Cuireann an tAire Harris fáilte roimh an gceadú ón Aontas Eorpach le haghaidh ORKAMBI a chur ar fáil do leanaí idir 6-11 bliain d’aois a bhfuil Fiobróis Chisteach orthu
- Foilsithe: 11 Eanáir 2018
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2019
Chuir Simon Harris, an tAire Sláinte, fáilte inniu roimh an bhfógairt ó Vertex Pharmaceuticals go bhfuil ceadú ón Aontas Eorpach faighte aige le haghaidh ORKAMBI a chur ar fáil do leanaí idir 6-11 bliain d’aois a bhfuil Fiobróis Chisteach orthu.
Tá ORKAMBI ceadúnaithe cheana féin d’othair atá 12 bhliain d’aois nó níos sine agus aisíoctar costais na cóireála in Éirinn faoi láthair.
Dúirt an tAire Harris, “Is dea-scéala é d’othair a bhfuil Fiobróis Chisteach orthu go mbeidh ORKAMBI ar fáil go luath do leanaí óga freisin tar éis don Aontas Eorpach ceadú a thabhairt.
Chinntíomar go mbeadh an t-aoisghrúpa sin ar áireamh sa chomhaontú a rinneadh le Vertex sa bhliain 2017, faoi réir údarú margaidh a fháil san Eoraip.”
Cuirfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na socruithe riachtanacha aisíocaíochta i bhfeidhm don aoisghrúpa nua thar na seachtainí atá romhainn.
CRÍOCH