English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Burke fáilte roimh laghdú 19.4% ar Bhásanna de thoradh Drugaí in 2021.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Meán Fómhair 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Colm Burke fáilte inniu roimh fhoilsiú ón mBord Taighde Sláinte a léiríonn laghdú 19.4% ar líon na mbásanna de thoradh drugaí in 2021, i gcomparáid le 2020.

Léiríonn an tInnéacs Náisiúnta um Bhásanna de Thoradh Drugaí (NDRDI) go raibh 85 bás níos lú in 2021 (354) i gcomparáid le figiúr 2020 de 439.

Ag labhairt faoi na torthaí, dúirt an tAire Burke:

"Aithním an caillteanas agus an brón a mhothaíonn na teaghlaigh agus iad faoi mhéala ag bás duine muinteartha. Cé gur leor bás amháin, tá sé an-suntasach go bhfuil laghdú beagnach 20% tagtha ar líon na mbásanna de thoradh drugaí. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le soláthraithe seirbhíse drugaí agus le freagróirí éigeandála as a gcuid oibre chun an dochar a bhaineann le húsáid drugaí a laghdú trí chur chuige faoi stiúir na sláinte."

Dúirt an tAire Burke fosta:

"Is féidir an baol de bhásanna de thoradh ródháileoige drugaí a mhaolú tuilleadh trí dhaoine a theorú i dtreo gcóireála drugaí agus trí rochtain ar nalocsón a mhéadú, an leigheas le haghaidh ródháileoige a bhaineann le codlaidíneach. Tá méadú 50% tagtha ar líon na gcásanna atá ag baint úsáide as seirbhísí cóireála drugaí (os cionn 13,000 cás in 2023) mar gheall ar an infheistíocht bhreise i seirbhísí faoin straitéis náisiúnta drugaí. Thacaigh mé freisin leis an leathnú ar sheirbhísí seiceála drugaí faoi Chlár Safer Nightlife de chuid FSS. Beart coisctheach eile is ea an tsaoráid insteallta maoirsithe a oscailt i lár Chathair Bhaile Átha Cliath faoi dheireadh na bliana."

Leanann an Roinn Sláinte ag obair go dlúth le Grúpa Náisiúnta um Dhearbhú Cáilíochta Maoirseachta Nalocsóin de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), chun aird a tharraingt ar na buntáistí a bhaineann le nalocsón agus chun nalocsón a chur ar fáil níos forleithne.

I mBuiséad 2024, cuireadh maoiniú €4 mhilliún ar fáil le seirbhísí drugaí sa phobal a leathnú chun seirbhísí nua a fhorbairt do na dhaoine óga sin atá gafa le drugaí agus a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu. San iomlán, leithdháileann an Roinn Sláinte agus FSS thart ar €163 milliún do sheirbhísí drugaí agus alcóil gach bliain.

Chuir an tAire Burke leis an méid sin, ag rá:

"Aithníonn ár Straitéis Náisiúnta Drugaí agus Comhfhís, ár mbeartas náisiúnta meabhairshláinte, gur cheart go mbeadh rochtain ag daoine a bhfuil dédhiagnóis acu (a bhfuil fadhbanna le mí-úsáid substaintí agus fadhbanna meabhairshláinte acu araon) ar sheirbhísí agus tacaíochtaí meabhairshláinte cuí. Cuid lárnach de Chlár Dédhiagnóise FSS ab ea samhail chúraim a fhorbairt ina shonraítear conair chliniciúil shoiléir do gach ógánach agus gach duine fásta a bhfuil amhras ann go bhfuil dédhiagnóis acu, a chlúdaíonn comhtháthú thar chúram príomhúil, úsáid substaintí, seirbhísí meabhairshláinte sa phobal agus géarmhíochaine. Thacaigh Coláiste Síciatraithe na hÉireann leis an tSamhail Chúraim seo."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Burke:

“Mholfainn d'aon duine a bhfuil imní orthu maidir lena n-úsáid drugaí, nó le húsáid duine muinteartha is acu, cuairt a thabhairt ar cheann de na 422 seirbhís drugaí atá ar fáil go náisiúnta. Tá léarscáil de sheirbhísí ar fáil, a chuireann eolas inseolta ar fáil go héasca faoi sheirbhísí áitiúla do dhaoine atá ag iarraidh teacht ar sheirbhísí chun dul i ngleic lena n-úsáid drugaí nó alcóil, agus do theaghlaigh agus do dhaoine eile a bhfuil imní orthu agus atá ag streachailt chun déileáil le húsáid drugaí nó alcóil a ndaoine muinteartha.

