Ardán Taispeána de chuid WHO maidir leis an murtall a Chosc agus a Chóireáil oscailte ag an Aire Sláinte
- Foilsithe: 29 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’athdhearbhaigh an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, inniu gealltanas na hÉireann leitheadúlacht an rómheáchain, agus an mhurtaill in Éirinn a laghdú, rud as a dtiocfaidh torthaí sláinte feabhsaithe do go leor daoine.
Thug sí an chaint sin uaithi agus í ag cur fáilte roimh fhoireann na hEagraíochta Domhanda Sláinte um Thionscnamh Speisialta maidir le Galair Neamhthógálacha agus Nuálaíocht, agus roimh thoscairí idirnáisiúnta ón bPortaingéil, ón tSlóivéin agus ón Spáinn go Baile Átha Cliath le haghaidh Ardán Taispeána uathúil chun an murtall a chosc agus a chóireáil.
Déanfaidh an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an imeacht, a mhairfidh trí lá, á óstáil i bpáirt le hOifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip. Tá sé ceaptha chun tacú le tíortha oibriú i gcomhar lena chéile chun bainisteoireacht a dhéanamh ar an murtall i Réigiún Eorpach na hEagraíochta Sláinte Domhanda a neartú, i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Léiríonn taighde go bhfuil an murtall ar an gceathrú fachtóir riosca is mó ar domhan maidir le galair ar nós galar cardashoithíoch, diaibéiteas agus go leor cineálacha ailse.
Leis an Ardán Taispeána scrúdófar na hiarrachtaí a rinne Éire ina chuid beartas aghaidh a thabhairt ar an murtall, agus díreofar leis ach go háirithe ar Shamhail Chúraim an FSS a forbraíodh faoin Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir le Murtall 2016-2025 (OPAP), ar samhail í atá á cur i bhfeidhm faoi láthair. Roghnaíodh samhail na hÉireann mar ábhar taighde maidir le seachadadh an chúraim sláinte is fearr toisc go gcuirtear síos inti ar réitigh phraiticiúla intomhaiste chun cúram a eagrú, acmhainní foirne a fheabhsú, agus cóireáil d’othair a bharrfheabhsú.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Jennifer Carroll MacNeill:
“Is mór an onóir é Éire a bheith roghnaithe chun an tArdán Taispeána tábhachtach seo a óstáil, agus deis a bheith againn an mór-chlár oibre atá ar bun chun aghaidh a thabhairt ar an murtall a chur i dtábhacht. Is eol dúinn go mbíonn tionchar ollmhór ag torthaí neamhfhabhracha sláinte a bhaineann leis an murtall ní hamháin ar shaol na ndaoine a bhfuil murtall orthu, ach freisin ar ár seirbhísí sláinte agus ar an ngeilleagar i gcoitinne freisin. Tá ár Rialtas tiomanta aghaidh a thabhairt air seo chun sláinte an phobail san fhadtéarma a chosaint agus a fheabhsú.
“Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh i go leor ranna, gníomhaireachtaí agus grúpaí pobail chun an murtall a chosc agus a chóireáil. Leis an ardán seo tugtar deis iontach dúinn cur leis an dul chun cinn trí leas a bhaint as saineolas na hEagraíochta Sláinte Domhanda agus taithí a chomhroinnt le tíortha Eorpacha eile agus muid ag tabhairt faoi phlean nua maidir leis an murtall a fhorbairt chun tacú lenár bpobal sna deich mbliana atá romhainn.”
Dúirt an Dr Gauden Galea, Comhairleoir Straitéiseach Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip:
“Tá sé mar thosaíocht i gClár nua Oibre don Eoraip 2 ualach an mhurtaill agus na ngalar neamhtheagmhálach a laghdú, clár atá ina ábhar anois do roinnt éisteachtaí poiblí.
