English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann Airí Sláinte lipéadú sláinte cuimsitheach ar tháirgí alcóil i bhfeidhm ar an dlí don chéad uair ar domhan

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Bealtaine 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireann an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., Rialacháin Sláinte Phoiblí 2023 (Lipéadú) (Alcól) i bhfeidhm ar an dlí agus na forálacha eile d'Alt 12 don Acht Sláinte Phoiblí (Alcól).

Tugann Alt 12 agus Rialacháin Lipéadaithe lipéadú sláinte cuimsitheach ar tháirgí alcóil díolta in Éirinn agus beidh eolas sláinte cosúil leis seo ar fáil do chustaiméirí in áitribh cheadúnaithe.

Forálann an dlí go gcuirfidh lipéid ar tháirgí alcóil calraí agus graim alcóil atá sa táirge in iúil. Tabharfaidh siad radhadh ar an mbaol a bhaineann le halcól a ól agus duine ag iompar clainne agus tabharfaidh siad rabhadh chomh maith ar bhaol galar ae agus ailsí marfacha ó alcól a ól. Díreoidh na lipéid an tomhaltóir i dtreo suímh gréasáin an FSS, www.askaboutalcohol.ie, le haghaidh breis eolais.

Tá tréimhse tosaigh trí bliana mar chuid den dlí chun am suntasach a thabhairt do ghnóthaí ullmhú don athrú. Beidh an dlí seo i bhfeidhm ó 22 Bealtaine 2026.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Dearadh an dlí le tuiscint níos fearr a thabhairt do thomhaltóir ar ábhar alcóil agus an baol a bhaineann le halcól a ól. Leis an eolas sin, is féidir linn rogha fheasach a dhéanamh bunaithe ar ár n-ólachán alcóil féin.

"Tá an eoals sláinte seo at lipéid táirgí bia agus deochanna eile, chomh maith le foláirimh sláinte mar is cuí. Leis an dlí seo, beidh táirgí alcóil ar aon líne leis seo."

Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí Hildegarde Naughton T.D., chomh maith:

"Tá an ceart ag gach duine a bheith ar an eolas faoi an baol a bhaineann le táirge sula n-ólann siad é. Dearadh an dlí le cinntiú go mbeidh eolas soléir agus achomair ag tomhaltóir alcóil maidir leis an baol a bhaineann le halcól.

"Tá an fhianaise leighis shoiléir go mbaineann baol ailse le hól alcóil, fiú ag leibhéil níos ísle."

Mar chonclud dúirt an tAire Donnelly: "Is mór agam gur sinn an chéad tír ar domhan chun an chéim seo a ghlacadh agus lipéadú sláinte cuimsitheach ar tháirgí alcóil a thabahirt isteach. Táim ag súil go leanfaidh tíortha eile an sampla atá againn."


Nótaí don eagarthóir:

Ólachán éadrom go measartha ba chúis le 23,000 cásanna ailse nua in 2017, agus b'ailse chíche baineannaigh a bhí i mbeagnach leath na gcásanna. [Tuarascáil ar Alcól agus ailse sa Réigiúin Eorpach EDS (2020)]

Bhí ráigeanna óil troma ag 60% de na daoine a ólann alcól, le 24% díobh á dhéanamh ar bhonn seachtainiúil [Torthaí an Suirbhé Náisiúnta ar Dhrugaí agus Alcól don tréimhse 2019-2020]

In 2019, alcól ba chúis le 4.8% de gach bás sa tír seo agus 5.2% bliainta saoil coigeartaithe de réi réagumais, de réir sonraí ó Global Burden of Disease.

Mhéadaigh meánam cuarteanna ospidéil d'othair le diagnóis a bhain le halcól ó 6.0 lá in 1995 agus 10.3 lá in 2018, a léiríonn go bhfuil na tinnis seo ag éirí níos casta agus go dtógann sé níos mó ama iad cóir leighis a chur orthu. Mhéadaigh líon na leapacha ospidéil a d'úsaideach de thoradh ar na tinnis seo go suntasach l linn an tréimhse céanna ó 56,264 (in 1995) go 177,892 (in 2018).

Léiríonn fianaise ó ruibhré Éire Shláintiúil, a dhéantar gach bliain bunaithe ar shampla ionadaíoch de níos mó ná 7,000 ionadaithe go náisiúnta, go bhfuil líon mór de thomhaltóirí na hÉireann aineolach ar an mbaol sláinte a bhaineann le halcól a ól. I measc na suirbhéanna bliantúla seo tá na torthaí seo a leanas:

  • Nuair a chuireadh ceist orthu an raibh sé sábháilte méid beag alcóil a ól agus tú ag iomar chainne, cheap 7% díobh siúd a d'fhreagair go raibh sé sábhailate agus ní raibh a fhios ag 9%.
  • Ní raibh 79% ar an eolas faoin mbaol ailse chíche a bhaineann le níos mó alcóil a ól ná mar a mholtar agus ní raibh 60% ar an eolas faoin mbaol ailse phutóige.
  • Ní raibh a fhios ag 52% go raibh riosca méadaithe ulcers boilg agus ní raibh 49% ar an eolas faoin gcaidreamh idir alcóil a ól agus brú fola ard.
  • B'iondúil go raibh daoine idir 15 agsu 24 nios aineolaí ar an mbaol a bhaineann le hólchán trom i gcomparáid le aoisghrúpaí eile.