English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Feighan fáilte roimh Fhormheas Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir Frank Feighan TD, an tAire Stáit, ar a bhfuil freagracht as Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Drugaí, fáilte inniu roimh fhormheas na Comhairle Eorpaí de Straitéis nua Drugaí an Aontais Eorpaigh 2021-2025.

Leagtar amach sa straitéis an creat polaitiúil agus na tosaíochtaí do bheartas drugaí an Aontais Eorpaigh sa tréimhse 2021-2025. Athdhearbhaíonn sé tiomantas Bhallstáit an Aontais do chur chuige bunaithe ar fhianaise, cuimsitheach agus cothrom i leith drugaí, agus caomhnú chearta an duine mar chroílár aige.

Dúirt an tAire Feighan:

"Cuirim fáilte roimh fhormheas Straitéis nua Drugaí an Aontais Eorpaigh. Bíonn tionchar ag feiniméan na ndrugaí ar phobail ar fud na hEorpa ar bhealaí éagsúla, ar shláinte, ar chaidreamh teaghlaigh agus sóisialta, foréigean agus sciúradh airgid. Is fadhbanna iad seo nach féidir le Ballstát ar bith dul i ngleic leo ina n-aonar. Soláthraíonn straitéis drugaí an Aontais Eorpaigh na huirlisí chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo i dteannta a gcéile.

"Cuimsítear sa straitéis caibidil nua thiomnaithe ar aghaidh a thabhairt ar dhíobhálacha a bhaineann le drugaí , d’fhonn na rioscaí sláinte agus sóisialta d’úsáideoirí drugaí a chosc nó a laghdú. Cuimsítear anseo bearta chun minicíocht na ngalar tógálach a bhaineann le drugaí a laghdú, chun ródháileoga agus básanna a bhaineann le drugaí a chosc agus chun roghanna eile seachas smachtbhannaí comhéigneacha a sholáthar."

Dúirt an tAire Feighan:

"Cuirim fáilte roimh an bhfócas nua ar riachtanais sláinte daoine a úsáideann drugaí i straitéis an Aontais, rud a léiríonn an cur chuige atá treoraithe ag sláinte inár straitéis náisiúnta, Dochar a Laghdú, Tacú le Téarnamh. Mhol Éire go láidir go n-áireofaí sa straitéis laghdú díobhála, mar aon le beartais thraidisiúnta chun an soláthar agus an t-éileamh ar dhrugaí a laghdú."

Tharraing an tAire Feighan aird ar an mbéim sa straitéis ar roghanna mar mhalairt ar smachtbhannaí comhéigneacha do dhaoine a úsáideann drugaí.

Dúirt sé:

"Tá Éire ag forbairt an chláir atreoraithe sláinte mar mhalairt ar smachtbhannaí coiriúla, a dhéileálann le húsáid drugaí ar dtús mar shaincheist sláinte poiblí. Cuirim fáilte roimh an deis torthaí a roinnt agus dea-chleachtas maidir le roghanna eile mar mhalairt ar smachtbhannaí comhéigneacha a shainaithint le Ballstáit eile.

"Tá Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh tiomanta do thacú le daoine a úsáideann drugaí agus iad a chosaint ó thorthaí diúltacha sláinte. Áirítear leis seo bearta nuálacha um laghdú díobhála a úsáid chun freastal ar dhaonraí ardriosca a bhaint amach, ar nós saoráidí chun drugaí a chaitheamh faoi mhaoirsiú. Neartóidh sé bearta éifeachtacha freisin chun ródháileoga drugaí agus básanna gaolmhara eile a chosc."

