Clár oiliúna nua fógartha ag an Aire Sláinte a ligfidh d'fhisiteiripeoirí othair a atreorú le haghaidh imscrúduithe
- Foilsithe: 1 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Iúil 2024
D'fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, inniu go dtabharfar cuireadh go luath d'fhisiteiripeoirí atá ag obair i róil ábhartha ar fud na seirbhíse sláinte iarratas a dhéanamh chun oiliúint a fháil, ionas gur féidir leo othair a atreorú le haghaidh gnáthamh raideolaíoch. Tosóidh an chéad ghrúpa d’fhisiteiripeoirí ag traenáil i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath (UCD) i Meán Fómhair 2024.
Tosaíocht thábhachtach don Aire Sláinte is ea tacú le gairmithe cúraim sláinte chun cúram othar éifeachtach agus éifeachtúil a sholáthar. Mar thoradh ar fhisiteiripeoirí a chur faoi oiliúint go cuí chun daoine a atreorú le haghaidh gnáthamh raideolaíoch, beidh níos lú céimeanna i gcúram na n-othar sin a dteastaíonn diagnóisic uathu, beidh feabhas curtha ar eispéiris othar agus déanfar leathnú ár soláthar seirbhísí cúraim sláinte a bharrfheabhsú. Tá forbairt an chláir oiliúna seo maoinithe ag an Roinn Sláinte tríd an gCiste Nuálaíochta um Chomhtháthú Sláintecare.
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tá an-áthas orm sonraí a fhógairt maidir leis an gcinneadh fisiteiripeoirí atá oilte go cuí a ainmniú mar atreoraithe do gnáthaimh raideolaíocha. Mar thoradh air seo beidh níos lú céimeanna i gcúram na n-othar sin a dteastaíonn diagnóisic uathu, lena n-áirítear x-gha. Tacóidh sé freisin leis na conairí cúraim atá ann cheana agus díreofar ar na conairí céanna seo a nuachóiriú, chomh maith le héifeachtúlacht a chur chun cinn. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair luachmhar a dhéanann ár bhfisiteiripeoirí, a oibríonn gan stad chun na torthaí is fearr a chinntiú d'othair.
“Tá sé ríthábhachtach bealaí nuálacha nua a aimsiú, tacú leo agus iad a scálú chun cúram a chur ar fáil chun Sláintecare a chur i gcrích. Agus muid ag obair le chéile, cabhrófar linn spriocanna Sláintecare a bhaint amach maidir le liostaí feithimh a laghdú agus eispéiris a fheabhsú d'othair agus do bhaill foirne ar fud na seirbhíse sláinte agus cúraim shóisialta in Éirinn."
Tá gá le leasú reachtach chun fisiteiripeoirí a ainmniú mar atreoraithe do gnáthaimh raideolaíocha, lena n-áirítear x-ghathanna, agus tá breithniú á dhéanamh ar an gcaoi a bhfeidhmeoidh an cleachtas seo agus ar a chomhtháthú ar fud agus laistigh de sheirbhísí cliniciúla. Tá an Sainghrúpa Oibre, a bunaíodh i mí an Mhárta 2024, ag tacú le forbairt agus cur chun feidhme an bheartais seo. Sa ghrúpa seo tá ionadaíocht ón Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, CORU, UCD, agus Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann.
Nótaí
Bunaíodh an Sainghrúpa Oibre um Atreorú Fisiteiripeoirí do Ghnáthaimh Raideolaíocha i mí an Mhárta 2024 chun tacú le forbairt agus cur i bhfeidhm an bheartais seo. Áirítear leis sin cúrsaí oiliúna ábhartha a fhorbairt, maoirseacht chliniciúil agus rialála a bhunú, agus leasú ar an reachtaíocht ábhartha.
Faoi láthair, is féidir le fisiteiripeoirí othair a atreorú chuig imscrúduithe raideolaíocha, lena n-áirítear x-ghathanna, i roinnt dlínsí lena n-áirítear Sasana, an tSualainn, Ceanada agus an Nua-Shéalainn. D'aithin an bonn fianaise go leor buntáistí don othar agus don tseirbhís cúraim sláinte agus ní aithníonn sé teagmhais dhíobhálacha thromchúiseacha tuairiscithe sna sála ar atreorú déanta ag fisiteiripeoirí ardoilte le haghaidh gnáthamh raideolaíoch.
Tosóidh an chéad ghrúpa fisiteiripeoirí ag traenáil in UCD i Meán Fómhair 2024.