Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Beartais cúraim sláinte inacmhainne tugtha isteach ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Samhain 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tháinig réimse beartas nua i bhfeidhm inné, an 1 Samhain 2020, lena gcuirfear cúraim sláinte inacmhainne ar fáil do níos mó ná milliún daoine fud fad na tíre.

Tugadh maoiniúchán do Stephen Donnelly TD, An tAire Sláine, chun an trí mhórbheartas sin a chur i bhfeidhm. Áirítear ar na beartais méadú ar an teorainn ioncaim don chárta liachta dóibh siúd atá thar 70 bliain d’aois, laghdú idir €10 agus €114 in aghaidh na míosa ar thairseach na Scéime Íocaíochta Drugaí, agus laghdú €0.50c ar chostais drugaí oidis do gach duine a bhfuil cárta liachta acu.

Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly:

“Tá sé mar phríomhaidhm ag an Rialtas seo cúram sláinte ar phraghas níos ísle a chur ar fáil. Leis na beartais seo, laghdófar an t-ualach airgeadais do níos mó ná milliúin daoine sa tír. Tá na beartais uilechuimsitheach, agus déanfaidh siad leas do dhaoine óga agus aosta, daoine singile, agus dóibh siúd a bhfuil teaghlaigh acu. Trí rochtain ar chártaí liachta a thabhairt do níos mó daoine thar 70 bliain d’aois, is faide eile a mbeidh siad sláintiúil agus gníomhach, agus cuirfear go mór le caighdeán a mbeatha.”

Dúirt sé freisin:

“Beidh an geimhreadh atá amach romhainn dúshlánach agus muid ag dul i ngleic leis an ráig COVID-19. Cabhróidh na beartais seo le daoine sa gheimhridh atá romhainn agus ar feadh na mblianta amach anseo. Ba mhaith liom an deis a ghlacadh moladh a thabhairt do gach duine a bhfuil cúraim leighis de dhíth orthu an méid sin a lorg ar an bpointe. Tá ár n-ospidéil ar oscailt, agus tá ár ndochtúirí, altraí agus gairmí cúraim sláinte eile ag cabhrú le hothair. Má tá imní ar bith ort maidir le do shláinte, déan teagmháil le do dhochtúir láithreach.”

  • Faoi na beartais nua, méadófar an teorainn ioncaim do chartaí liachta dóibh siúd atá thar 70 bliain d’aois go dtí €550 sa tseachtain do dhuine aonair (€500 sa tseachtain faoi láthair) agus go dtí €1050 do lánúin (€900 sa tseachtain faoi láthair). Bainfidh suas le 56,000 duine leas as na hathruithe sin.
  • Ina theannta sin, tiocfaidh laghdú 50 cent ar chostais oidis do gach duine a bhfuil cárta liachta acu, athrú a ndéanfaidh leas do níos mó ná 1.58 milliúin daoine atá incháilithe le haghaidh cárta liachta. Ní íocfaidh daoine incháilithe atá faoi bhun 70 bliain d’aois ach €15 sa mhí ar an uasmhéid le haghaidh drugaí ar oideas. Ní íocfaidh daoine thar 70 bliain d’aois ach €10 sa mhí ar an uasmhéid le haghaidh drugaí ar oideas.
  • €144 in aghaidh na míosa a bhí mar thairseach ag an Scéim Íocaíochtaí Drugaí nuair a seoladh don chéad uair in 2012 é. Leis an laghdú go dtí €114 in aghaidh na míosa, d’fhéadfadh na hathruithe dul chun leasa 1.38 milliúin daoine atá incháilithe faoin scéim.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat