English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Sláinte an 10ú riocht don Chlár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Eanáir 2023
  • An t-eolas is déanaí: 25 Eanáir 2023

Cheadaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly moladh ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) grúpa riochtaí ar a dtugtar Comheaspa Imdhíonachta Throm (SCID) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe (NBS).

Nuair a chuirtear i bhfeidhm é, tabharfaidh sé seo go 10 líon na riochtaí a ndéantar scagthástáil orthu mar chuid den tástáil ar a dtugtar an ‘sáilphriocadh’ go coitianta in Éirinn.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Bhí leathnú scagthástáil nuabheirthe mar thosaíocht agamsa mar Aire, agus tá áthas orm an moladh ón gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála an grúpa riochtaí SCID a chur leis an gClár Náisiúnta Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe. Ba mhaith liom an NSAC agus HIQA (an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte) a mholadh as an obair fhairsing agus an bpróiseas críochnúil a rinneadh agus measúnú á dhéanamh ar an bhfianaise chun an clár seo a leathnú. D'iarr mé ar FSS tús a chur le pleanáil chun an moladh seo a chur i bhfeidhm ar SCID, rud a thabharfaidh líon na riochtaí a ndéanaimid scagthástáil orthu in Éirinn go 10."

Dúirt an tAire:

“Táim sásta freisin go bhfuil cinneadh déanta ag an NSAC iarraidh ar HIQA HTA a dhéanamh ar an 11ú riocht, Seargadh Matánach Dromlaigh, agus táim ag tnúth lena moladh a fháil níos déanaí i mbliana. Tuigim go maith cé chomh deacair agus atá sé do thuismitheoirí a bhfuair a leanaí diagnóis de ghalar neamhchoitianta, agus cé chomh dúshlánach is féidir leis an saol laethúil a bheith dóibh féin agus dá dteaghlaigh. Tá dul chun cinn i dteicneolaíocht agus i gcóireálacha do go leor de na riochtaí neamhchoitianta ach tromchúiseacha seo ag teacht chun cinn i gcónaí, agus is maith sin, agus tá próiseas láidir againn leis an NSAC anois chun meastóireacht a dhéanamh ar leathnú breise ar scagthástáil in Éirinn chun coinneáil suas le forbairtí idirnáisiúnta."

Bhreithnigh an NSAC tuarascáil chuimsitheach maidir le Measúnú ar Theicneolaíochta Sláinte (HTA) ó HIQA ar an bhfianaise maidir le SCID a chur leis an gclár NBS ag a chruinniú i mí na Nollag 2022, agus rinne sé a mholadh bunaithe ar an bhfianaise agus ar an gcomhairle sa HTA.

Is grúpa é SCID de tromriochtaí ó bhroinn atá neamhchoitianta agus a bhíonn marfach beagnach i gcónaí sa chéad bhliain den saol gan cóir leighis chuí. Tugann fianaise náisiúnta agus idirnáisiúnta le tuiscint go seasta go mbíonn torthaí cliniciúla níos fearr ag leanaí má déantar SCID a aithint níos luaithe agus a chóireáil níos luaithe. Tá leitheadúlacht mheasta SCID diagnóisithe in Éirinn réasúnta ard ag 1 as 39,760 breith, agus diagnóisíodh 27 othar idir 2005 agus 2020.

Tá leathnú leanúnach an chláir NBS mar thosaíocht ag an Aire agus ag an NSAC, agus tá roinnt riochtaí neamhchoitianta nuabheirthe eile á mbreithniú. Ag a chruinniú i mí na Nollag 2022, chinn an NSAC iarraidh ar HIQA HTA a dhéanamh chun Seargadh Matánach Dromlaigh (SMA) a chur leis. Táthar ag súil go gcuirfidh HIQA tús leis an obair seo go luath in 2023.

Nótaí d'Eagarthóirí

Cuireann Clár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota do Naíonáin Nuabheirthe FSS scagthástáil ar fáil do gach leanbh nuabheirthe nuair a bhíonn siad idir 3 agus 5 lá d'aois le haghaidh 9 riocht sláinte neamhchoitianta ach tromchúiseach.

Cuireadh an 9ú riocht, ADA-SCID (Easnamh Dí-aimíonáise Adanóisín - Comheaspa Imdhíonachta Throm) leis an gclár i mBealtaine 2022.

Nuair a chuirtear scagthástáil le haghaidh Comheaspa Imdhíonachta Throm (SCID) i bhfeidhm, tabharfaidh sé líon na riochtaí sláinte a ndéantar scagthástáil orthu in Éirinn go 10.

Sheol an NSAC a dhara Glao Bliantúil le déanaí, ag tabhairt cuireadh do bhaill an phobail agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh ar chláir scagthástála in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas togra a chur isteach ar fáil ar a láithreán gréasáin.

Tá an NSAC ag lorg léirithe spéise do cheithre ról saineolaithe ar an gCoiste sna réimsí Dlí-Liachta, Cumarsáid/Iriseoireacht, Íomháú Diagnóiseach agus Ailse. Fógraítear na róil faoi láthair ar Stateboards.ie ag an nasc seo a leanas.

D'fhoilsigh NSAC a Chlár Oibre le déanaí freisin lena n-áirítear meastóireacht ar thograí maidir le riochtaí ailse agus riochtaí nach ailse iad, chomh maith le leathnú ar scagthástáil fuilspota do naíonáin nuabheirthe.