English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Buiséad €25.8 billiún fógartha ag na hAirí Sláinte chun seirbhísí sláinte a sholáthar in 2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 2 Deireadh Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
  • infheistíocht €33 milliún in 2025 chun tuilleadh seirbhísí ailse níos fearr a sholáthar
  • táirgí HRT a mhaoinítear go poiblí do mhná a bhfuil na siomptóim a bhaineann le meanapás orthu agus IVF a mhaoinítear go poiblí a leathnú mar chuid de bhearta €35 milliún do chúram sláinte na mban
  • tuilleadh seirbhísí níos fearr a chur ar fáil i réimsí meabhairshláinte, daoine aosta agus dóibh siúd a bhfuil andúil i ndrugaí acu

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly, an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler agus an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke buiséad sláinte €25.8 billiún inniu chun tacú le soláthar agus leathnú leanúnach seirbhísí cúraim sláinte inacmhainne ar ardchaighdeán in 2025.

Is ionann an maoiniú agus méadú foriomlán €2.94 billiún ar an leithdháileadh i Mí Eanáir 2024, ag aithint na ndúshlán a bhaineann le boilsciú agus an t-éileamh méadaithe ar sheirbhísí mar gheall ar dhaonra atá ag fás agus ag dul in aois.

Soláthróidh sé níos mó ná 3,300 ball foirne breise inár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta, soláthróidh sé 335 leaba ospidéil bhreise, leathnóidh sé seirbhísí, déanfaidh sé táirgiúlacht mhéadaithe a sholáthar agus leanfaidh sé leis na laghduithe ar liostaí feithimh agus ar líon na dtralaithe.

Áirítear i mBuiséad 2025 méaduithe suntasacha ar 2024 sna réimsí seo a leanas:

  • Ospidéil Ghéarmhíochaine (thuas 22% go €9.9 billiún)
  • Meabhairshláinte (thuas 10% go €1.48 billiún)
  • Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta (thuas €349 milliún go €3 billiún)
  • Cúram Maolaitheach (thuas 13% go €179 milliún)
  • An tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna, (thuas 13% go €280 milliún)

Áirítear i mBuiséad Sláinte 2025 €1.2 billiún a leithdháileadh don leibhéal seirbhíse atá ann cheana féin, maoiniú breise €1.5 billiún do bhrúnna 2024 agus €335 milliún do bhearta nua breise.

I measc na mbuaicphointí tá:

  • €49.5 milliún chun 335 leaba ospidéil eile a chur ar fáil
  • €33 milliún chun seirbhísí ailse a fhorbairt lena n-áirítear maoiniú iomlán don Straitéis Náisiúnta Ailse
  • Maoiniú breise €21.5 milliún chun uaireanta Tacaíochta Baile a mhéadú go 24 milliún in 2025
  • Infheistíocht €30 milliún i gcógais nua trí choigilteas méadaithe i mbuiséad na gcógas
  • Pacáiste sláinte €35 milliún do mhná lena n-áirítear Teiripe Athsholáthair Hormón (HRT) saor in aisce a sholáthar agus rochtain leathnaithe ar sheirbhísí Atáirgeadh Daonna Cuidithe (AHR)
  • €6 mhilliún chun Aonaid Ghortaithe a leathnú

Áirítear i mBuiséad 2025 freisin €0.9 billiún de mhaoiniú, a tugadh isteach ar dtús do bhearta aonuaire le linn phaindéim COVID-19, atá buan anois. Ligfidh sé seo do mhaoiniú buan leanúint ar aghaidh chun liostaí feithimh a laghdú. Leithdháilfear €420 milliún ar FSS agus ar NTPF in 2025 do thionscnaimh liosta feithimh, méadú €60 milliún ar mhaoiniú 2024.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tá infheistíocht inár seirbhís sláinte ag an leibhéal is airde i stair an Stáit anois. Tá méadú beagnach €3 bhilliún i mBuiséad 2025 ar 2024, rud a thacaíonn le leathnú agus seachadadh leanúnach seirbhísí ar ardchaighdeán agus muid fós ag cinntiú go mbeidh gach duine in ann an cúram sláinte a theastaíonn uathu a fháil, nuair a theastaíonn sé uathu.