"De rogha air sin, is féidir leo teagmháil a dhéanamh le Líne Chabhrach Drugaí agus Alcóil FSS. Cuireann an tseirbhís seo líne chabhrach saorghlao rúnda ar fáil saor in aisce ó Luan go hAoine idir 9.30am agus 5.30pm. Is féidir teacht air ag 1800 459 459 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig helpline@hse.ie."


Nótaí:

An tInnéacs Náisiúnta um Bhásanna de Thoradh Drugaí

  • Is é an NDRDI an bunachar sonraí náisiúnta chun taifead a choimeád ar bhásanna de thoradh nimhithe, básanna i measc daoine a úsáideann drugaí agus básanna i measc daoine atá tugtha d’alcól. Bunaíodh é sa bhliain 2005 mar fhreagra ar ghníomh sa Straitéis Náisiúnta Drugaí ábhartha. Tá sé cómhaoinithe ag an Roinn Sláinte agus ag an Roinn Dlí agus Cirt agus cothabháilte ag an mBord Taighde Sláinte.
  • Úsáideann an NDRDI ceithre fhoinse faisnéise, is iad príomhfhoinsí na sonraí ná comhaid dhúnta ón gcróinéir, a bhailíonn foireann NDRDI go pearsanta ó gach oifig chróinéara. De ghnáth, ciallaíonn sé seo go bhfoilsítear an NDRDI i gcónaí thart ar dhá bhliain níos déanaí.
  • Is é cuspóir an NDRDI ná faisnéis a chur ar fáil ionas gur féidir leis an Stát freagairt go tráthúil le sonraí cruinne maidir le básmhaireacht a bhaineann le drugaí.

Maoiniú do sheirbhísí

  • Tá tionscnaimh nua tugtha isteach ag an Roinn chun rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú le blianta beaga anuas. Áirítear leis seo an Ciste Feabhsúcháin Seirbhísí Pobail (CSEF), a tugadh isteach in 2022, le buiséad €2 mhilliún, chun seirbhísí drugaí agus alcóil pobalbhunaithe a fheabhsú faoin Straitéis Náisiúnta Drugaí. Tá an maoiniú ag teacht leis an mbéim ar chúram pobail feabhsaithe sa chlár athchóirithe Sláintecare, a aistríonn cúram chuig an bpobal agus mar sin, níos gaire do thithe daoine. Tá os cionn 50 tionscadal drugaí pobalbhunaithe á maoiniú faoin CSEF ar fud na nEagraíochtaí Cúram Sláinte Pobail (CHOanna).
  • Tá €13.5 milliún breise leithdháilte ag an Roinn in 2023 agus 2024 chun tacú le seirbhísí reatha agus chun seirbhísí nua a fhorbairt sa phobal. Leithdháiltear thart ar aon trian den mhaoiniú seo d’eagraíochtaí pobail agus deonacha.
  • Chuir an Roinn Sláinte €4 mhilliún breise ar fáil chun seirbhísí andúile sa phobal agus seirbhísí cónaithe a leathnú faoi Phlean Seirbhíse Náisiúnta FSS 2023. Cuireadh €3.5 milliún eile ar fáil chun an leibhéal seirbhíse atá ann cheana féin a choinneáil mar an gcéanna do sholáthraithe pobail agus deonacha a chuireann seirbhísí sláinte drugaí agus cuimsithe ar fáil.
  • Faoi Bhuiséad 2024, fuarthas €800,000 chun tacú le téarnamh daoine atá tugtha do dhrugaí agus lena gcomhtháthú sa saol laethúil, lena n-áirítear an teaghlach, tithíocht, fostaíocht agus oideachas. Áireofar leis seo tacaíocht téarnaimh piarbhunaithe agus cóitseáil, agus pobail téarnaimh a fhorbairt. Fuarthas €2 mhilliún chun tacú le seirbhísí drugaí pobalbhunaithe agus iad a leathnú i gcomhar le tascfhórsaí drugaí agus alcóil agus CHOanna. Comhlíonfaidh sé seo an t-éileamh méadaithe ar sheirbhísí, feabhsóidh sé dearadh seirbhíse, agus neartóidh sé comhtháthú le cúram pobail.