Comhairliúchán poiblí ar chosaint aosach in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta seolta ag an Aire Butler
- Foilsithe: 31 Eanáir 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
- comhairliúchán nua seolta chun an chéad bheartas náisiúnta ar chosaint aosach do sheirbhísí sláinte agus an chúraim shóisialta a chur le chéile
- déanfar an creat beartais um chosaint aosach atá ann cheana féin a neartú
- bainfidh an beartas nua seo le gach seirbhís cúraim sláinte agus cúraim shóisialta phoiblí, dheonach agus phríobháideach
- beartais nua uileghabhálacha leis an aidhm le daoine fásta in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta a choinneáil slán ó mhí-úsáid
D'oscail an tAire Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, Mary Butler, comhairliúchán poiblí inniu ar thograí beartais nua chun cosaint bhreise a thabhairt do dhaoine fásta atá ag baint úsáide as seirbhísí san earnáil sláinte agus cúraim shóisialta.
Is éard atá i gceist le cosaint ná bearta áirithe a chur i bhfeidhm chun daoine atá leochaileach do mhí-úsáid a chosaint.
Tá sé mar aidhm ag na tograí beartais nua a leagtar amach sa chomhairliúchán mí-úsáid a chosc tuilleadh, dul i ngleic le mí-úsáid amhrasta agus conas idirghabháil a dhéanamh de réir mar is gá in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta, agus tacú le cearta cinnteoireachta daoine fásta. Moltar freisin athchóirithe chun an creat dlíthiúil ábhartha atá ann cheana a neartú.
Déanfaidh an polasaí nua an méid seo a leanas:
- bainfidh sé le gach seirbhís cúraim sláinte agus cúraim shóisialta phoiblí, dheonach agus phríobháideach.
- déanfaidh sé an creat beartais reatha um chosaint aosach a neartú don earnáil sláinte agus cúraim shóisialta.
- beidh sé d'aidhm aige seasamh le cearta úsáideoirí seirbhíse atá leochaileach, le cinntiú go bhféadfaidís a gcinntí féin a dhéanamh, le cultúr láidir cosanta a chothú ar fud na seirbhísí go léir, agus chun tacú le hidirghabháil éifeachtach nuair is gá chun úsáideoirí seirbhíse atá i mbaol a chosaint ó mhí-úsáid.
Agus an comhairliúchán á sheoladh aici, dúirt an tAire Butler:
“Is éard atá i gceist le cosaint aosach ná cultúr cosanta láidir a chothú i ngach seirbhís, chomh maith leis na beartais agus reachtaíocht chuí a chur i bhfeidhm chun an baol díobhála do dhaoine fásta a laghdú.
"Táimid ag iarraidh cinntiú go bhfuil gach duine atá ag baint úsáide as seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta cosanta in aghaidh mí-usáide agus díobhála.
“Cabhróidh aiseolas ón bpobal leis an gcéad bheartas náisiúnta ar chosaint aosach in earnáil na sláinte agus an chúraim shóisialta a mhúnlú. Táim ag tnúth le tuairimí na ndaoine a úsáideann ár seirbhísí a chloisteáil maidir leis an gcaoi ar cheart dár gcóras a fhreagrachtaí cosanta a chomhlíonadh, mar aon le tuairimí a dteaghlaigh agus a gcairde, soláthraithe seirbhíse, baill foirne, eagraíochtaí páirtithe leasmhara agus an phobail i gcoitinne. Molaim do gach duine ar spéis leo páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán".
Tá tairseach comhairliúcháin ar líne ar oscailt anois, rud a thugann deis do dhaoine a dtuairimí a chur isteach maidir leis na tograí beartais.
Dúnfar an comhairliúchán poiblí ag 5.00pm Dé Céadaoin, 13 Márta 2024. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhairliúchán ar líne (lena n-áirítear faisnéis faoi Éasca le Léamh agus formáidí freagartha eile), téigh chuig:
Nótaí
- is príomhchuspóir de chuid an Rialtais agus na sochaí é sábháilteacht agus cosaint daoine atá leochaileach.
- ciallaíonn cosaint aosach bearta a chur i bhfeidhm chun an baol go ndéanfaí mí-úsáid ar dhaoine fásta a laghdú (daoine fásta leochaileacha ar a dtugtaí daoine fásta leochaileacha roimhe seo), a sláinte, a bhfolláine agus a gcearta daonna a chur chun cinn agus a chosaint, iad a chumhachtú chun iad féin a chosaint, agus cabhrú leo a bheith saor ó mhí-úsáid, dhíobháil agus fhaillí.
- is duine atá i mbaol (atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn) é duine a bhfuil cabhair uathu len iad féin agus a leas a chosaint ag am faoi leith, bíodh sin mar gheall ar thréithe nó cúinsí pearsanta agus atá i mbaol díobhála ó dhuine eile.
- tá feasacht agus athrú cultúrtha ríthábhachtach le cosaint aosach éifeachtach a chinntiú
- tá réimse reachtaíochta agus beart bunaithe ar bheartas i bhfeidhm in Éirinn cheana féin. Aithnítear gur gá an creat sin a neartú tuilleadh agus reachtaíocht ghaolmhar atá mar bhonn taca a thabhairt isteach. Dá bhrí sin, tá beartas náisiúnta uileghabhálach á fhorbairt ag an Roinn Sláinte maidir le cosaint aosach san earnáil sláinte agus cúraim shóisialta
- tá céimeanna taighde agus comhairliúcháin le páirtithe leasmhara den obair seo curtha i gcrích cheana féin agus foilsíodh tuarascálacha gaolmhara ar shuíomh gréasáin na Roinne
- tá an comhairliúchán poiblí á dhéanamh ag an Institiúid Sláinte Poiblí (IPH) thar ceann na Roinne. Déanfaidh an IPH anailís ar aiseolas an phobail agus cuirfidh sé tuarascáil ar fáil faoin gcomhairliúchán don Roinn Sláinte
- d'fhorbair an Roinn Sláinte na dréacht-tograí beartais maidir le cosaint aosach i gcomhar leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, a bhfuil freagracht bheartais uirthi as sainseirbhísí míchumais pobal-bhunaithe
- tá tionscnaimh ar leith ar bun chun cosaint aosach a fheabhsú. Tá athbhreithniú ardleibhéil coimisiúnaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar a beartas, nósanna imeachta agus struchtúir chosanta. Tá Tuarascáil agus dréachtreachtaíocht á hullmhú ag an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí maidir le Creat Rialála um Chosaint Aosach (ar fud na n-earnálacha go léir)