"Cibé an coinne é le dochtúir teaghlaigh, pacáiste do chúram baile do dhuine muinteartha, X-gha nó MRI, rochtain thapa ar chúram éigeandála nó aonad mionghortaithe, coinne le comhairleoir ospidéil nó máinliachta, tá sé mar aidhm ag Buiséad 2025 seo a chur i gcrích do thuilleadh othar agus teaghlach. Táimid ag maireachtáil níos faide agus ag maireachtáil níos sláintiúla, ach cuireann ár ndaonra, atá ag fás agus ag dul in aois, éilimh bhreise ar ár seirbhísí. Leanaimid orainn ag dul i ngleic leis na dúshláin sin, agus táimid ag díriú go láidir ar thuilleadh táirgiúlachta, in éineacht le hinfheistíocht i gcumas méadaithe agus i bpleanáil fórsa saothair chun a chinntiú gur féidir linn freastal ar riachtanais ár seirbhíse cúraim sláinte amach anseo."

I mBuiséad Sláinte 2025, ardófar an caiteachas ar Mheabhairshláinte go beagnach €1.5 billiún. Seo an cúigiú bliain as a chéile go bhfuil méadú tagtha ar mhaoiniú chun seirbhísí meabhairshláinte a fhorbairt agus chun tacú leo - méadú 43.7% le linn shaolré an rialtais seo. Cuireann sé seo béim shoiléir ar an tiomantas atá ag an rialtas seo ar a chinntiú go bhfuil ár seirbhísí meabhairshláinte sábháilte, inrochtana, nua-aimseartha agus dírithe ar an duine féin.

Dúirt an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler:

"Cuirfidh an maoiniú meabhairshláinte atá faighte agam inniu go mór le feabhas a chur ar sheirbhísí meabhairshláinte sa tír seo. Tacóidh an infheistíocht stairiúil seo le forbairtí breise i dtacaíochtaí meabhairshláinte don aos óg, sna cláir chliniciúla náisiúnta, agus le feidhmiú céimneach leanúnach Comhfhís agus Connecting for Life, ár mbeartais náisiúnta meabhairshláinte agus laghdaithe féinmharaithe.

"I mbuiséad meabhairshláinte na bliana seo, bhí mé in ann béim shoiléir a chur ar mheabhairshláinte leanaí, agus dhírigh mé go háirithe ar thionscnaimh a thacaíonn le leanaí agus le daoine óga agus iad ag aistriú ó sheirbhísí meabhairshláinte leanaí go seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine fásta, chun a chinntiú gur féidir leo leanúint ar aghaidh, le rochtain acu ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu."

I gcás Seirbhísí do Dhaoine Scothaosta, tá méadú €349 milliún tagtha ar mhaoiniú bliain ar bhliain, agus tá maoiniú breise faighte d'uaireanta tacaíochta tí, tithe altranais agus néaltrú.

Dúirt an tAire Butler:

"Tá buiséad beagnach €3 billiún ag daoine aosta anois. Tá os cionn €120 milliún faighte agam dár seirbhísí tacaíochta baile, chun cabhrú le daoine aosta cónaí ina dtithe féin chomh fada agus is féidir. Ciallaíonn sé sin go mbeimid in ann 24 milliún uair an chloig de thacaíocht baile a chur ar fáil do bheagnach 60,000 duine in 2025. Ó chuaigh mé i mbun oifige, tá tacaíochtaí néaltraithe mar thosaíocht agam, agus leanann an tiomantas seo ar aghaidh i mBuiséad 2025, le himfhálú de 20% d'uaireanta tacaíochta baile nua le haghaidh néaltraithe, níos mó comhairleoirí néaltraithe, agus seirbhísí diagnóiseacha leathnaithe.

