Cuireann an tAire Sláinte fáilte roimh reachtaíocht a chuireann cosc ar dhíol toitíní leictreonacha le daoine faoi 18 mbliana d'aois
- Foilsithe: 5 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireann an tAire Sláinte Stephen Donnelly fáilte inniu roimh chur i gcrích an Bhille Sláinte Poiblí (Táirgí Tobac agus Táirgí Ionanálaithe Nicitín), 2023, in dhá Theach an Oireachtais. Seolfar anois an Bille chuig Uachtarán na hÉireann le síniú.
D'iarr an tAire Donnelly ar oifigigh na Roinne an Ionstraim Reachtúil riachtanach a ullmhú láithreach, ionas go dtiocfaidh an cosc ar dhíol táirgí ionanálaithe nicitín, lena n-áirítear toitíní leictreonacha nó 'vapes', le daoine faoi 18 mbliana d'aois i bhfeidhm roimh an Nollaig.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá lúcháir orm go bhfuil an Bille seo tar éis dul trí gach céim in dhá Theach an Oireachtais. Seolfar anois é chuig Uachtarán na hÉireann le síniú agus táimid ar sprioc le cinntiú go mbeidh an cosc ar dhíolachán táirgí ionanálaithe nicitín le páistí, cosúil le toitíní leictreonacha, i bhfeidhm roimh an Nollaig.
“Seoladh ár gcomhairliúchán poiblí maidir le rialáil bhreise toitíní leictreonacha an 25 Samhain. Tá tuairimí uainn maidir le cosc díolphointe, le pacáistiú, le blasanna agus le hidirghabhálacha eile chun an mhealltacht de thoitíní leictreonacha a laghdú dár bpáistí. Táim ag tnúth go mór le torthaí an chomhairliúcháin agus le tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun sláinte ár bpáistí a chosaint."
Chomh maith le cosc a chur ar dhíol táirgí ionanálaithe nicitín le daoine faoi 18 mbliana d'aois, cuirfidh an Bille:
- Cosc ar dhíol táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín ag imeachtaí do pháistí;
- Cosc ar dhíol féinseirbhíse de tháirgí tobac agus tháirgí ionanálaithe nicitín;
- Córas dian ceadúnaithe a chur i bhfeidhm chun táirgí tobac agus táirgí ionanálaithe nicitín a mhiondíol;
- Cosc ar fhógraíocht a bhaineann le táirgí ionanálaithe nicitín timpeall scoileanna agus ar chóras iompar poiblí;
- Cumhachtaí breise forfheidhmithe ar fáil don tSeirbhís Sláinte Comhshaoil le haghaidh bearta sa Bhille agus do gach Acht um Rialú Tobac roimhe seo.