English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an Rialtas reachtaíocht chun an íosaois dhlíthiúil maidir le díol táirgí tobac a mhéadú go 21

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meitheamh 2024
  • An t-eolas is déanaí: 25 Meitheamh 2024

D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., go bhfuil reachtaíocht ceadaithe ag an Rialtas chun an íosaois dhlíthiúil maidir le díol táirgí tobac a mhéadú go 21. Tabharfar an Bille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2024 ar aghaidh anois lena achtú.

Tá an beart á thabhairt isteach chun dlús a chur leis an méid daoine fásta a chaitheann tobac a laghdú, ráta atá fós ag 18% le roinnt blianta anuas. Tá seo i measc sraith beart freisin atá deartha chun leitheadúlacht caitheamh tobac i measc leanaí a chur ag náid.

Duirt an tAire Donnelly:

“Mar shochaí, tá sé in am dúinn bogadh ar aghaidh leis an bhfadhb seo. Maraíonn caitheamh tobac 4,500 dár ndaonra gach bliain agus is é an chúis is mó le míchumas agus le bás le chéile sa tír seo.

“Is é an sprioc atá agam leis an mbeart seo ná cabhrú lenár ndaoine óga le handúil agus tinneas ó chaitheamh tobac a sheachaint. Léiríonn an samhaltú dúinn nach amháin go gcosnóidh an beart seo an t-aoisghrúpa spriocdhírithe ach go gcosnóidh sé iad siúd atá faoi bhun 18 mbliana d'aois mar gur lú an seans go mbeidh siad i ngrúpaí sóisialta le daoine atá 21 bliain d'aois ar féidir leo toitíní a cheannach go dleathach.

“Tá tíortha ar fud an domhain ag féachaint ar bhearta chríochnaitheacha maidir le caitheamh tobac. Nílimid á rialú a thuilleadh; Táimid ag iarraidh deireadh a chur leis ónár saol agus ó shaol ár bpáistí. Tá mé an-bhródúil go bhfuil Éire ag leanúint lena traidisiún a bheith ina ceannródaí ar an ábhar seo agus is céim thábhachtach eile é beart an lae inniu ar ár n-aistear i dtreo tíre saor ó thobac."

Is í Éire an chéad tír san Aontas Eorpach a thabharfaidh an beart seo isteach. Cuirfear tréimhse ullmhúcháin i bhfeidhm ionas nach ndéanfar difear dóibh siúd atá i dteideal táirgí tobac a cheannach cheana féin, i.e. daoine os cionn 18 mbliana d'aois ach faoi bhun 21 bliain d'aois.

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, Colm Burke T.D:

“Cuirim fáilte roimh cheadú an Rialtais don bheart sláinte poiblí an-tábhachtach seo. Tá an dochar a dhéanann caitheamh tobac go hainnis, agus tá tionchar aige ar go leor tinnis, chomh maith le hionchas saoil níos giorra, agus mar sin ní mór dúinn a bheith réamhghníomhach chun a chinntiú gur féidir linn ár ndaoine óga a chosaint.

“Tríd an mbeart nua seo, cabhrófar leis an gcéad ghlúin eile na hualaí éagsúla a bhaineann le caitheamh tobac a sheachaint agus le tacú leo saol níos faide agus níos sláintiúla a bheith acu. Táim ag tnúth le bheith ag obair leis an Aire Sláinte chun an dlí seo a chur i bhfeidhm chomh luath agus is féidir."


Nótaí

Tá sé mar aidhm ag Éirinn a bheith ar an gcéad tír san AE chun íosaois díola táirgí tobac a ardú go 21 bliain d'aois. Tá dlí achtaithe ag an Laitvia chun íosaois an díolacháin a ardú go 20 in 2025.

Ní bheidh tionchar ag an reachtaíocht atá beartaithe ar an íosaois dhlíthiúil a bhaineann le táirgí ionanálaithe nicitín nó vapes a dhíol. Ó mhí na Nollag i leith, tá cosc curtha ar dhíol vapes le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Níl aon mholadh ann faoi láthair an cosc sin a shíneadh go dtí 21 bliain d'aois.