English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cead faighte ag an Aire Sláinte ó Rialtas na hÉireann páirt a ghlacadh in aslonnú leighis leanaí breoite as Gaza

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 27 Meán Fómhair 2024

Tá cead faighte ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly ó Rialtas na hÉireann inniu chun roinnt leanaí breoite a aslonnú as Gaza le haghaidh cóireála agus cúraim sa tír seo.

Rinne an tAire Donnelly an moladh mar fhreagairt ar iarraidh a rinne an hEagraíocht Domhanda Sláinte (WHO) maidir le haghaidh a thabhairt ar na riachtanais sláinte atá ag daoine anois in Gaza.

Tá míonna caite ag an Aire Donnelly agus ag a chuid oifigeach ag obair ar an moladh in éineacht le dochtúirí leighis, Crois Dhearg na hÉireann (IRC) agus ranna rialtais eile lena n-áirítear an Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Dlí agus Cirt agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Beidh ról lárnach comhordaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar fud na seirbhísí/soláthróirí seirbhíse riachtanacha go léir maidir le teacht isteach agus taisteal chuig an ospidéal nó chuig lóistín mar is cuí.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na haltraí, leis na dochtúirí, le Crois Dhearg na hÉireann agus le gach duine a raibh baint acu le freastal na hÉireann ar an riachtanas seo a chinntiú . Is céim thábhachtach í seo, más beag féin í i bhfianaise scála na coimhlinte uafásaí a bhfuil fórsaí míleata Iosrael ina bun. Tá na hionsaithe leanúnacha a dhéantar d’aon ghnó ar shibhialtaigh agus ar shaoráidí cúraim sláinte mícheart agus ba cheart stop a chur leo.”

Meastar go bhfaighidh Éire suas le 30 othar péidiatraiceach ó Gaza in 2024. Baineann na riachtanais sláinte le catagóirí éagsúla: ailse, haema-scagdhealú agus othair a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha leighis eile orthu (seachas fadhbanna ortaipéidice chun a chinntiú nach mbíonn aon tionchar ann ar iarrachtaí FSS cur le líon na ngnáthamh a dhéantar sa speisialtacht seo). Beidh Éire ag roghnú a bheith páirteach ar bhonn cás-ar-chás do gach leanbh a dteastaíonn cóireáil uaidh, faoi réir an acmhainneacht is gá a bheith ar fáil ag an am sin.

Faoin tionscnamh seo beidh na leanaí ag taisteal i dteannta le cúramóir, a gcuirfear cóiríocht ar fáil dóibh i gcóiríocht arna bhainistiú ag Cros Dhearg na hÉireann. Áirítear leis seo lóistín faoi úinéireacht oibrithe cúram sláinte chomh maith le lóistín a chuirtear ar fáil ag Cros Dhearg na hÉireann. San áireamh sa phacáiste cúraim atá á chur ar fáil tá seirbhísí cásoibrithe agus aistriúcháin chun a chinntiú go dtugtar aire mhaith d’othair agus dá gcúramóirí agus go mbíonn cúnamh acu rochtain a fháil ar na seirbhísí go léir de réir mar is gá. Ina theannta sin, cuirfidh FSS measúnú síceasóisialta cuí ar fáil d’othair agus do chúramóirí araon.

Ceanglaítear ar gach othar agus cúramóir scagthástáil sláinte a fháil roimh thaisteal dóibh.

Dúirt an tAire Donnelly chomh maith:

“Is uafásach an rud é gur maraíodh na sluaite sa choinbhleacht seo, go háirithe fir, mná agus leanaí sibhialtacha. Rachaidh ár seirbhís sláinte i gcomhar le comhghleacaithe ar fud an Rialtais, ar fud an Aontais Eorpaigh agus le WHO chun aslonnú agus cóireáil leighis a sholáthar dóibh siúd atá thíos leis."


Nótaí

Mar Bhallstát den Aontas Eorpach, iarrtar ar Éirinn freagra a thabhairt ar an iarraidh seo ón WHO chun cuidiú le dul i ngleic leis na riachtanais sláinte reatha in Gaza. Tá traidisiún láidir ag Éirinn maidir le cúnamh daonnúil a sholáthar lena n-áirítear trí chlár cúnaimh dhaonnúil agus forbartha Chúnamh Éireann na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus clár Global Health Pro an FSS.

Tá nósanna imeachta le haghaidh aslonnaithe leighis go hÉirinn seanbhunaithe i gcomhthéacs na hÚcráine. Déantar iarrataí maidir le haslonnú leighis a bhainistiú tríd an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta(UCPM), agus déanann FSS bainistiú ar thacaíocht chliniciúil do thabhairt don othar gortaithe agus do na ranna agus gníomhaireachtaí eile atá ag freagairt do na riachtanais coimhdeacha tacaíochta mar a leagtar amach thuas.

Bainfear leas as seirbhísí an tSásra Aontais um Chosaint Shibhialta( (UCPM) chun othair a aistriú ón Éigipt go hÉirinn agus is ag Aeradróm Bhaile Dhónaill a thiocfaidh siad isteach. Beidh gach soláthraí seirbhíse náisiúnta riachtanach i láthair ar theacht isteach dóibh. Oibreoidh an Roinn Sláinte i gcomhar le UCPM agus leis an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann maidir le hinfhaighteacht Aeradróm Bhaile Dhónaill agus maidir leis na deimhnithe agus na húdaruithe riachtanacha maidir le húsáid na saoráide a thabhairt a chun críche.