English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ar Lá Domhanda na Meabhairshláinte, cuireann an tAire Butler i gcuimhne do dhaoine cabhair a lorg más gá

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Inniu (Dé Máirt an 10 Deireadh Fómhair) rinne an tAire Meabhair-Shláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, Lá Domhanda na Meabhairshláinte 2023 a chomóradh.

Agus é ag cur béime ar an Lá Domhanda Meabhairshláinte, dúirt an tAire Butler:

“Is í an phríomhtheachtaireacht ba mhaith liom a sheachadadh inniu ná a mheabhrú do dhaoine, is cuma cén aois iad, a bheith feasach ar a thábhachtaí atá sé do mheabhairshláinte a chosaint. Tá tacaíochtaí ann más gá.

“Má tá deacrachtaí meabhairshláinte ag éinne maidir le himní, dúlagar, smaointe féinmharaithe nó eile, impím orthu cabhair a lorg gan mhoill. Tá raon leathan tacaíochtaí meabhairshláinte ar fáil in Éirinn, tríd an FFS (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) nó an iliomad gníomhaireachtaí a sholáthraíonn cúram ardchaighdeáin ar a son."

Is é an bealach is fearr le fáil amach cad iad na tacaíochtaí is fearr a d’oirfeadh do dhuine ná tríd a liachleachtóir ginearálta, nó trí chomharthaíocht faisnéise mar:

  • Ar líne ag YourMentalHealth.ie a sholáthraíonn faisnéis agus comharthaíocht ar gach tacaíocht agus seirbhís mheabhair-shláinte atá ar fáil go náisiúnta agus go háitiúil arna soláthar ag FSS agus a comhpháirtithe maoinithe.
  • Tá an saorghlao Do Líne Faisnéise Meabhair-Shláinte ar fáil 24 uair an chloig chun tacaíochtaí agus seirbhísí a aimsiú (1800 111 888).
  • téacsáil HELLO chuig 50808. Cuireann an tseirbhís tacaíocht mhothúchánach ar fáil 24 uair sa lá d’aon duine atá i ngéarchéim trí theachtaireacht téacs a ‘chomhrá’ le hoibrí deonach atá oilte agus maoirsithe.

Leantar ar aghaidh le feabhsú straitéiseach marthanach ar sheirbhísí meabhair-shláinte trí chur i bhfeidhm bheartas meabhairshláinte na hÉireann, Sharing the Vision, agus an bheartais laghdaithe féinmharaithe, Connecting for Life.

Cheadaigh an infheistíocht is mó riamh i seirbhísí meabhairshláinte le blianta beaga anuas samhlacha nua cúraim a fhorbairt, lena n-áirítear do réiteach géarchéime, dédhiagnóis, agus do mhoil nua Seirbhísí Meabhair-Shláinte Leanaí agus Ógánach (CAMHS).

Don chéad uair i stair an Stáit, tá Oifig Náisiúnta tiomnaithe do Mheabhairshláinte na nÓg i bhfeidhm san FSS. Chuir Stiúrthóir Náisiúnta Cúnta FSS nua agus Ceannaire Cliniciúil nua do Mheabhairshláinte na hÓige tús lena gcuid dualgas le déanaí.

Léiríonn oscailt an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí nua i bPort Reachrann, agus leathnú na sainfhoirne meabhairshláinte le haghaidh neamhoird itheacháin, neamhord hipirghníomhaíochta an easnaimh airde (NHEA) i ndaoine fásta, agus dédhiagnóis an tiomantas leanúnach do sholáthar agus feabhsú seirbhíse i seirbhísí meabhairshláinte.

Ag machnamh don tábhacht a bhaineann le daoine a meabhairshláinte a chosaint, dúirt an tAire Butler freisin:

“Go minic, bíonn sé deacair ag daoine comhrá a bheith acu faoina gcuid mothúchán agus tá sé tábhachtach go mbrisfimid an stiogma sin chun go mbraitheann siad níos compordaí ag lorg tacaíochta.

Is féidir le duine ar bith dul i ngleic le dúshláin mheabhairshláinte ag am ar bith ina saol, agus is féidir téarnamh a dhéanamh. Má tá brú ar dhuine ar bith, spreagaim iad chun cabhair a fháil.”