English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Sláinte an Bille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2024 faoi bhráid an Oireachtais.

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Iúil 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuirfidh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly T.D., tús inniu le rith an Bhille Sláinte Poiblí (Tobac) (Leasú), 2024 tríd an Oireachtas.

Tríd an reachtaíocht seo, a chuirfear i láthair ag an Dara Céim i nDáil Éireann tráthnóna inniu, méadófar an íosaois díola táirgí tobacgo go 21. Is é an ceann is déanaí é i sraith beart atá deartha chun an ráta de chaitheamh tobac a laghdú agus chun daoine óga a dhíspreagadh tabhairt faoin iompar dochrach seo.

Ag brath ar conas a éiríonn leis ag gach céim den Oireachtas san Fhómhar, tiocfaidh an tAcht i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2028. Tugann sé seo tréimhse ama ionas nach ndéanann sé difear dóibh siúd atá i dteideal táirgí tobac a cheannach cheana féin, i.e. daoine os cionn 18 mbliana d'aois ach faoi bhun 21 bliain d'aois.

Foráiltear leis an mBille go leathnófar pionóis reatha d'aon duine a chiontaítear as táirgí tobac a dhíol le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois chun ciontuithe a bhaineann le díolacháin le daoine faoi bhun 21 bliain d'aois a chur san áireamh, lena n-áirítear fíneálacha suas le €4,000 nó sé mhí príosúnachta, nó iad araon, as an gcéad chion.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Tá an-áthas orm an Bille seo a thabhairt isteach inniu agus mo thiomantas d'achtú a chomhlíonadh chomh luath agus is féidir chun sláinte ár ndaonra a chosaint.

“Léiríonn an reachtaíocht seo, lena n-áirítear forálacha maidir le pionóis láidre, go bhfuilimid ag druidim leis an gcríoch dár gcogadh le tobac indóite. Is táirgí andúile agus marfacha iad seo, a mharaíonn beirt as gach triúr, a íslíonn ionchas saoil 10 mbliana ar an meán agus a chruthaíonn raon ollmhór breoiteachta agus míchumais inchoiscthe.

“Tá Éire ina ceannródaí idirnáisiúnta le fada maidir le dul i ngleic le caitheamh tobac, ag tosú leis an gcosc ar chaitheamh tobac san ionad oibre in 2004 agus ag leanúint ar aghaidh le raon beart eile, lena n-áirítear srianta maidir le táirgí tobac a dhíol, a phoibliú agus a phacáistiú chun iad a dhéanamh mítharraingteach agus níos deacra le fáil i measc daoine óga.

“Tá a fhios againn ó fhianaise go hidirnáisiúnta gur dócha go díspreagfaidh ardú na híosaoise seo déagóirí chun tabhairt faoi chaitheamh tobac agus gur dócha go dtiocfaidh laghdú iomlán 12% ar leitheadúlacht caitheamh tobac dá bharr. Chun ár ndaoine óga a chosaint, leanaimid orainn ag brú ar aghaidh i dtreo ár sprioc Éire saor ó thobac a bhaint amach."

Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Drugaí Colm Burke T.D.:

“Bhí tionchar láidir buan ag tionscnaimh roimhe seo ar shláinte an phobail trí rátaí de chaitheamh tobac a laghdú, ach ní féidir linn a bheith réchúiseach. Ciallaíonn an t-ardú d’íosaois díola táirgí tobac go 21 seo go bhfuil níos lú seans ann go mbeidh daoine óga i ngrúpaí sóisialta leo siúd ar féidir leo toitíní a cheannach go dleathach. Chomh maith leis sin, beidh caitheamh tobac níos do-ghlactha i measc na n-óg agus cuirfidh sé drogall ar dhaoine fásta iad a cheannach thar ceann leanaí.

“Is beart ríthábhachtach é seo a chabhróidh leis na glúnta daoine óga an dochar a bhaineann le táirgí tobac a sheachaint, an t-ualach ar ár seirbhís sláinte a laghdú agus le sláinte daonra níos fearr a chothú. Táim ag súil le bheith ag obair leis an Aire Donnelly chun an Bille ríthábhachtach seo a chur chun cinn tríd an Oireachtas.


Nótaí:

Tá sé mar aidhm ag Éirinn a bheith ar an gcéad tír san AE chun íosaois díola táirgí tobac a ardú go 21 bliain d'aois. Tá dlí achtaithe ag an Laitvia chun íosaois an díolacháin a ardú go 20 in 2025.

Ní bheidh tionchar ag an reachtaíocht atá beartaithe ar an íosaois dhlíthiúil a bhaineann le táirgí ionanálaithe nicitín nó vapes a dhíol. Ó mhí na Nollag i leith, tá cosc curtha ar dhíol vapes le daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois. Níl aon mholadh ann faoi láthair an cosc sin a shíneadh go dtí 21 bliain d'aois.