Buaileann an tAire Sláinte le Comhpháirtithe an AE i bPrág chun an Úcráin, Vacsaíniú agus Ailse a Phlé
- Foilsithe: 7 Meán Fómhair 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D'fhreastail an tAire Sláinte Stephen Donnelly TD ar chruinniú d'Airí Sláinte an AE i bPrág inniu. Is é an cruinniú neamhfhoirmiúil seo den Chomhairle um Fhostaíocht, Beartas Sóisialta, Sláinte agus Gnóthaí Tomhaltóirí (EPSCO) an chéad chruinniú d'Airí Sláinte an AE faoi Uachtaránacht na Seice ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (Iúil go Nollaig 2022). Bhí an clár oibre dírithe ar an ngéarchéim san Úcráin, ar Vacsaíniú, agus ar Ailse.
Phléigh na hAirí Sláinte tionchair shláinte phoiblí an chogaidh san Úcráin agus labhair Aire Sláinte na hÚcráine Viktor Liashko leo.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá Éire diongbháilte inár ndlúthpháirtíocht agus tacaíocht don Úcráin agus tá sí ag comhlíonadh ár dtiomantas chun cabhrú le hÚcránaigh a díbríodh mar gheall ar an gcogadh uafásach seo."
Labhair an tAire Donnelly ar an gcaoi a bhfuil Éire ag soláthar rochtain saor in aisce ar sheirbhísí cúram sláinte do bheagnach 50,000 duine a tháinig ón Úcráin agus ar tugadh cosaint shealadach dóibh inár dtír. Ina theannta sin, d'eagraigh muid 20 aslonnú leighis ón Úcráin a raibh cúram éigeandála de dhíth orthu agus chuir muid €4.3 milliún ar fáil i ndeonuithe daonnúla leighis do chóras sláinte na hÚcráine mar chuid de fhreagairt sláinte an AE.
Maidir le Vacsaíniú, dúirt an tAire Donnelly:
“Ní mór dúinn go léir oibriú le chéile chun dul i ngleic le scaipeadh mífhaisnéis chontúirteach maidir le vacsaíní. Tá sé tábhachtach freisin nach n-éirímid bogásach maidir le cláir vacsaínithe seanbhunaithe chun an baol go dtiocfaidh galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, mar an bhruitíneach, chun cinn arís a mhaolú.”
Ag labhairt dó le comhpháirtithe an AE ag lón oibre ar Oinceolaíocht agus Cur i bhFeidhm Phlean na hEorpa um Ailse a Shárú, thagair an tAire Donnelly do Straitéis Náisiúnta Ailse na hÉireann 2017 -2026, ag rá:
“Tá rátaí ailse in Éirinn tar éis titim nó cobhsú le blianta beaga anuas mar gheall ar thionscnaimh choiscthe agus luathbhraite. Tá rátaí marthanais d'othair ailse in Éirinn ag feabhsú i gcónaí, agus is ionann an meánráta marthanais cúig bliana do gach ailse agus 65% d'othair a ndearnadh diagnóis orthu le linn 2014-2018, i gcomparáid leis an meánráta maireachtála cúig bliana do dhaoine a ndearnadh diagnóis orthu le linn 1994-1998. Tacóidh agus comhlánóidh Plean na hEorpa um Ailse a Shárú, leis an obair atá ar siúl ar an leibhéal náisiúnta agus cuirfidh sé luach leis i réimsí a bhainfidh tairbhe as comhoibriú agus saineolas trasteorann."
Tar éis chruinniú Chomhairle Neamhfhoirmiúil EPSCO, ghlac Airí Sláinte páirt i gcruinniú urghnách de Bhord HERA (an tÚdarás um Ullmhacht agus Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte) ar leibhéal aireachta. Dhírigh an plé ar thodhchaí conarthaí vacsaíní agus comhsholáthar. Bhí an Coimisiún Eorpach, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus an Lárionad Eorpach um Chosc agus Rialú Galar (ECDC) i láthair freisin, in éineacht le hionadaithe ón tionscal do sheisiúin thiomnaithe.