“Tá €72 milliún breise faighte agam freisin do thithe altranais chun tacú leis an scéim Fair Deal agus chun cabhrú lenár dtithe altranais íoc as costais atá ag ardú. Beidh maoiniú breise ann freisin don Ráthaíocht Cúramóra, chun cabhrú linn pacáiste tacaíochtaí a chur ar fáil do chúramóirí teaghlaigh i ngach réigiún."

Cuirfear borradh €4.2 milliún faoi thionscnaimh drugaí, agus díreofar ar leathnú seirbhísí in ionaid cóireála drugaí agus alcóil sa phobal chun freastal ar an éileamh méadaithe. Leithdháileadh €1 mhilliún ar chur i bhfeidhm náisiúnta na seirbhísí comhtháite cóireála alcóil sa phobal, rud a chinntíonn clúdach geografach iomlán ar fud na réigiún sláinte go léir.

Maoineoidh €500,000 eile clár náisiúnta um chosc drugaí agus feasacht sláinte poiblí i gcomhar le comhpháirtithe pobail.

Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke:

"Bíonn tionchar ag andúil i ndrugaí ní hamháin orthu siúd a úsáideann drugaí ach freisin ar a dteaghlaigh agus a bpobail. Mar sin, tá sé ríthábhachtach go soláthraímid seirbhísí andúile agus tacaíochtaí cibé áit a bhfuil siad ag teastáil. Tá lúcháir orm, mar sin, go bhfuil €2 mhilliún faighte agam chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar ár seirbhísí drugaí pobalbhunaithe.

"Ar ndóigh, is é cosc an phríomhaidhm atá againn, mar sin tá an-áthas orm maoiniú a fháil d'fheachtais feasachta agus do thionscnaimh um laghdú dochair chun ár ndaoine óga a chosaint ó na díobhálacha a bhaineann le húsáid drugaí."

Soláthraíonn Buiséad 2025 freisin acmhainní do thionscnaimh chun sláinte an daonra a chosaint agus a fheabhsú. Tacóidh €1.2 milliún le leathnú chlár na bPobal Sláintiúil go ceithre réimse sa bhreis in 2025, rud a fhágfaidh go sroichfear 100,000 duine breise leis.

I gcomhréir le tiomantas an rialtais chun Éire saor ó thobac a bhaint amach agus an nasc idir vápáil agus caitheamh tobac i measc na n-óg a aithint, cuirfear feachtas feasachta vápála ar fáil, dírithe ar dhaoine idir 12-17 mbliana d'aois.

Tá acmhainní breise á leithdháileadh freisin chun tacaíochtaí do bheathú cíche a fheabhsú, lena n-áirítear sainchomhairleoirí lachta agus caidéil chíche a sholáthar do mháithreacha do naíonáin réamhaibí agus bhreoite. Cuirtear maoiniú ar fáil freisin chun cláir fhianaise-bhunaithe ar shláinte na bhfear a mhéadú le béim ar neamhionannais sláinte.

Tá cumas ag clinicí PrEP VEID (Próifiolacsas réamhnochta) á leathnú freisin chun freastal ar an éileamh.

Dúirt an tAire Burke:

"I gcomhréir le prionsabail Éire Shláintiúil, beidh infheistíocht i dtionscnaimh a thacaíonn le sláinte agus folláine fhoriomlán fheabhsaithe don phobal ar fad, lena n-áirítear cur chun cinn na meabhairshláinte. Tá áthas orm freisin inniu maoiniú breise a fhógairt don tseirbhís PrEP, a bhfuil an-éileamh air, agus le haghaidh tacaíochtaí breise do mháithreacha i mbun beathú cíche. Is údar mór misnigh dom chomh maith an rath a bhí ar ár gclár Pobail Shláintiúla go dtí seo agus táim ag tnúth le tús a chur leis an obair aa leathnú in 2025."

Féach doiciméid bhreise a bhaineann le preasagallamh an Bhuiséid Sláinte:

Department of Health - Budget 2025 - Summary
Amharc amharc
Department of Health - Budget 2025 - New Developments
Amharc amharc