Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buaileann an tAire Sláinte le cuideachtaí meán sóisialta chun mífhaisnéis frithvacsaínithe a phlé

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Samhain 2019
  • An t-eolas is déanaí: 25 Samhain 2019

Bhuail Simon Harris TD, an tAire Sláinte, le cuideachtaí meán sóisialta – Facebook, Twitter agus Google ina measc – inniu (Dé Luain) chun plé a dhéanamh ar na bearta atá ar bun acu chun mífhaisnéis frithvacsaínithe a chomhrac ar ardáin mheán sóisialta.

Shainaithin an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an drogall roimh vacsaíniú mar cheann amháin de na deich bpríomhbhagairt ar an tsláinte dhomhanda sa bhliain 2019.

Chuir an tAire na hábhair imní atá aige in iúl,

“Obair amú a bheidh sa dul chun cinn a rinneamar cheana féin ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú a laghdú agus, i gcásanna áirithe, a dhíothú mura dtéimid i ngleic le mífhaisnéis agus bréagaisnéis, go háirithe ar na meáin shóisialta, faoi na tairbhí a bhaineann le vacsaíní agus faoina shábháilte atá siad agus má bhaineann an mhífhaisnéis agus an bhréagaisnéis sin an bonn ónár gcláir um imdhíonadh.

Dúirt sé freisin,

“Tá na meáin shóisialta ina n-uirlis thar a bheith cumhachtach is féidir a úsáid chun daoine a threorú chuig foinsí faisnéise fíorasaí faoin vacsaíniú, rud a chumasaíonn do dhaoine cinntí eolacha a dhéanamh. Is sa chomhthéacs sin a bhuail mé leis na cuideachtaí meán sóisialta inniu”.

Mhol an tAire na cuideachtaí meán sóisialta ar a bheith réamhghníomhach agus ar bhearta a chur i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus chuir sé fáilte roimh a dtiomantas do bheith ag obair leis an Roinn Sláinte chun tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh.

Dúirt sé freisin, áfach:

“D’aithin na cuideachtaí féin go bhfuil freagracht orthu i leith a gcuid úsáideoirí i réimse na sláinte poiblí. Cé go ndearna roinnt díobh bearta chun mífhaisnéis vacsaínithe a chomhrac cheana féin, d’aithin siad go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh go fóill agus chomhaontaigh siad dul i dteagmháil leis an Roinn faoi obair an Chomhaontais Vacsaíní agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun tionscnaimh eile a chur ar aghaidh.

“Ní mór dúinn ár ndícheall a dhéanamh chun a chinntiú go bhfaighidh daoine faisnéis chruinn inchreidte faoin tsláinte phoiblí.”

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

  • Gan uisce glan a áireamh, tá vacsaíniú ar an idirghabháil is éifeachtaí le haghaidh beatha daoine a shábháil agus dea-shláinte a chur chun cinn.
  • Faoi láthair, bíonn vacsaíniú ag cosc idir 2 mhilliún bás agus 3 mhilliún bás gach bliain. Beifear in ann 1.5 milliún bás eile a sheachaint, áfach, má chuirtear feabhas ar chlúdach an vacsaínithe ar domhan.
  • Sa bhliain 1950, tuairiscíodh thart ar 5,000 cás rubella in Éirinn agus 500 cás diftéire agus 500 cás póilió. I gcodarsnacht leis sin, níor tuairiscíodh aon chásanna rubella, diftéire ná póilió sa bhliain 2017. Ba sa bhliain 1984 a tuairiscíodh an cás póilió is déanaí.
  • Má thagann ionfhabhtú meiningeacocúil C ar 1,000 duine, gheobhaidh 50 duine díobh bás. Má imdhíonaítear 1,000 duine, is amhlaidh, maidir le 50 duine díobh, go mbeidh míchompord, deirge agus at orthu san áit ar tugadh an t-instealladh dóibh nó go mbeidh fiabhras orthu.
  • Gheobhaidh duine bás i gceann amháin de gach 1000 cás bruitíní. Fuair 72 dhuine, idir leanaí agus aosaigh, bás de dheasca bruitíní i Réigiún na hEorpa sa bhliain 2018.
  • Tá laghdú 72% tagtha ar chásanna ionfhabhtú rótaivíris ón uair sin a tugadh an vacsaín isteach do leanaí sa bhliain 2016 i leith.
  • Bhí 69 gcás treacha ann sa bhliain 2017 i measc leanaí faoi bhun 6 mhí d’aois. Ba cheart do gach bean thorrach an vacsaín treacha a fháil chun an chosaint is fearr a thabhairt dá leanbh sna míonna tosaigh den saol.
  • Gach bliain in Éirinn, buaileann ailse cheirbheacs 300 bean agus faigheann 90 duine díobh bás de dheasca an ghalair. Tugann an vacsaín HPV cosaint ar 7 gcinn as gach 10 n-ailse cheirbheacs.