English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Harris fáilte roimh an tuarascáil bhliantúil ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann agus molann sé don phobal difríocht ríthábhachtach a dhéanamh trí fhuil a dheonú

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Chuir Simon Harris, an tAire Sláinte, fáilte inniu roimh fhoilsiú na Tuarascála Bliantúla ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann don bhliain 2018.

Léirítear sna figiúirí go raibh méadú ann ar an líon daoine a dheonaigh fuil agus ar an líon daoine a dheonaigh fuil den chéad uair riamh araon an bhliain seo caite.

Dúirt an tAire:

“Tháinig roinnt dúshlán roimh an tSeirbhís Fuilaistriúcháin sa bhliain 2018, agus Stoirm Emma ar cheann de na dúshláin ba shuntasaí díobh.

“Tháinig laghdú mór ar an soláthar fola de bharr na stoirme toisc gur ghá clinicí a chealú ar fud na tíre lena linn. Léirigh muintir na hÉireann sárcheannaireacht le linn an ama sin agus lean siad le fuil a dheonú agus leis an soláthar ríthábhachtach fola a chothabháil inár n-ospidéil.”

Dúirt an tAire freisin:

“Gach bliain, teastaíonn fuilaistriú ó thart ar 1% den daonra agus teastóidh fuil ó dhuine amháin as gach ceathrar dínn am éigin sa saol. Teastaíonn 3,000 deonú fola gach seachtain ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann chun freastal ar an éileamh.

“Léirítear sa tuarascáil go raibh méadú ann ar an líon daoine a dheonaigh fuil agus ar an líon daoine a dheonaigh fuil den chéad uair riamh araon an bhliain seo caite i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Léirítear inti freisin gur gá dúinn feabhsuithe a dhéanamh. Ní bhíonn ach líon beag daoine sa chatagóir aoise 18-24 bliain ag deonú fola agus is gá dúinn féachaint ar bhealaí inar féidir linn an líon sin a mhéadú.

“Gach seachtain, cabhraítear le hothair in ospidéil fud fad na tíre téarnamh mar go mbíonn fáil réidh ann ar fhuil. Mholfainn do gach deontóir fola agus do gach duine ar mhaith leo a bheith ina ndeontóirí fola cuairt a thabhairt ar an gclinic is gaire dóibh agus fuil a dheonú.”

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi incháilitheacht deontóirí agus faoi na clinicí atá lonnaithe sa tír, téigh chuig an suíomh Gréasáin www.giveblood.ie

CRÍOCH