Dúirt an tAire Feighan:

"Tharraing COVID-19 aird ar na neamhionannais sláinte a bhíonn ag daoine a úsáideann drugaí. Tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag forbairt bearta laghdaithe díobhála chun grúpaí leochaileacha a chosaint, go háirithe iad siúd a bhfuil spleáchas ar opioidí acu, nó iad siú atá gan dídean nó ar iarphríosúnaigh iad. Tacaíonn Éire go láidir leis an moladh gur chóir go mbeadh an laghdú ar bhásanna de bharr ródháileoige mar phríomhtháscaire chun dul chun cinn a thomhas maidir le cur chun feidhme straitéis an Aontais.

"Is é an chéad chéim eile plean gníomhaíochta don Aontas a fhorbairt, a leagfaidh amach bearta nithiúla chun na tosaíochtaí i Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh a bhaint amach."

Dúirt an tAire Feighan:

"Tá Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh agus an plean gníomhaíochta atá le teacht an-tráthúil mar go mbeidh sí mar bhonn eolais don athbhreithniú meántéarmach ar ghníomhartha sa straitéis náisiúnta drugaí. Ní féidir le hÉirinn aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ndrugaí inar leithligh gan ár gcomhghleacaithe Eorpacha. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil sineirgíocht idir an Aontas Eorpach agus straitéisí náisiúnta agus go mbaintear leas as na deiseanna a chuirtear ar fáil i straitéis an Aontais chun foghlaim agus dea-chleachtas a roinnt idir na Ballstáit."


Nótaí

Tá an Straitéis Drugaí an AE 2021-2025 comhdhéanta d’ocht dtosaíocht straitéiseacha tógtha ar thrí théama beartais:

  • laghdú ar sholáthar drugaí: Slándáil a Fheabhsú
  • laghdú ar éileamh ar dhrugaí: cosc, seirbhísí cóireála agus cúraim
  • aghaidh a thabhairt ar dhochar a bhaineann le drugaí

Faoi laghdú ar sholáthar drugaí / slándáil fheabhsaithe, díríonn an straitéis ar gach gné de mhargadh na ndrugaí aindleathacha, agus áirítear léi coireacht a bhaineann le drugaí a chosc, a dhíspreagadh agus cur isteach uirthi, go háirithe coireacht eagraithe, trí chomhar breithiúnach agus forfheidhmiú an dlí, faisnéis, díchumasú, sócmhainní coiriúla a choigistiú, imscrúduithe agus bainistíocht teorann.

Cuimsítear sa téama laghdaithe éileamh ar dhrugaí raon beart athneartaithe frithpháirteach lena n-áirítear cosc, brath agus idirghabháil luath, comhairleoireacht, cóireáil, athshlánú, athimeascadh sóisialta agus téarnamh.

Is éard atá i gceist le haghaidh a thabhairt ar dhochar a bhaineann le drugaí ná bearta agus beartais chun na rioscaí agus an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann d’úsáideoirí, don tsochaí agus i suíomhanna príosúin a chosc nó a laghdú. Cumhdaítear ann chomh maith gnéithe cosúil le leitheadúlacht agus minicíocht galair thógálacha a bhaineann le drugaí a laghdú, ródháileoga agus básanna a bhaineann le drugaí a chosc agus roghanna eile a sholáthar mar mhalairt ar smachtbhannaí comhéigneacha.

Aithnítear sa straitéis trí thosaíocht leathana freisin:

  • comhar idirnáisiúnta: ról an Aontais Eorpaigh mar bhróicéir domhanda a fheabhsú do bheartas drugaí atá dírithe ar dhaoine agus atá dírithe ar chearta an duine
  • taighde, nuálaíocht agus fadbhreathnú: na hacmhainní cuimsitheacha taighde agus fadbhreathnaitheacha riachtanacha a sholáthar don Aontas agus do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le drugaí
  • comhordú, rialachas agus cur i bhfeidhm: lena gcinntítear go gcuirtear an straitéis chun feidhme i gceart, lena n-áirítear an tIonad Faireacháin Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí, Europol, agus an tsochaí shibhialta

Is féidir teacht ar Straitéis Drugaí an Aontais Eorpaigh anseo.