English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Bunaíonn na hAirí Sláinte an Grúpa Comhairleach Straitéiseach maidir le Bolgach Moncaí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Lúnasa 2022
  • An t-eolas is déanaí: 6 Meán Fómhair 2022

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, go mbunófar Grúpa Comhairleach Straitéiseach maidir le bolgach moncaí.

Cuirfidh an Grúpa comhairle ar an Aire Sláinte agus ar an Rialtas maidir leis an mbealach is fearr chun freagairt don ráig de bholgach moncaí, feabhas a chur ar an obair shuntasach a dhéanann Oifig an Phríomhoifigigh Leighis agus an Roinn Sláinte, FSS, agus Foireann Bainistíochta Teagmhas ildisciplíneach FSS (IMT), a bunaíodh nuair a tugadh an foláireamh idirnáisiúnta maidir le bolgach moncaí den chéad uair, agus gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile, lena n-áirítear ionadaíocht agus rannpháirtíocht shuntasach páirtithe leasmhara agus pobail.

Tagann an fógra seo i ndiaidh don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a dhearbhú an mhí seo caite gurb ionann an ráig bolgaí moncaí agus Éigeandáil Sláinte Poiblí arb Ábhar Imní ar Leibhéal Idirnáisiúnta í (PHEIC), an leibhéal foláirimh is airde atá ag an gcomhlacht sláinte.

Déanfaidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach athbhreithniú ar fhianaise agus tabharfaidh sé comhairle de réir mar is cuí maidir le faireachas agus bainistiú bolgach moncaí ar leibhéal náisiúnta; straitéis a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun bolgach moncaí a choinneáil faoi smacht; agus formhaoirseacht agus dearbhú a thabhairt ar an bhfreagairt náisiúnta.

Beidh an Príomhoifigeach Leighis Eatramhach, an tOllamh Breda Smyth ina cathaoirleach ar an nGrúpa agus cuimseoidh a bhallraíocht saineolaithe ó dhisciplíní éagsúla lena n-áirítear ó réimsí sláinte poiblí, galair thógálacha agus imdhíoneolaíochta.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ó cuireadh an chéad fholáireamh maidir le hionfhabhtú bolgaí moncaí san áireamh, bhog Éire go tapa chun freagairt don ráig den ghalar. Neartóidh an Grúpa Comhairleach Straitéiseach ár bhfreagairt.

“Tá mo Roinn in éineacht le FSS, HPSC, gníomhaireachtaí comhpháirtíochta agus páirtithe leasmhara ag obair go dian chun cabhrú le hionfhabhtuithe in Éirinn a chosc agus a laghdú. Tá réimse leathan beart sláinte poiblí curtha i bhfeidhm againn chun an ráig a rialú agus táim ag tnúth leis an obair seo a chur chun cinn agus an iliomad gníomhaíochtaí cumarsáide agus rannpháirtíochta a tugadh fúthu a leathnú chun tacú leo siúd a ndeachaigh bolgach moncaí i bhfeidhm orthu."

Dúirt an tAire Feighan:

“Tá iarrachtaí na hÉireann oibriú leis na gníomhaireachtaí agus na páirtithe leasmhara go léir chun tacú leo siúd a bhfuil tionchar ag bolgach moncaí orthu le moladh agus cuirim fáilte roimh an nGrúpa Comhairleach Straitéiseach seo mar thacaíocht mhonatóireachta agus chomhairleach úsáideach dár bhfreagairt láidir, leanúnach ar bholgach moncaí.

"Tá feachtas cumarsáide na hÉireann aitheanta ag comhghleacaithe ar fud na hEorpa mar shampla dea-chleachtais do chumarsáid riosca agus rannpháirtíocht an phobail ar bholgach moncaí ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus bhí sé san áireamh i ndoiciméid treorach do na Ballstáit a foilsíodh i mí Iúil."

