English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bearta nua fógartha ag an Aire Donnelly chun róphlódú a laghdú in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Aibreán 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Thug an tAire Sláinte, Stephen Donnelly cuairt inniu ar Ospidéal na hOllscoile, Luimneach (UHL) áit ar bhuail sé leis an mbainistíocht, lena n-áirítear An tOifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach Sandra Broderick, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Bernard Gloster, chomh maith le comhairleoirí agus ceannairí cliniciúla eile.

Go náisiúnta, go dtí seo i mbliana chonaiceamar méadú 11.5% (37k) ar líon na ndaoine a bhí i láthair ag Ranna Éigeandála (EDanna) i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023. Dóibh siúd atá 75+ bliain d'aois, tá ardú 16% (7,000) le feiceáil.

In ainneoin seo, ciallaíonn acmhainn bhreise mar aon le hathchóirithe leanúnacha go bhfuil líon na n-othar ar thralaithe tite 10.4% (3.3k).

Is ag UHL atá an líon is mó daoine sa tír ag fanacht ar thralaithe le haghaidh leapa ospidéil.

In 2024 go dtí seo, as na daoine ar fad a bhí ag fanacht ar thralaithe sa tír, tharla 17% de chásanna ag UHL, ospidéal a bhfuil 6% de thinreamh na Roinne Éigeandála aige, agus 6% de thinreamh na ndaoine os cionn 75 bliain ann.

In UHL, in 2024 chonaiceamar méadú 14% (2.4k) ar líon na ndaoine a bhí i láthair ag ED i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2023.

Tháinig méadú 49% (1.6k) ar líon na n-othar ar thralaithe.

As na cúig ospidéal leis an líon is airde othar ar thralaithe, is é UHL an t-aon cheann a léiríonn méadú ar líon na dtralaithe do 2024.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ní féidir liom glacadh leis an bhfadhb leanúnach seo mar Aire, agus is cinnte nach bhfuil sé inghlactha ag muintir an réigiúin seo ach an oiread.

“Chun dul i ngleic leis a bhfadhb seo, d'aontaigh mé le FSS roinnt beart a chur i bhfeidhm a chabhróidh, tá súil agam, leis:

  • Cuireadh tús le próiseas soláthair chun an tAonad Altranais Pobail nua 50 leaba a chur i ngnímh san Aonach mar áis fo-ghéarmhíochaine agus athshlánaithe don ospidéal seo ar feadh bliana go dtí go n-osclófar an chéad bhloc 96 leaba.
  • Tá cinneadh déanta againn próifíl na leapa sa bhloc nua seo a athrú ó 48 leaba nua go 71 leaba nua. D'iarr mé freisin go gcuirfí tús le hearcaíocht in 2024 le bheith réidh láithreach in 2025.
  • Tá sainordú tugtha agam go ndéanfar gach iarracht chun dlús a chur leis an dara bloc 96 leaba atá le tógáil anseo ag UHL, tar éis oibreacha cumasúcháin a cheadú don tionscadal sin anuraidh. Tá tús curtha leis na hoibreacha sin.
  • Soláthrófar 20 leaba aistrithe & athshlánaithe buan eile i gContae an Chláir
  • Tá 16 leaba mearthógála breise le coimisiúnú ar an láthair agus beidh an acmhainn sin ar fáil roimh bhorradh an gheimhridh seo chugainn.
  • Tá na huaireanta oscailte den trí Aonad Géarmheasúnaithe Leighis an réigiúin san Aonach, in Inis agus i St John's le síneadh go dtí 24/7 ar bhonn céimnithe.
  • Leathnófar foireann shábháilte chuig gach barda in UHL de réir an rolladh amach náisiúnta.
  • Tá UHL le bheith ar cheann de dhá shuíomh tástála náisiúnta le haghaidh Bardaí Fíorúla Géarmhíochaine.
  • Cuirfidh UHL seirbhísí dochtúirí teaghlaigh agus Ardchleachtóirí Altranais ar fáil don ED chun róphlódú a laghdú agus ligfidh sé d'fhoireann ED cóir leighis a chur ar othair go práinneach agus ar bhonn éigeandála.

"Tá na bearta nua seo sa bhreis ar mhéadú 41% ar an bhfoireann ag UHL ó 2019, agus 108 leaba sa bhreis ó 2020. Tá méadú 44% tagtha ar leithdháileadh buiséid don Ospidéal seo ó 2019 go dtí €383 milliún in 2023."

Bhuail an tAire Donnelly freisin le grúpaí ionadaíocha d'fhoireann altranais agus NCHD. Le gach duine ar bhuail sé leo, dheimhnigh an tAire gurb iad na hospidéil sin is fearr a fheidhmíonn ó thaobh tralaithe de ná iad siúd a d'athraigh an bealach a n-oibríonn siad, chun freastal níos fearr ar riachtanais na bpobal timpeall orthu.

