English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceapann an tAire Sláinte an Cathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta Scagthástála

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Iúil 2019
  • An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2019

D’fhógair Simon Harris TD, an tAire Sláinte, gur ceapadh an tOllamh Niall O’Higgins mar Chathaoirleach ar an gCoiste Náisiúnta Scagthástála.

Tagann an ceapachán sna sála ar chomórtas oscailte le haghaidh an phoist mar chathaoirleach. Tá taithí fhairsing ag an Ollamh O’Higgins sa réimse seo. Bhí ról lárnach aige i gcóras seirbhísí ailse cíche a bhunú agus in BreastCheck, an Clár Náisiúnta Scagthástála Cíoch.

Bhí sé ina Chathaoirleach ar an Sainghrúpa um scagthástáil ailse calaireictí in Éirinn freisin, ar chomhlacht é a chuir go mór le BowelScreen, an Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige, a bhunú.

Ag fáiltiú dó roimh an bhfógairt, dúirt an tAire Harris:

“Tá meas ann ar an Ollamh O’Higgins ar fud a ghairme ar fad mar gheall ar an saineolas atá aige ar ár gcóras cúram sláinte. Leanfaidh sé le leas a bhaint as a chuid scileanna, cáilíochtaí agus taithí sa ról ríthábhachtach seo.

Tháinig roinnt dúshlán chun cinn i réimse na scagthástála thar an mbliain seo a chuaigh thart agus imreoidh an coiste scagthástála ról ríthábhachtach maidir le cabhrú linn oideachas a chur ar an daonra faoin scagthástáil agus faoi na laigí a bhaineann léi agus, ar deireadh, maidir le cabhrú linn ár rátaí scagthástála a mhéadú ar fud na tíre.

“Beidh ról lárnach ag an gcoiste maidir leis na cláir scagthástála daonra uile in Éirinn a fhorbairt arís eile. Bhuail mé leis an Ollamh O’Higgins le déanaí agus d’iarr mé go dtabharfadh an coiste scagthástála tús áite d’athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár náisiúnta scagthástála fuilspota naíonán nuabheirthe, go háirithe an dóigh a bhféadfaí an clár a leathnú ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Táim buíoch den Ollamh O’Higgins gur aontaigh sé déanamh amhlaidh.”

Dúirt an tOllamh O’Higgins:

“Tá méid ollmhór fianaise ann ar fud an domhain gurb é an toradh a bhíonn ar dhea-chláir scagthástála i sochaithe ina soláthraítear dea-chúram leighis ná go gcoisctear galair, go ndéantar galair inleighis de ghalair a d’fhéadfadh bheith marfach, go gcuirtear feabhas ar cháilíocht na beatha i measc na ndaoine a bhfuil an galar lena mbaineann ag gabháil dóibh agus go mbaintear tairbhí sóisialta agus eacnamaíocha amach don tsochaí. Is féidir le cláir scagthástála feabhas a chur ar shláinte an náisiúin.”

Agus leas á bhaint aige as an dea-chleachtas agus an saineolas atá le fáil i gcláir sa Ríocht Aontaithe agus ar fud na hEorpa, forbróidh an coiste sraith critéar a chuirfear i bhfeidhm i leith feidhmeanna nua, ar nithe iad a ndéanfar meastóireacht orthu in aghaidh caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta.

Dúirt sé freisin:

“Tá sé tábhachtach go mbeadh iontaoibh ag daoine sa scagthástáil an athuair, agus beidh sé sin mar phríomhthosaíocht agam le linn mo sheala mar Chathaoirleach. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as mé a cheapadh agus táim ag tnúth le tuairisc a thabhairt don Roinn Sláinte, d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, do gheallsealbhóirí eile agus, ar ndóigh, don phobal ar phléití an choiste amach anseo. Tá muinín agam gur féidir leis an gCoiste Náisiúnta Scagthástála ról tábhachtach a imirt i muinín an phobail a athbhunú as na buntáistí cruthaithe a bhaineann an scagthástáil amach do shláinte ár náisiúin.’

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Moladh i dTuarascáil Scally (2018) go gcuirfí Coiste Náisiúnta Scagthástála ar bun.

Beidh an Coiste Náisiúnta Scagthástála (Éire) ina Shainchoiste Comhairleach neamhspleách a bheidh freagrach as cláir scagthástála daonra in Éirinn a mheas in aghaidh critéir a bhfuil glacadh idirnáisiúnta leo.

Ag teacht sna sála ar cheapadh an Ollaimh Niall O’Higgins mar Chathaoirleach, earcófar na comhaltaí eile den Choiste trí ghlao oscailte le haghaidh comhaltaí sna míonna atá le teacht.

Tionólfaidh an Coiste an chéad chruinniú dá chuid sa bhliain 2019.

Beathaisnéis

Tá Niall O’Higgins ina Ollamh Emeritus le Máinliacht sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sé céim amach ó Scoil an Leighis, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus fuair sé a chuid oiliúna máinliachta in Éirinn agus i Sasana.

Ceapadh é mar Ollamh agus Cathaoirleach ar Roinn na Máinliachta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus mar Mháinlia Comhairleach (Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann) sa bhliain 1977, agus d’fhan sé sa ról sin ar feadh breis agus 30 bliain.

Tá an tOllamh O’Higgins ina mháinlia ginearálta a bhfuil spéis ar leith aige san oinceolaíocht mháinliachta, go háirithe ailse chíche. Bhí ról aige i níos mó ná 300 foilseachán eolaíocha, a mbaineann an chuid is mó díobh le taighde agus máinliacht chliniciúil i réimse na hailse cíche. Tá sé ina chomheagarthóir ar mhór-théacsleabhar ar an máinliacht.

Tá sé ina iar-Chathaoirleach ar Ghrúpa Ospidéal Ollscoil Luimnigh.

Fuair sé Comhaltacht Oinigh ó Choláiste Ríoga Máinlianna Shasana agus ó Choláiste Máinlianna Mheiriceá. Bronnadh Comhaltacht Oinigh ó Choláiste Máinlianna na hAfraice Theas, ó Choláiste Máinlianna na Banglaidéise agus ó Choláiste Ríoga Lianna agus Máinlianna Ghlaschú air freisin. Fuair sé Bonn Óir an Uachtaráin ó Choláiste Ríoga Máinlianna Dhún Éideann.

Tá an tOllamh O’Higgins ina iar-Uachtarán ar Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, ar Chumann Eorpach na hOinceolaíochta Máinliachta (1994-1998) agus ar Chónaidhm na gCumann Eorpach Ailse (1997-1999) agus tá sé ina iar-Chathaoirleach ar an gComhairle Creidiúnúcháin um Oinceolaíocht san Eoraip. Chomh maith leis sin, bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Eagarthóireachta European Journal of Surgical Oncology (EJSO) ón mbliain 2001 go dtí an bhliain 2008.

Bhí ról lárnach aige i gcóras seirbhísí siomptómacha ailse cíche a bhunú agus in BreastCheck, an Clár Náisiúnta Scagthástála Cíoch. Bhí ról lárnach aige freisin i dtreoirlínte a cheapadh maidir le cáilíocht an chúraim don ailse chíche in Éirinn agus san Eoraip. Bhí sé ina Chathaoirleach ar an Sainghrúpa um scagthástáil ailse calaireictí in Éirinn freisin, ar ghrúpa é a rannchuidigh go mór le BowelScreen, an Clár Náisiúnta Scagthástála Putóige, a bhunú.