Cuireann an tAire Sláinte in iúl go bhfuil sé ar intinn aige comhaontú déthaobhach saothair a fhorbairt le haghaidh altranais agus cnáimhseachais leis an gCéinia
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Sláinte inniu go bhfuil sé ar intinn aige forbairt múnla nua maidir le forbairt lucht saothair déthaobhach agus maidir le himirce don altranas agus don chnáimhseachas a chur chun cinn. Díreofar leis an gcomhoibriú seo idir oifigigh na hÉireann agus oifigigh na Céinia ar phleanáil lucht saothair san earnáil sláinte trí aghaidh a thabhairt ar an nganntanas altraí agus cnáimhseach in Éirinn agus infheistíocht a dhéanamh i bhforbairt leanúnach na ngairmeacha seo sa Chéinia. Cuirfidh an comhaontú déthaobhach leis an lucht saothair domhanda altranais agus cnáimhseachais a mhéadú ar bhealach bainistithe agus inbhuanaithe.
Tá oifigigh ón dá thír ag obair leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) chun múnla nua um fhorbairt lucht saothair déthaobhach agus um imirce, agus a bheidh chun tairbhe an dá taobh, a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh air. Cloífidh an múnla seo le prionsabail Chód Cleachtais Domhanda EDS maidir le Pearsanra Sláinte a Earcú ar bhonn Idirnáisiúnta agus leis an treoraíocht a d'eisigh EDS agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) in 2024.
Tá na luachanna agus tosaíochtaí céanna ag Éirinn agus ag an Chéinia maidir leis an lucht saothair altranais agus cnáimhseachais, agus tuigeann siad an ghá atá le cineálacha cur chuige inbhuanaithe, réamhbhreathnaitheacha agus cothroma i leith fhorbairt lucht saothair sa bhaile agus i leith imirce.
Ní hionann in aon chor na dúshláin atá roimh an dá thír. In ainneoin iarrachtaí Rialtas na Céinia a chinntiú go bhfuil díorma oibrithe sláinte leordhóthanacha dea-oilte sa tír, is dúshlán iad srianta fioscacha do chéimithe nua a ionsú isteach sa mhargadh saothair baile. Ar an taobh eile den scéal, tá easnamh in Éirinn maidir le líon na gcéimithe san altranas agus sa chnáimhseachas i gcomparáid le líon na bhfolúntas. Tá dul chun cinn nach beag déanta ag Éirinn maidir lena soláthar altraí agus cnáimhseach a mhéadú agus tháinig méadú ar líon na n-altraí agus na gcnáimhseach ar an rolla don chéad bhliain ó 1,570 in 2014 go 1,920 in 2022, agus bhí thart ar 200 duine sa bhreis ar an rolla don chéad bhliain in 2023. Tá stair ag Éirinn maidir le teacht agus imeacht oibrithe sláinte ar imirce agus tá sí ag tnúth le fáilte a chur roimh altraí agus cnáimhseacha ón gCéinia chuig a seirbhís sláinte faoin tionscnamh seo.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Tá Éire tiomanta do lucht saothair inbhuanaithe sláinte agus cúraim baile a fhorbairt, lena n-áirítear altraí agus cnáimhseacha. Tá dul chun cinn suntasach déanta againn maidir le líon na n-áiteanna d'fhochéimithe a mhéadú. Tá sé mar thosaíocht agam a chinntiú go gcoimeádfaimid ár gcéimithe agus go gcuirfimid conair gairme a mheallfaidh daoine ar fáil.
“Tuigim gur ábhar imní na treochtaí domhanda maidir le himirce lucht saothair le blianta beaga anuas, agus tíortha ar ioncam níos airde ag baint tairbhe díréireach as soghluaiseacht gairmithe sláinte, agus d’fhéadfadh gur beag an tairbhe a bhaineann an tír as a dtagann na gairmithe sin le hais sin.
“Trí oibriú i gcomhar leis an gCéinia, ag teacht lenár bprionsabail chomhroinnte agus leis an treoir ó EDS agus ó ECFE maidir le dea-chleachtas, is féidir linn bonn eolas a chur le glúin nua de chomhaontuithe déthaobhacha maidir le himirce lucht saothair sláinte a bheidh cothrom agus eiticiúil."
World Health Organization (WHO) (2010). WHO Global Code of Practice on the International Recruitment of Health Personnel
Nótaí don eagarthóir:
An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) / An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) (2024). Comhaontuithe déthaobhacha maidir le himirce agus soghluaisteacht oibrithe sláinte: Na tairbhí don chóras sláinte a uasmhéadú agus cearta agus leas an lucht saothair sláinte a chosaint trí earcaíocht idirnáisiúnta atá cothrom agus eiticiúil.
Amhail Lúnasa 2024, bhí 27,901 ball foirne níos mó ag obair san FSS ná mar a bhí ag deireadh mhí na Nollag 2019/tús 2020. Sin méadú 23% agus áirítear leis 9,375 altra agus cnáimhseach breise.