"Táimid buíoch de Rialtas na hÉireann as ár gcéad ardán taispeána maidir leis an murtall a óstáil. Leis an tionscnamh seo rinneadh forbairt ar an taithí a fuarthas lenár n-Ardáin Taispeána Cúraim Sláinte Príomhúil roimhe seo, ardán a d’eagraigh an Lárionad Eorpach um Chúram Sláinte Príomhúil. Cruthaítear leis suíomh uathúil tábhachtach do thíortha chun a rathúlacht, a ndúshláin agus a bpleananna don todhchaí a roinnt maidir leis an murtall agus galair neamhthógálacha a chosc agus a rialú.”
Dúirt príomhoifigeach feidhmiúcháin FSS, Bernard Gloster:
"Is dea-theist amach is amach an chuairt seo ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus óna toscaireacht ar chur chuige foriomlán FSS maidir le dul i ngleic le murtall mar ghalar ainsealach. Tá súil agam go bhfoghlaimeoidh na cuairteoirí ceachtanna uainne faoi mar atá súil againn ceachtanna a fhoghlaim uathu. Is é seo an cineál comhoibrithe a theastaíonn chun a chinntiú go mbeidh cosc agus cóireáil ar an murtaill ina ghnó do gach duine ar fud an chúraim sláinte agus sa tsochaí i gcoitinne freisin.”
Dúirt an Príomhoifigeach Míochaine Eatramhach an tOllamh Mary Horgan:
“Tá sé ríthábhachtach raon iomlán tionscnamh a fhorbairt agus a sheachadadh lena n-áirítear cur chun cinn na sláinte agus an murtall a chosc agus, rud atá ríthábhachtach, seirbhísí a bheith ann chun murtall a bhainistiú agus a chóireáil ar feadh an tsaoil. Is tráthúil an chuairt í mar is féidir linn athbhreithniú a dhéanamh ar an méid a baineadh amach leis an mBeartas agus an Plean Gníomhaíochta reatha maidir leis an Murtall, agus úsáid a bhaint as an ardán seo chun plean gníomhaíochta nua a fhorbairt do na deich mbliana atá romhainn.”
Nótaí don eagarthóir:
- Tá Ardán Taispeána WHO ceaptha chun malartuithe idir tíortha a éascú, rud a chuireann ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar shamhlacha cúram sláinte a fheidhmíonn go maith. Ar na hardáin seo tá fáil ar réitigh phraiticiúla chun cúram a atheagrú, rialachas a fheabhsú, acmhainní daonna a fheabhsú, agus seachadadh seirbhíse a bharrfheabhsú.
- Féachadh le “Meáchan Sláintiúil d’Éirinn”, Beartas agus Plean Gníomhaíochta maidir leis an Murtall (2016-2025) (OPAP) treochtaí maidir leis an rómheáchan agus maidir leis anmurtall a aisiompú, aimhréidheanna a chosc agus tionchar foriomlán an mhurtaill ar dhaoine aonair, ar an tsochaí i gcoitinne agus ar an ngeilleagar a laghdú. I measc na ngníomhaíochtaí sa Phlean sin tá cláir oideachais, tionscnaimh maidir le cur chun cinn na sláinte agus bearta coiscthe, agus seirbhísí chun an murtall a chóireáil agus a bhainistiú ar fud na seirbhíse sláinte.
- Déanfaidh toscairí ag Ardán Taispeána WHO staidéar ar shamhail chúraim na hÉireann maidir leis an murtall sna trí lá atá romhainn trí chuairteanna ar suíomhanna, trí phlé a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus trí thionscnaimh sláinte poiblí a phlé amhail rátaí beathú cíche, cánachas, athfhoirmliú bia agus rialáil margaíochta.
- Is céim riachtanach é an plean géaraithe domhanda chun deireadh a chur leis an murtall maidir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3.4 na NA a bhaint amach, agus is ullmhúchán tábhachtach é do Chruinniú Ardleibhéil na NA ar Ghalair Neamhthógálacha a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair 2025.