English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapadh Dr Suzanne Crowe mar Cathaoirleach nua ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála ag an Aire Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2023
  • An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2025

D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu gurb í an Dr Suzanne Crowe an Chathaoirleach nua ar an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) tar éis comórtais oscailte.

Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a thugann comhairle don Aire agus don Roinn Sláinte ar gach togra nua do chláir agus athbhreithnithe scagthástála daonra-bhunaithe ar chláir atá ann cheana.

Is Comhairleoir í an Dr Crowe in Ospidéal Mhuire na Leanaí, Cromghlinn agus Léachtóir Cliniciúil Sinsearach le Péidiatraic i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus is Ollamh Comhlach í i roinn Sláinte na mBan agus na Leanaí, Scoil an Leighis, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Mar Uachtarán reatha Chomhairle na nDochtúirí Leighis, tugann an Dr Crowe breis agus 30 bliain taithí sa tseirbhís sláinte poiblí agus ceannaireacht grúpaí ildisciplíneacha sinsearacha. Cuireann tiomantas an Dr Crowe chun torthaí sláinte a fheabhsú don daonra sineirgíocht shuntasach ar fáil le hobair thábhachtach an NSAC.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Tugann an Dr Crowe saibhreas taithí agus saineolais don ról tábhachtach seo. Mar thoradh ar a ceannaireacht, gan dabht, beimid in ann feabhsuithe breise a chur chun cinn ar scagadh daonrabhunaithe in Éirinn. Tá leathnú sábháilte ar scagadh daonrabhunaithe in Éirinn mar thosaíocht ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála, a dhéantar i gcomhréir leis an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr. Tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis seo le blianta beaga anuas. Leanaim orm ag tacú le hobair an choiste seo agus táim ag súil go mór le bheith ag obair i dteannta leis an Dr Crowe."

Dúirt an Dr Crowe:

"Tá an-áthas orm a bheith páirteach in NSAC chun leanúint leis an obair thábhachtach atá ar siúl aige maidir le scagthástála daonra in Éirinn. Táim buíoch den Iar-Chathaoirleach, an tOllamh Niall O'Higgins, as an dúshraith cheart a leagan síos agus as an dul chun cinn suntasach atá déanta cheana féin, agus táim meáite ar leanúint leis an obair. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den tábhacht a bhaineann le scagthástáil sláinte daonrabhunaithe, agus táim ag tnúth le cur le scagthástáil éifeachtach sláinte dár ndaonra".

Tá 19 mball den NSAC ann faoi láthair, agus tarraingítear an bhallraíocht ó ionadaithe a bhfuil cúlraí acu i ndisciplíní éagsúla. Tá roinnt comhaltaí de théarmaí an Choiste le dul in éag i mí Dheireadh Fómhair. Tá léirithe spéise á lorg anois ag an Roinn Sláinte le ceapadh chuig an NSAC do dhaoine a bhfuil saineolas acu sna réimsí seo a leanas:

  • Eipidéimeolaíocht
  • Eitic
  • Guth Poiblí
  • Obstatraic
  • Sláinte Eacnamaíocht

Fógraítear na poist ar Chláir Stáit faoi láthair ag an nasc seoagus is é an 17 Samhain 2023 an spriocdháta d'iarratais. Moltar d'iarratasóirí ionchasacha an leabhrán eolais a léamh go cúramach sula gcuirtear iarratas isteach.

GA


Nótaí

Beathaisnéis an Dr Suzanne Crowe:

  • Tá taithí ag an Dr Suzanne Crowe mar Chathaoirleach ar ghrúpaí ildisciplíneacha sinsearacha agus d'oibrigh sí mar dhochtúir le 30 bliain anuas sa tseirbhís sláinte poiblí.
  • Ball toghtha de Chomhairle na nDochtúirí Leighis. Ceapachán ceadaithe ag an Aire Sláinte Simon Harris 2018, Stephen Donnelly 2023.
  • Cathaoirleach an Choiste Eitice, Comhairle na nDochtúirí Leighis (reatha).
  • Comhalta den Choiste Iniúchta agus Riosca, Comhairle na nDochtúirí Leighis (reatha)
  • Ball den Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtais, Comhairle na nDochtúirí Leighis (2018-2021).
  • Measúnóir Dintiúir do Choláiste nAinéistéiseolaithe na hÉireann (2016-2021).
  • Meantóir Gairmiúlachta le Sláinte Leanaí Éireann (reatha).
  • Ball de Chlár Mortlaíochta Leanaí na hÉireann, a dhéanann ionadaíocht thar ceann Dianchúraim Phéidiatraiceach agus Sláinte Leanaí Éireann ag Cromghlinn
  • Ollamh Comhlach sa Phéidiatraic, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (reatha)
  • Léachtóir Sinsearach Cliniciúil sa Phéidiatraic, Scoil an Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (reatha)
  • Stiúrthóir Leighis ar Dhianchúram Péidiatraiceach, Sláinte Leanaí Éireann, Cromghlinn (2016-2021)
  • Comhairleoir i Leigheas Dianchúraim Phéidiatraiceach, Sláinte Leanaí Éireann, Cromghlinn (reatha)
  • Saineolaí Seachtrach do An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát agus do Sheirbhís Chróinéara Thuaisceart Éireann
  • Iontaobhaí Boird d'Ionaid Downs Syndrome Ireland (reatha); LGBT Ireland (reatha); Cheshire Ireland (reatha)

NSAC

Is coiste comhairleach neamhspleách é an Coiste Comhairleach Náisiúnta Scagthástála (NSAC) a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua do chláir scagthástála daonrabhunaithe agus athruithe ar chláir reatha. Tá tuilleadh eolais faoin gCoiste ar fáil ar a shuíomh gréasáin agus i dTuarascáil Bhliantúil 2022. D'fhoilsigh an Coiste a Chlár Oibre in 2022 freisin agus tá sé ar fáil anseo.

Tá ról straitéiseach suntasach ag an gCoiste i bhforbairt agus i mbreithniú clár scagthástála daonrabhunaithe in Éirinn.

Tá an tOllamh Niall O'Higgins ina chathaoirleach ar an gCoiste ó bunaíodh é agus tháinig deireadh lena théarma oifige i Meitheamh 2023. Cinntíonn ceapachán an Dr Crowe leanúnachas don NSAC agus don obair thábhachtach a dhéanann sé. Beidh an chéad chruinniú eile den NSAC ar siúl an 20 Deireadh Fómhair 2023.