Dúirt an tAire:

“Tá na hospidéil sin atá ag cur feabhais ar a bhfeidhmíocht, ag déanamh amhlaidh trí mheascán d'acmhainní méadaithe – tá níos mó leapacha agus níos mó foirne againn ar fud na seirbhíse sláinte cé nach bhfuil siad chomh mór céanna agus atá anseo i Luimneach – agus cleachtais oibre leasaithe.

“Dá bhrí sin, d'iarr mé agus táim ag súil go bhfeicfimid anseo in UHL an méid seo a leanas:

  • Go ndéantar cinnteoirí sinsearacha a chur ar an uainchlár ar an láthair, sa Roinn Éigeandála agus ar fud an ospidéil, i ndiaidh na ngnáthuaireanta oibre agus ag an deireadh seachtaine. Tá Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, sa 9ú háit sa tír maidir le scaoileadh amach ag an deireadh seachtaine, rud nach mór a fheabhsú. Rachfar i dtreo córais uainchláir láithreach ar feadh tréimhse sé lá agus, nuair is féidir sin de réir conartha, ar feadh tréimhse seacht lá.
  • Cur chuige Uile-Ospidéil i leith cóireáil a chur ar othair sa Rannóg Éigeandála, lena n-áirítear láithreacht comhairleoirí nach comhairleoirí de chuid na Rannóige Éigeandála iad chun tacú lena gcomhghleacaithe sa Roinn Éigeandála nuair is gá sin.
  • Foireann láidir um sreabhadh othar a bheith ann 7 lá sa tseachtain.
  • Rochtain a bheith ann ag an deireadh seachtaine ar dhiagnóisic atá sceidealaithe don RÉ.
  • Go mbeidh tacaíocht phobail agus tacaíocht ó Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta ann maidir le scaoileadh amach ag an deireadh seachtaine, le huainchláir 7 lá.
  • Feachtas spriocdhírithe chun líon na gcomhairleoirí ar an gConradh 'Poiblí Amháin' do Chomhairleoirí in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, a mhéadú. Athbhreithniú ar an gcaoi chun na baill foirne atá ar an gconradh sin a imscaradh ar bhealach níoos feaarr chun an cumas cinnteoireachta a leathnú.
  • Córas aonair maidir le Bainistiú Leabacha agus Foireann aonair um Sreabhadh Othar san Iarthair Láir: Tiocfaidh gach leaba nach leaba fhadchónaithe í – idir leabacha ospidéil agus leabacha pobail - faoi chóras bainistithe leabacha amháin agus an sreabhadh faoi bainistiú ag duine amháin.
  • Go rachaidh Foireann um Chuimsiú Sóisialta ón Ospidéal chuig an bPobal i ngleic leis na dúshláin dhéimeagrafacha agus shóisialta as a dtagann ró-úsáid na gconar ospidéil.
  • Go gcuire Foireann Idirchaidrimh Péidiatraiceach CAMHS rochtain ar fáil do na bardaí péidiatraiceacha chun tacú le leanaí a bhfuil riachtanais mheabhairshláinte acu.
  • Maidir leis an bhfoireann Pobail um Bainistiú Galar Ainsealach – déanfaimid an fhoireann sin agus an fhoireann ICPOP (an Clár Cúraim Chomhtháite do Dhaoine Scothaosta) a athshannadh chuig na ceantair daonra is mó riachtanas.
  • Tá gach clár cliniciúil agus athchóirithe náisiúnta le húsáid chun tairbhe láithreach an ospidéil. Tá Bainistíocht Atreoraithe Lárnach agus Athbhreithnithe arna dTionscnamh ag Othar maidir le cúram atá sceidealaithe le tabhairt isteach.
  • Bainistíocht Shinsearach a bheith ar an 'Urlár' go luath ar maidin: Déanfar atheagrú ar phleananna oibre na Foirne Bainistíochta Feidhmiúcháin ar an láthair ag Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, i rith na seachtaine chun ceannaireacht oibriúcháin agus tacaíocht a sholáthar don fhoireann ar fud an ospidéil. Is modh é seo a bhfuil sé cruthaithe go gcuireann sé leis an bhfeidhmíocht.

"D'éirigh go maith leis na bearta seo nuair a cuireadh i bhfeidhm iad i bPort Láirge, sa Mhuileann gCearr, in Beaumont agus in áiteanna eile agus tá mé ag súil go n-éireoidh leo nuair a chuirfear i bhfeidhm iad anseo i Luimneach.

“Tá sé deacair athchóiriú agus athrú a dhéanamh, bíonn siad mar dhúshláin dúinn go léir, ach tá athchóiriú agus athrú ag teastáil anseo in UHL má táimid chun seirbhís a chur ar fáil atá sásúil do mhuintir an réigiúin seo."