Athdhearbhaíonn an tAire Sláinte tiomantas na hÉireann d'fhorbairt an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Paindéime ag cruinniú le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO) i mBaile Átha Cliath
- Foilsithe: 18 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'athdhearbhaigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly tiomantas na hÉireann do chonradh idirnáisiúnta a chur chun cinn atá dírithe ar chosc, ullmhacht agus freagairt paindéime a neartú i ndiaidh na paindéime COVID-19.
Pléadh an comhaontú atá beartaithe idir ballstáit na hEagraíochta Domhanda Sláinte ag cruinniú i mBaile Átha Cliath idir Airí Sláinte na hÉireann agus Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, an Dr Tedros Adhanom Ghebreyesus, Stiúrthóir Feidhmiúcháin EDS um Éigeandálaí, an Dr Mike Ryan, agus Oifigeach Teicniúil an WHO, an Dr Cindi Lewis.
Tá foireann EDS in Éirinn le haghaidh cainteanna maidir leis an gcoinbhinsiún paindéime atá le teacht agus le hathchóiriú ar Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, taithí na hÉireann le Cumhdach Sláinte Uilíoch, lucht saothair sláinte a neartú agus maoiniú inbhuanaithe ar obair EDS amach anseo.
In éineacht leis an Aire Donnelly ag an gcruinniú, bhí an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, chomh maith leis an bPríomhoifigeach Leighis, Breda Smyth agus an Príomhoifigeach Altranais, Rachel Kenna.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tacaíonn Éire go láidir le ceannaireacht EDS san ailtireacht dhomhanda sláinte. Le linn na paindéime, bhí ról lárnach ag EDS, ag cabhrú le tíortha chun tionchar COVID-19 ar ár gcórais cúraim sláinte a thuiscint, a sheasamh agus a shárú ar deireadh, agus sin an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach conradh idirnáisiúnta a fháil chun paindéimí amach anseo a bhainistiú.
"Tá a fhios againn go bhfuil an domhan ag breathnú, go bhfuil na geallta ard, agus go bhfuil práinn leis. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gur deis ó ghlúin go glúin é seo freisin, deis a aithnímid nár cheart dúinn a chailliúint.
“Tá áthas orm go bhfuil maoiniú méadaithe faighte agam i mBuiséad Sláinte 2024 do ranníocaíochtaí measúnaithe na hÉireann leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is ardú é seo ó €1.5 milliún in 2023 go dtí an spriocleibhéal €3.7 milliún ó 2024, i bhfad roimh spriocdháta 2029."
Dúirt an tAire Stáit, Mary Butler:
“In ainneoin go leor dúshlán, tá dul chun cinn maith déanta ag Éirinn le fiche bliain anuas nó mar sin, maidir le cúram meabhairshláinte a athrú ó bhonn ar gach bealach. Tá Éire tiomanta d'idirphlé idirnáisiúnta, comhroinnt eolais agus réiteach fadhbanna maidir le meabhairshláinte a leathnú, agus tacaím go mór le m’oifigigh a chuireann go mór le hobair an-tábhachtach den Chomhghuaillíocht Mheabhairshláinte Uile-Eorpach EDS."
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:
“Cuireann Éire fáilte roimh an gcomhoibriú agus tacaíocht leanúnach a chuireann EDS ar fáil chun caibidlíocht an Ghrúpa Oibre maidir le leasuithe ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta agus ar an gComhlacht Caibidlíochta Idir-Rialtasach chun an Comhaontú Paindéime a chur chun cinn. Tá cúram dúshlánach ach stairiúil os comhair an Chomhlacht Caibidlíochta Idirnáisiúnta."
Dúirt Rachel Kenna, Príomhoifigeach Altranais na hÉireann,
“Tá m'oifig ag obair go dlúth leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ag fiosrú an bhféadfaí comhaontuithe déthaobhacha saothair a dhéanamh le tíortha eile maidir le cur leis an lucht saothair altranais in Éirinn, le haltraí cáilithe thar lear. Le cabhair ó EDS ar an tionscnamh seo, tá dul chun cinn suntasach déanta idir Éirinn agus an gCéinia.
“Rinneadh cleachtadh scóipe chun bonn eolais a chur faoinár seasamh, i gcomhréir le Cód Cleachtais Domhanda EDS maidir le hEarcú Idirnáisiúnta Pearsanra Sláinte, agus chun tiomantas na hÉireann do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG) 3 (dea-shláinte agus folláine) a chur san áireamh."