Dúirt an tOllamh Smyth:

“Beidh ról lárnach ag ballraíocht ildisciplíneach an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh maidir le maoirseacht agus comhairle a sholáthar ar fhaireachas agus bainistíocht an ghalair ag leibhéal náisiúnta chomh maith leis an straitéis leanúnach chun an ráig a shrianadh, ag tacú lenár n-iarrachtaí chun scaipeadh an ghalair a shrianadh.

“Cé gur féidir le duine ar bith, beag beann ar a ngnéasacht, bolgach moncaí a fháil, tugann sonraí faireachais le fios go mbaineann formhór na gcásanna in Éirinn le fir a fhéinaithníonn mar fhir aeracha, dhéghnéasach nó fir eile a mbíonn gnéas acu le fir (gbMSM).

“Tá sé tábhachtach a bheith ar an eolas faoi bholgach moncaí agus a shiomptóim d'fhonn muid féin agus daoine eile a chosaint. I measc na siomptóm tá: teocht ard (380C nó níos airde), pianta sna matáin, faireoga ata, traochadh, tinneas cinn, pian droma, creatha nó crithfhuacht. De ghnáth bíonn gríos le feiceáil 1 – 5 lá tar éis na chéad chomharthaí. Is minic a thosaíonn an gríos ar aghaidh an duine agus ansin scaipeann sé chuig codanna eile den cholainn.

“Má tá siomptóim de bholgach moncaí agat nó má bhí tú i dteagmháil le duine a bhfuil sé air nó uirthi, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh le do thoil.”


Nótaí d'eagarthóirí

An Grúpa Comhairleach Straitéiseach maidir le Bolgach Moncaí

  • tuairisceoidh Cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh Straitéisigh maidir le bolgach moncaí don Aire Sláinte thar ceann an Ghrúpa
  • eagróidh an Grúpa a chuid oibre trí chruinnithe iomlánacha rialta, arna dtionól ag an gCathaoirleach ag a chéad chruinniú, glacfaidh an Grúpa lena Théarmaí Tagartha agus lena théarmaí iomlána rannpháirtíochta
  • más gá, féadfaidh an Grúpa a chuid oibre a eagrú trí fhoghrúpaí a bhunú
  • de réir an phrionsabail ‘Duine Amháin Tuarastal Amháin', ní bhfaighidh na baill aon luach saothair nó liúntas breise as a gcuid oibre ar an nGrúpa
  • beidh riarachán agus tacaíocht an Ghrúpa de réir na ngnéithe ábhartha den GDPR agus de réir na reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise
  • de réir phrionsabal na trédhearcachta, cuirfear miontuairiscí ar fáil go poiblí ag an am cuí trí láithreán gréasáin na Roinne Sláinte

Ballraíocht

An tOllamh Breda Smyth Cathaoirleach - Príomhoifigeach Leighis Eatramhach
An Dr Colette Bonner Leas-Phríomhoifigeach Leighis
An Dr Eibhlin Connolly Leas-Phríomhoifigeach Leighis
An Dr Louise Hendrick Leas-Phríomhoifigeach Leighis
An Dr. Colm Henry Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS
An Dr Cillian de Gascun Stiúrthóir, an tSeirbhís Tagartha Náisiúnta maidir le Víris, Víreolaí Comhairleach
An Dr Derval Igoe Speisialtóir i Míochaine Sláinte Poiblí, HPSC
An Dr Gregory Martin Stiúrthóir Eatramhach, HPSC agus Comhairleoir i Míochaine Sláinte Poiblí
An Dr Catherine Fleming Comhairleoir i nGalair Thógálacha, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe
Pádraig Burke Stiúrthóir Cumarsáide, Gay Health Network
Richael Duffy An tAonad um Imdhíonadh agus um Ghalair Thógálacha, DoH
An tOllamh Fiona Lyons Comhairleoir sa Leighis Úraiginitiúil agus VEID, Ospidéal San Séamas
An Dr Lucy Jessop Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta Imdhíonta, FSS agus Comhairleoir i Míochaine Sláinte Poiblí
An tOllamh Karina Butler Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta
An Dr Ciaran Browne Cathaoirleach na Foirne Náisiúnta Bainistithe Géarchéime, FSS
Deirdre Watters Preas agus Cumarsáid, DoH