Cloch mhíle fógartha ag an Aire Sláinte i bhforbairt Ospidéal Roghnach Réigiúnach nua i gCorcaigh agus i nGaillimh
- Foilsithe: 26 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu go bhfuil cloch mhíle thábhachtach eile bainte amach ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) maidir le hOspidéil Roghnacha Réigiúnacha nua a chur chun cinn. Tá 'iarratas ar thairiscintí' eisithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Chéim 1 de na hospidéil roghnacha nua i gCorcaigh agus i nGaillimh.
Is tairiscint í seo d'Fhoireann Deartha faoi stiúir Ailtire chun seirbhísí ailtireachta, deartha agus innealtóireachta a sholáthar agus d'Fhoireann Rialaithe Tionscadail a fháil, chun tacú le FSS an clár deartha/tógála a bhainistiú, a rialú agus a riaradh. Tá sé i gceist ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go mbeidh na foirne i bhfeidhm i rith an tsamhraidh seo. Tá na suíomhanna roghnaithe do na forbairtí in Ospidéal Naomh Stiofán, Cúirt an tSáirséalaigh i gCorcaigh, agus Páirc Mhuirlinne i nGaillimh.
Cuirfidh na Foirne Deartha agus Rialaithe Tionscadal leis an obair a rinneadh go dtí seo chun na háiseanna nua suntasacha seo a fhorbairt. Beidh na hOspidéil Roghnacha nua scartha ó na hospidéil atá ann cheana féin agus ní dhéanfar iontu ach obráid, gnáthaimh agus cóireálacha roghnacha atá beartaithe roimh ré. Mar thoradh ar an scaradh roghnach seo ó chúram éigeandála agus criticiúil, beidh níos lú cealuithe agus moilleanna ar chúram roghnach mar gheall ar bhorradh séasúrach, ráigeanna áitiúla, agus borradh i bhfreastal éigeandála. Beidh an méadú seo ar chumas ríthábhachtach chun dul i ngleic le liostaí feithimh agus chun amanna feithimh d'othair phoiblí a laghdú. Tá pleananna d'ospidéal Roghnach i mBaile Átha Cliath ag dul chun cinn freisin, agus cuirfidh an tAire Meamram faoi bhráid an Rialtais go luath ina gcuirfear uasdátú ar an suíomh agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar fáil.
Mar chuid den Chlár Cúraim Roghnach níos leithne agus sula gcuirtear Ospidéil Roghnacha ar fáil, tá sé Mhol Máinliachta nua á bhforbairt ag FSS faoi láthair ag láithreáin ar fud na tíre. Tá dhá Mhol Máinliachta i mBaile Átha Cliath (Sord agus Mt Carmel) le bheith i bhfeidhm i mbliana, agus beidh na cinn i Luimneach, i bPort Láirge, i gCorcaigh agus i nGaillimh ag feidhmiú in 2025.
Tá siad seo múnlaithe ar an Aonad Máinliachta Lae Reeves rathúil i dTamhlacht, a chuidigh go mór leis na hamanna feithimh do roinnt gnáthamh roghnach a laghdú.
Nótaí:
Freastalaíonn ospidéil roghnacha amháin ar chásanna ardéilimh, réasúnta íseal-ghéire. Beidh na hOspidéil Roghnacha dírithe ar chás Lae, Ionscópacht GI, mionobráidí, cóireáil othar seachtrach agus seirbhísí diagnóisice othar seachtrach a sholáthar.
I mí na Nollag 2022, cheadaigh an Rialtas an chéad chéim eile den Chlár um Sholáthar Feabhsaithe Cúraim Roghnach agus dul chun cinn ar fhorbairt Ospidéal Roghnach nua ag láithreáin bheartaithe a mholtar a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéim pleanála i gCorcaigh (Ospidéal Stiofáin, Cúirt an tSáirséalaigh) agus Gaillimh (Ospidéal Ollscoile Pháirc Mhuirlinne). Déanfar moladh faoi Bhaile Átha Cliath in am trátha.
Tá an tsamhail éilimh atá mar bhonn agus mar thaca ag sceideal na cóiríochta a theastaíonn chun tacú le Céim I de Chlár na nOspidéal Roghnach do Chorcaigh agus do Ghaillimh bunaithe ar:
- 10 speisialtacht a chuimsíonn 497 gnáthamh lae d'othair oiriúnacha fhásta de réir mar a mheastar a bheith oiriúnach go cliniciúil le haghaidh cóireála san áis
- Lá oibre 12 uair an chloig lena n-áirítear 8 n-uaire an chloig d'am le haghaidh gnáthamh ar sceideal 6 lá sa tseachtain, 50 seachtain in aghaidh na bliana