed i rith an chuid is mó de Sheachtain 11.
D'iarr Moderna Inc go gcoinneofaí 50% dá vacsaín siar don dara dáileog. Ar an gcaoi chéanna, déantar méid maolánach iomchuí a thiomsú agus a choinneáil siar i gcás gach vacsaín lena chinntiú go bhfuil an dara dáileog ar fáil an tseachtain dar gcionn. Faoi láthair, déantar thart ar 95% de na vacsaíní atá ar fáil a riar laistigh de sheacht lá tar éis dóibh teacht go hÉirinn.