Comhairle nua maidir le Forlíonadh Vitimín D do dhaoine 65 bliain d’aois agus níos sine
- Foilsithe: 24 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 26 Samhain 2020
Inniu, tá an Roinn Sláinte ag comhairliú d’aosaigh atá 65 bliain d’aois agus níos sine forlíonadh vitimín D a thógáil lena chinntiú go bhfaigheann siad an vitimín D atá riachtanach le haghaidh cnámhshláinte agus sláinte matán.
Níos túisce i mbliana, d’iarr an Roinn Sláinte ar Choiste Eolaíochta Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) scrúdú a dhéanamh ar stádas vitimín D an ghrúpa scothaosta seo den daonra agus moltaí eolaíocha maidir le forlíonadh vitimín D a sholáthar. Aimsíodh i dTuarascáil FSAI nach bhfaigheann daoine scothaosta in Éirinn dóthain vitimín D óna mbia aiste nó ó éifeacht sholas na gréine ar a gcraiceann.
Bunaithe ar an bhfianaise i dTuarascáil FSAI, tá an Roinn Sláinte ag soláthar treoir sláinte maidir le forlíonadh vitimín D do dhaoine scothaosta.
Is é an moladh atá á dhéanamh go dtógann aosaigh atá 65 bliain d’aois agus níos sine forlíonadh vitimín D - 15 mhicreagram (15μg) gach lá lena chinntiú go bhfaigheann siad an vitimín D atá riachtanach do chnámhshláinte agus do shláinte matán.
Is féidir an forlíonadh vitimín D seo a thógáil ar cheann amháin de thrí bhealach: mar fhorlíonadh ilvitiminí ina bhfuil 15 mhicreagam (15μg) de vitimín D; mar fhorlíonadh cailciam agus vitimín D a áirítear ann 15 mhicreagam (15μg) de vitimín D, nó mar fhorlíonadh vitimín D amháin ina bhfuil 15 mhicreagam (15μg) de vitimín D.
Is féidir le daoine a bhfuil forlíonadh vitimín D á dtógáil acu faoi láthair atá oideasaithe ag dochtúir nó altra agus a bhfuil níos mó ná 15 mhicreagam (15μg) ann leanúint leis an bhforlíonadh oideasaithe a thógáil.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Sláinte, Stephen Donnelly TD, faoin moladh beartais nua:
“Tá Vitimín D riachtanach do chnámhshláinte agus do shláinte matán maith de réir mar a éiríonn muid níos sine. Go deimhin, tá nasc láidir idir leochaileacht agus stádas íseal vitimín D in aosaigh níos sine. D’fhéadfadh go mbeadh an nasc seo mar bhonn le timthriall ina mbíonn daoine leochaileach mar gheall ar stádas íseal vitimín D a chuireann cosc ar a ngluaiseacht agus dul amach faoin aer, rud a chuireann freisin le hiontógáil íseal Vitimín D. Cabhróidh [external-link https://www.gov.ie/en/policy-information/706608-healthy-ireland-policies/#vitamin-d | an treoir ] atá eisithe ag mo Roinnse inniu maidir le forlíonadh oiriúnach vitimín D do dhaoine 65 bliain d’aois agus níos sine leis an timthriall seo a chosc. Cúis áthais é go bhfuil daoine ag maireachtáil níos faide agus tá sé thar a bheith tábhachtach tacú le haosú sláintiúil ionas gur féidir le daoine leanúint le saol sona agus iomlán a chaitheamh.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Frank Feighan TD, An tAire Stáit do Shláinte Phoiblí agus Folláine:
“Is ionann an treoir seo agus céim shuntasach chun cinn chun cabhrú lena chinntiú go bhfuil dóthain vitimín D a dtógáil ag daoine i rith a saoil. Cuireann sé le beartas reatha na Roinne maidir le forlíonadh vitimín D do leanaí suas go dtí 1 bhliain d’aois agus lenár dtreoir a seoladh le déanaí maidir forlíonadh vitimín D do leanaí idir 1-4 bhliain d’aois. Is mian linn go mbeidh cnámha láidre ag daoine ó aois óg agus go mbeidh cnámhshláinte agus sláinte matán maith á cothú i ndaoine scothaosta. Ba cheart do dhaoine scothaosta foinsí nádúrtha vitimín D a áireamh ina n-aiste bia go rialta, cosúil le hiasc olúil, uibheacha, feolta agus bianna ina bhfuil breis vitimín D.”
Chomh maith leis sin, rinneadh athbhreithniú i dtuarascáil FSAI ar an bhfianaise atá le fáil maidir le forlíontaí vitimín D a bheith á dtógáil chun COVID-19 a chosc nó a chóireáil. Aithníodh i dTuarascáil FSAI nach bhfuil ach taighde teoranta ar fáil agus cinneadh nach bhfuil aon fhianaise ann maidir le forlíontaí vitimín D a thógáil go sonrach chun COVID-19 a chosc nó a chóireáil. Chomh maith leis sin, thuairiscigh siad maidir le conclúidí Choiste Comhairleach Eolaíochta maidir le Cothú na Ríochta Aontaithe agus chuir siad in iúl go raibh an fhianaise maidir le forlíonadh vitimín D agus an riosca maidir le géar-ionfhabhtú sa chonair riospráide neamhsheasmhach agus nár léir go raibh éifeacht thairbheach ag forlíonadh vitimín D ar an riosca a bhain le galar ionfhabhtaíoch.
CRÍOCH
Más mian leat Ursula O’Dwyer, Comhairleoir an Bheartais um Chur Chun Cinn na Sláinte, An Roinn Sláinte, a chur faoi agallamh, déan teagmháil le press_office@health.gov.ie