English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Murnane O’Connor fáilte roimh fhoilsiú taighde nua ar dheochanna sluisí le gliocról iontu

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Márta 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí, Jennifer Murnane O'Connor, fáilte inniu roimh fhoilsiú tuarascála ar Dheochanna Sluisí le Gliocról iontu.

Glycerol intoxication syndrome in young children, following the consumption of slush ice drinks’ is teideal don taighde agus scríobh grúpa cliniceoirí atá lonnaithe in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe é agus foilsíodh é sa British Medical Journal Archives of Disease in Childhood.

I measc mholtaí na tuarascála, moltar go ndéanfadh leanaí faoi bhun ocht mbliana d'aois deochanna sluisí a sheachaint.

Dúirt an tAire Murnane O’Connor:

"Mar Aire ina bhfuil sábháilteacht bia agus cur chun cinn na sláinte faoi mo chúram agam, fáiltím roimh fhoilsiú an pháipéir taighde seo, agus d'iarr mé ar mo Roinn agus ar Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an pháipéir. Is tosaíocht do mo Roinn í sláinte phoiblí do leanaí agus leanfaidh mé orm ag tacú le hobair gníomhaireachtaí lena n-áirítear Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann agus Safefood sa réimse seo."


Nótaí

"Glycerol intoxication syndrome in young children, following the consumption of slush ice drinks’” an teideal a bhí ar an tuarascáil, (British Medical Journal Archives of Disease in Childhood. (Doi 10.1136/archdischild-2024-328109).

Is deochanna iad deochanna oighir sluisí ar féidir gliocról (E 422) a bheith iontu in áit, nó in áit go pointe áirithe, siúcra. Cuidíonn Gliocról leis an uigeacht den sluisí a choinneáil mar atá sé, ionas nach reofar an leacht go hiomán. Is breiseán ceadaithe de chuid an AE é gliocról agus úsáidtear é chun an méid siúcra i ndeochanna a ísliú. Cuidíonn gliocról le cuma slushy a thabhairt do dheochanna oighir agus cé nach bhfuil sé díobhálach go ginearálta, tá imní ann faoina éifeachtaí ar leanaí óga atá faoi bhun deich mbliana d'aois nuair a óltar go leor de. Díoltar deochanna oighir sluisí trí mheaisíní oighir sluisí i siopaí éagsúla agus díoltar iad réamhphacáistithe in ollmhargaí / siopaí miondíola freisin.

Tá deochanna oighir sluisí ag barr na pirimide de bhia sláintiúil ag Treoirlínte Itheacháin Shláintiúil na Roinne Sláinte, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad mar chuid d’aiste chothromaithe shláintiúil agus nár chóir iad a ól ach amháin anois is arís mar mhilseán.

San Aontas Eorpach (AE), údaraítear gliocról (E 422) mar bhreiseán bia i gcomhréir le hIarscríbhinn II de Rialachán (CE) 1333/2008 maidir le breiseáin bia. Ceadaítear é a úsáid ag "quantum satis" i ndeochanna sluisí. Ciallaíonn quantum satis nach sonraítear aon uasleibhéal uimhriúil go beacht, agus ní mór substaintí a úsáid i gcomhréir le dea-chleachtas monaraíochta, ar leibhéal nach airde ná mar is gá chun an cuspóir teicneolaíochta atá beartaithe a bhaint amach agus ar choinníoll nach gcuirtear an tomhaltóir amú.

Tá an tuarascáil dheiridh choimisiúnaithe ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) ar fáil anseo.

Tá moltaí ag Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann (FSAI) faoi láthair maidir le deochanna sluisí anseo.

Tá an cheist seo ardaithe ag FSAI leis an gCoimisiún Eorpach agus le Ballstáit eile. Ba cheart a thabhairt faoi deara go gcaithfear aon athrú ar an reachtaíocht reatha maidir le breiseán bia, a d'fhéadfadh a bheith riachtanach, a dhéanamh ar leibhéal na hEorpa.