English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta le Comhpháirtithe AE i Lucsamburg chun dul chun cinn maidir leis an bPacáiste Cógaisíochta a phlé

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Tá an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler T.D., ag déanamh ionadaíochta ar son na hÉireann inniu ag cruinniú d’Airí Sláinte an AE i Lucsamburg.

Tionólfar an cruinniú oifigiúil seo den Chomhairle Fostaíochta, Beartais Shóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) faoi Uachtaránacht na Beilge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Eanáir go Meitheamh 2024), agus é mar thosaíocht aige Aontas Sláinte na hEorpa a neartú, mar a léirítear leis an mana, “Eoraip chomhbhách, ullmhaithe agus airdeallach”.

Le linn chruinniú na Comhairle, malartóidh na hAirí tuairimí maidir le dul chun cinn Phacáiste Cógaisíochta an AE.

Pléifidh na hAirí Sláinte freisin formheas na gConclúidí uaillmhianacha ón gComhairle maidir le Todhchaí Aontas Sláinte na hEorpa, lena n-iarrtar go leanfar de thús áite a thabhairt don tsláinte ar Chlár Oibre an AE, agus na Moltaí ón gComhairle maidir le hailsí atá inchoiscthe trí vacsaíniú.

Maidir leis an bpacáiste cógaisíochta atá beartaithe ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh, bhí an méid seo le rá ag an Aire Butler:

“Tacaíonn Éire le hionchorprú dreasachtaí arna gcur in oiriúint chun freastal go héifeachtach ar riachtanais othar agus seirbhísí sláinte. Teastaíonn tréimhse chosanta sonraí ón Aontas freisin a bheidh intuartha ag forbróirí chun tacú le cinntí maidir le hinfheistíocht.

“Tosaíocht de chuid na hÉireann is ea tacaíocht a thabhairt do thrialacha cliniciúla a bheidh sábháilte agus éifeachtach agus iad a chumasú, an nuálaíocht a thráchtálú, agus cuideachtaí eolaíochta beatha a scálú chun forbairt táirgí tarrthála d'othair a chumasú, agus tacú le cruthú post freisin.”

Cuirfidh Uachtaránacht na Beilge na hAirí ar an eolas freisin maidir leis na himeachtaí a reáchtáladh le linn a huachtaránachta, maidir leis an gcaibidlíocht i dtaca leis an gComhaontú idirnáisiúnta maidir le paindéimí agus na hathbhreithnithe comhlántacha ar na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta, agus maidir leis an deichiú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe (COP10) i gCreat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac .

Cuirfidh Aire Sláinte na hUngáire, an tUasal Miklós Szócska, clár oibre a n-uachtaránachta atá le teacht i láthair (Iúil - Nollaig 2024).

I measc na míreanna eile a bheidh le plé ag na toscaireachtaí beidh míreanna maidir le rialú tobac agus nicitín, slándáil sláinte in Gaza, glao ar ghníomhaíocht maidir le VEID (Víreas Easpa Imdhíonachta Daonna), chomh maith le straitéisí náisiúnta maidir le stoc-charnadh.

Tar éis an chruinnithe beidh lón oibre d’Airí, ag a mbeidh malartú tuairimí maidir le rochtain chothrom ar chúram sláinte i mBallstáit an AE.